An réalta siamsaíochta a spreag ‘an dúil sa ghnéas i ngach uile pháiste’ sa Bhrasaíl

D’fhreastail ár gcolúnaí ar sheó de chuid Xuxa, réalta siamsaíochta ‘a spreag an dúil sa ghnéas i ngach uile pháiste a d’fhás aníos sa Bhrasaíl sna hochtóidí, sna nóchaidí agus sna náideanna’

An réalta siamsaíochta a spreag ‘an dúil sa ghnéas i ngach uile pháiste’ sa Bhrasaíl

Tá os cionn 50 milliún albam ceoil díolta aici, is í an bhean siamsa is saibhre sa Bhrasaíl í, bhí an peileadóir Pelé agus an rásaí Ayrton Senna mar leannáin aici agus, más fíor, d’iarr Michael Jackson uirthi bogadh isteach leis ar rainse Neverland.

Agus, dar le mo chara Felipe (34), ‘spreag sí an dúil sa ghnéas i ngach uile pháiste a d’fhás aníos sa Bhrasaíl sna hochtóidí, sna nóchaidí agus sna náideanna’.

Xuxa. (Foghraigh: ‘Siú-seá’.) Nó ‘Banríon na mBeag’, mar a thugtar ar an mbean seo a chuir cláracha teilifíse do pháistí i láthair ar feadh tríocha bliain agus a d’eisigh 28 albam ceoil. Is léi ceithre cinn de na deich n-albam is fearr díol riamh sa Bhrasaíl.

An tseachtain seo caite, bhí sí ansin os mo chomhair, ag seó do dhaoine fásta. Bhí mo chara Felipe tar éis ticéad a cheannach dom. Nuair a sheas Xuxa amach as spáslong i lár an ardáin, chuaigh Felipe agus na mílte duine eile, iad ar fad sna tríochaidí agus sna daichidí, le báiní. Bhí liricí a cuid amhrán de ghlanmheabhair ag gach duine beo, agus níorbh fhada go raibh deora ag sileadh le gruanna – grua Xuxa féin san áireamh.

A mheaisín ama, tabhair leat mé…’ a chas an slua, agus sciobadh a raibh i láthair ar ais go laethanta órga a n-óige, nuair nach raibh fadhbanna grá ag aon duine, gan trácht ar shaol gnéis.

Ach an amhlaidh nach raibh?

Thuig Xuxa i bhfad siar go bhfuil dúil bhunúsach ag an bpáiste i gcúrsaí gnéis. I mná a mbíonn a dtóineanna á luascadh anonn is anall go fíochmhar acu, i bhfir a mbíonn matáin a mboilg ar taispeáint acu agus nach bhfágann na brístí teanna orthu tada don tsamhlaíocht, sa phóg a fhágann lorg beoldatha ar leiceann, sa teanga a líonn líreacán mar a bheadh maide rúnda fíorbhlasta ann.

Más rud é gur chuir na habairtí thuas míchompord ort, samhlaigh an míchompord a bhí ormsa á scríobh. Páistí agus gnéas: is í tuairim na coitiantachta nár cheart an dá fhocal sin a lua san aon abairt amháin.

Ach níl íomhá sna habairtí thuas nár chuir Xuxa os comhair na gcéadta milliún páiste le breis agus tríocha bliain anuas.

Tá mo chara Felipe ar dhuine de na páistí sin. 

Nuair a dúirt sé ‘is í Xuxa a spreag an dúil sa ghnéas i ngach uile pháiste a d’fhás aníos sa Bhrasaíl sna hochtóidí, sna nóchaidí agus sna náideanna’, is le teann buíochais a dúirt sé é.

Agus níl dabht ar bith orm ach go mbeinnse féin ar aon tuairim leis dá mbeinn féin tar éis fás aníos sa Bhrasaíl.

Fág freagra ar 'An réalta siamsaíochta a spreag ‘an dúil sa ghnéas i ngach uile pháiste’ sa Bhrasaíl'

  • Joe

    Sílim go dtuigimse d’argóint, a Alex, ach ar bhealach, ach tá na rialacha sóisialta atá againn ann ar chúis i mo thuairim. Tá an iomarca gnéasaithe ceanna féin sna meáin agus tá sé sin á úsáid mar rud le díol is rud le n-úsáid. Cé gurbh fhéidir linn éalú as na rialacha dochta sóisialta a chuireann faoi chois muid ó thaobh gnéis, ceapaim go bhfuil sé an-tábhachtach gan na smaointe sin a chur isteach in intinn na bpáistí go dtí go bhfuil siad in ann plé leo, i.e., go dtí go bhfuil siad aibí go leor.