‘An raibh tú ag breathnú ar an gCogadh aréir?’ – súil ar oidhreacht George Bush

Agus sochraid George Bush ar siúl inniu, breathnaíonn ár gcolúnaí ar a oidhreacht mar uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá

‘An raibh tú ag breathnú ar an gCogadh aréir?’ – súil ar oidhreacht George Bush

I mí Eanáir 1991 bhí scrúduithe céime na hOllscoile i nGaillimh ar bun i Leisureland Bhóthar na Trá. Ach ní hiad na leidí nó na nodanna do scrúdú an lae a bhíodh ina n-ábhar cainte ag lucht an ranga a raibh mise ann agus muid ag fanacht le dul isteach sa halla. Ag fiafraí dá chéile, ‘An raibh tú ag breathnú ar an gCogadh aréir?’ a bhíodh muid. Bhí cogadh na Murascaille faoi lán seoil agus cuid mhaith de á chraoladh ag CNN. Bhí muid faoi gheasa ag an trodaíocht aeir a bhí ar an teilifís ó oíche go maidin ag an am.

Is dóigh gurbh é seo an chéad chogadh idirnáisiúnta a raibh taithí againn air agus ba bheag plé a rinneadh inár measc ar shuáilcí agus duáilcí an chogaidh a fearadh in aghaidh na hIaráice tar éis do Cheannaire na tíre sin Saddam Hussein an Chuáit a ionsaí. An chuid sin againn a raibh claonadh ionainn a bheith soiniciúil déarfadh muid gur mó baint a bhí ag an gCogadh sin le soláthar ola a chosaint ná leis na gCuáit a chosaint. Ba é George HW Bush a d’fhógair Operation Desert Storm agus rinne sé éacht 35 tír a mhealladh le bheith páirteach sna hionsaithe sa Mheánoirthear. An cheist mhór a chuirtear fós faoin scéal ná cén fáth nár lean siad orthu isteach san Iaráic agus Hussein a ghabháil?

D’fhág an chéad chogadh an réigiún ina phraiseach. Thug Bush ugach do leithéidí phobal na gCoirdíneach féinriail a lorg. Ar thuig sé go spreagfadh sin Saddam Hussein le cinedhíothú a dhéanamh ar an bpobal céanna? Tá na Coirdínigh fós ar an anchaoi beagnach deich mbliana fichead dár gcionn.

Tháinig an cogadh na Murascaille ag deireadh cheann de na tréimhsí ba chorraí sa taidhleoireacht idirnáisiúnta tráth ar thit an tAontas Sóivéadach as a chéile agus ar leagadh Balla Bheirlín. Tugadh an Cogadh Fuar chun críche. Rinneadh athaontú ar an nGearmáin. Moladh Uachtarán na Stát Aontaithe ag an am as an mbealach stuama ar láimhseáil sé na hathruithe sin ar fad a bhí ag tarlú.

Ar an drochuair, fad agus a bhain lena shaol polaitiúil féin sa bhaile, thug George HW Bush an iomarca airde ar a chuid dualgas idirnáisiúnta. D’fhág sin gur bheag tuiscint a bhí aige ar mheon na ndaoine ina thír féin nuair a bhí air dul os a gcomhair in athuair ag iarraidh a gcuid vótaí. Ó rugadh é bhí cleachtadh aige ar shaol na saibhir agus ar chomhluadar na n-uaisle, bíodh sé in Maine nó Connecticut nó i measc lucht  na hola in Texas. Ní raibh aon léargas aige ar shaol na  Meiriceánach sin a bhí ag saothrú a ngreim ó lá go lá. Nuair a bhris sé a gheallúint faoi arduithe cánach, ba chuma leo sin cé mhéad cogadh a bhí buaite ag na Stáit Aontaithe. A saol agus a mbeatha féin ó lá go lá ba thábhachtaí dóibh.

Nach aisteach go bhfuil fear sa Teach Bán anois a tháinig i dtír ar an mothú céanna i measc an phobail, an mothú nár thuig lucht na cumhachta a gcás? Nuair a toghadh é, bhí feachtas an dara hUachtarán Bush bunaithe ar an tuairim gur cheart díriú ar cheisteanna sa mbaile. Chiallaigh ionsaithe 9/11 nach raibh de rogha aige ach aghaidh a thabhairt ar an namhaid idirnáisiúnta. Ar ndóigh roghnaigh sé sean-namhaid a athar, Saddam Hussein, agus cumadh cúiseanna lena ionsaí. Beidh sé le rá go deo gur chríochnaigh an mac an scéal ar chuir an t-athair tús leis, cé gur fíor a rá go bhfuil corraíl agus míshuaimhneas sa Mheánoirthear mar thoradh air sin nach réiteofar gan dua.

Tá rud amháin soiléir le cúpla lá anuas – an meas agus an cion a bhí ag go leor i saol poiblí na Stát Aontaithe ar an bhfear séimh cineálta a chaith téarma amháin sa Teach Bán. Ach a oidhreacht? An cogadh nár chríochnaigh sé, agus, a easpa tuisceana ar chúrsaí sa mbaile. Mar a dúirt a chomharba “it’s the economy, stupid”.

Clár-Reachtaire le RTE Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra

Fág freagra ar '‘An raibh tú ag breathnú ar an gCogadh aréir?’ – súil ar oidhreacht George Bush'