An Rialtas ag cuimhneamh ar ghrúpa nua a bhunú a chuirfeadh comhairle orthu maidir leis an bpaindéim

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil inniu go bhféadfaí grúpa nua comhairleoirí a bhunú le comhairle a chur ar an Rialtas faoin bhfeachtas in aghaidh an choróinvíris, obair atá ar siúl ag NPHET faoi láthair

An Rialtas ag cuimhneamh ar ghrúpa nua a bhunú a chuirfeadh comhairle orthu maidir leis an bpaindéim

Tá an Rialtas ag cuimhneamh ar ghrúpa nua a bhunú a chuirfeadh comhairle orthu maidir le láimhseáil na paindéime, obair atá ar siúl ag NPHET faoi láthair.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil inniu go bhféadfaí grúpa nua comhairleoirí a bhunú le comhairle a chur ar an Rialtas faoin bhfeachtas in aghaidh an choróinvíris.

Bheadh an grúpa nua difriúil ón bhFoireann um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) sa mhéid is go mbeadh comhairleoirí air ó réimsí éagsúla.

Dúirt an Taoiseach, áfach, nach raibh aon athrú ar an gcur chuige atá faoi láthair ag an Rialtas, is é sin go ndéantar na cinntí i leith na paindéime bunaithe ar chomhairle NPHET.

D’fhógair an tAire Sláinte Simon Harris sa Dáil tráthnóna go raibh grúpa eile saineolaithe le bunú chun féachaint ar chás na dtithe altranais agus chun a chinntiú go dtabharfaí cosaint mar ba chóir do dhaoine i dtithe altranais. Ceathrar atá le bheith sa ghrúpa, saineolaí sa tsláinte phoiblí, geiriatraí, altra sinsearach agus duine eile a thiocfadh ón bpobal. Dúirt Harris go raibh súil aige go mbeadh a gcuid oibre curtha i gcrích an ngrúpa agus a gcuid moltaí déanta acu faoi dheireadh na míosa seo chugainn.

De réir an eolais is déanaí ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) bhí baint le hionad cúraim ag 958 den 1,571 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo, nó 62%. Bhain 851 de na cásanna sin, nó 54% acu, le tithe altranais.

Rinneadh cáineadh sa Dáil inniu ar ghnéithe de phlean díchuibhrithe an Rialtais, ag áireamh cúrsaí cúraim leanaí.

Chosain an Taoiseach Leo Varadkar cur chuige “stuama mall” an Rialtais maidir le scaoileadh na srianta dianghlasála agus dúirt sé go rabhthas ag obair cheana féin ar na hullmhúcháin den dara ráig den ghalar a d’fhéadfadh teacht sa bhfómhar.

Cháin ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald cur chuige an rialtais maidir le mná atá ar saoire mháithreachais agus maidir le cúram leanaí. Dúirt sí go gcaithfí reachtaíocht a thabhairt isteach chun déileáil leis an scéal go raibh mná atá ar saoire mháithreachais “coinnithe amach ar fad” ón scéim fóirdheontais pá.

Dúirt Mary Lou McDonald gur údar “alltachta” ab ea é nach raibh plean “indéanta”  ó thaobh cúram leanaí ina dhlúthchuid de phlean díchuibhrithe an Rialtais. Bhí alltacht uirthi leis, a dúirt ceannaire Shinn Féin, go rabhthas anois ag féachaint ar chur chuige ‘pod’ na hIorua i leith cúram leanaí.

Faoin gcur chuige sin, tugann na cúramóirí céanna aire don ghrúpa beag leanaí céanna sa seomra céanna agus bíonn na bréagáin chéanna á n-úsáid acu.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin nach raibh “ciall ar bith” le cead a thabhairt do dhaoine  siopaí áirithe a oscailt agus siopaí áirithe eile fós iata, rud, dar leis, a bhí ag déanamh dochar do sheasamh phlean an Rialtais i measc an phobail.

Dúirt sé gur “amaidí” a bhí ann ligint do shiopaí crua-earraí oscailt ach gan cead a thabhairt do lucht na siopaí earraí tí déanamh amhlaidh.

Dúirt ceannaire pháirtí an Lucht Oibre Alan Kelly go raibh sé craiceáilte nach raibh cead ag daoine a bheith i seomra na Dála ach ar feadh dhá uair an chloig. Sochaí dhá leibhéal an toradh a bheadh ar a leithéid, a mhaígh sé, agus riail amháin ann do Theachtaí Dála agus riail eile ann do dhaoine eile.

Dúirt ceannaire an Chomhaontais Ghlais Éamon Ryan go gcaithfí conairí rothaíochta a chur ar fáil sna bailte agus sna cathracha mar chuid den phlean le teacht slán ón bpaindéim.

Dúirt an Taoiseach chomh maith inniu nach raibh a leithéid de rud ann agus “airgead in aisce” agus go gcaithfí aon iasachtaí a gheofaí chun teacht slán ón bpaindéim a íoc ar ais.

Fág freagra ar 'An Rialtas ag cuimhneamh ar ghrúpa nua a bhunú a chuirfeadh comhairle orthu maidir leis an bpaindéim'