An Rialtas ag dul ó mhuineacha na paindéime isteach i ndriseacha na géarchéime tithíochta

Má tá dóchas ag an rialtas go dtiocfaidh feabhas ar a seasamh polaitiúil de bharr oscailt na heacnamaíochta, léiríonn an mhíshástacht lena bpolasaí tithíochta nach mbeidh sé comh héasca ag deireadh thiar

An Rialtas ag dul ó mhuineacha na paindéime isteach i ndriseacha na géarchéime tithíochta

Faoi dheireadh, tá an chosúlacht ann go bhfuil muid ag fáil an lámh in uachtar ar an ngalar Covid-19, agus líon na vacsaínithe ag dul i méad gach lá.

Cinnte, tá fadhbanna ann i gcónaí agus tá mearbhall ar dhaoine faoi na haoisghrúpaí, go háirithe maidir le AstraZeneca nó Johnson & Johnson a fháil. Ach tá sé réalaíoch a bheith ag caint faoi athoscailt na heacnamaíochta faoi lár an tsamhraidh.

Tá dóchas mór ag an rialtas, agus ag Fianna Fáil go háirithe, go ndéanfaidh daoine dearmad ar na botúin, ar an éiginnteacht, ar an bpraiseach maidir leis na vacsaíní a fháil, is go dtiocfaidh feabhas dá réir ar sheasamh na bpáirtithe sna pobalbhreitheanna.

Feicfimid, ach bheadh drogall orm mórán airgid a chur síos ar a leithéid.

Tá baol eile ann, ar ndóigh. Ní mór a bheith cúramach i dtaobh na hathoscailte mar léiríonn na figiúirí laethúla go bhfuil a dhá oiread cásanna in aghaidh an lae againn ná mar a bhíothas ag súil.

Agus má thiteann an tóin as an iarracht seo an galar a chur faoi chos má bhíonn l orainn filleadh ar an dianghlasáil, beidh praghas mór le híoc ag an rialtas faoi.

Ach an bhfuil aon cheachtanna foghlamtha againn?  Ní fheicim go bhfuil. Tá cuid mhór den mhilleán ar an Aontas Eorpach mar gheall ar na deacrachtaí toisc go raibh siad – is go mbíonn siad i gcónaí – rómhall is rólag ag ceadú vacsaíní a úsáid. Tá cosc fós ag an Aontas ar vacsaíní na Rúise agus na Síne, agus is cosúil nach bhfuil ach an t-aon chúis amháin leis an gcosc sin – cur i gcoinne idé-eolaíoch.

Tá an tAontas ag caint anois faoi dhearbhaithe vacsaíne a thabharfaidh cead do dhaoine, a fuair vacsaín, taisteal san Aontas.  Ach arís, tá sé seo le teorannú don cheithre vacsaín atá ceadaithe ag an Aontas, cé go bhfuil Sputnik, mar shampla, in úsáid san Ungáir agus san tSlóvaic.

Agus mar bharr ar an donas, i ndiaidh dóibh conradh fabhtach a dhéanamh le AstraZeneca thiontaigh an tAontas ar an maistíneacht le cur in iúl don phobal go raibh siad in ann an fód a sheasamh.

Cur i gcéill ar fad, ar ndóigh.

D’fhan an rialtas dílis don Aontas, ámh, agus d’fhan siad ina dtost, fiú nuair a bhí cáineadh láidir ardghlórach á dhéanamh orthu ag stáit eile. Níl a fhios againn cé mhéad duine a fuair bás mar gheall ar na faillíocha seo.

Agus cé go bhfuil feabhas anois ar an gclár vacsaínithe tá muid go mór taobh thiar den Tuaisceart, agus táimid sa 13ú háit i measc bhallstáit an Aontais maidir le céatadán na ndaoine a bhfuil vacsaín faighte acu. 33% in Éirinn i gcomparáid le breis is 50% ó thuaidh.

Le linn na géarchéime seo ar fad, bhí an rialtas ag éisteacht an iomad le lucht gnó, agus d’íocamar praghas air sin cinnte.  Tá sé éasca anois ar ndóigh súil siar a chaitheamh ar chúrsaí agus a rá nach raibh sé ciallmhar an geilleagar a oscailt chomh mór is a rinneamar roimh Nollaig, ach tá cuid den dearcadh céanna le tabhairt faoi deara sna ráitis is déanaí ón rialtas.

Ní mór dúinn a bheith cúramach, ach an féidir linn muinín a bheith againn as an rialtas?

Má tá dóchas ag an rialtas go dtiocfaidh feabhas ar a seasamh polaitiúil de bharr oscailt na heacnamaíochta, léiríonn an mhíshástacht lena bpolasaí tithíochta nach mbeidh sé comh héasca ag deireadh thiar.

Tá fearg ar an bpobal gur féidir le creachchiste teacht isteach is eastát nua-thógtha iomlán a cheannach, mar a rinneadh i Maigh Nuad. Ní dóigh liom gur leor don Taoiseach a rá nach bhfuil sé sin inghlactha: tá Micheál Martin ina Thaoiseach is caithfidh sé stop a chur lena leithéid. Ach cén chaoi a ndéanfaidh sé sin gur toradh ar pholasaithe tithíochta is cánach an rialtais atá i ngníomhaíocht na gcreach-chistí?

Is tá fearg ar dhaoine nach féidir leo teach a fháil faoin mbille tithíochta atá tugtha isteach ag an rialtas.  Má chreideann Darragh O’Brien gur praghas inaisíoctha é €450,000 i mBaile Átha Cliath, nó €400,000 i gCorcaigh nó Gaillimh, ní mhaireann sé sa saol céanna leis an gcuid eile dínn.

Agus cén mhaith 6,000 teach sóisialta – thar thréimhse ceithre bliana – nuair atá timpeall 90,000 teaghlach ar na liostaí feithimh cheana féin?

Is cosúil, i bhfianaise an achrainn seo, go bhfuil an rialtas ag dul ó mhuineacha na paindéime isteach i ndriseacha na géarchéime tithíochta agus na ceisteanna eile a chuir oiread sin brú ar na páirtithe rialtas roimh an olltoghchán.

Tuigeann John Lahart i bhFianna Fáil agus roinnt mhaith Teachtaí Dála eile é seo. Ach, i ndáiríre, an féidir leis an rialtas aon rud a dhéanamh a athróidh an scéal?

Fág freagra ar 'An Rialtas ag dul ó mhuineacha na paindéime isteach i ndriseacha na géarchéime tithíochta'