An raibh Gaeilge ag Billy the Kid agus an mbíodh sé i mbun na hateangaireachta?

An raibh Gaeilge ag Billy the Kid? Tá an cheist sin á cur athuair ar líne

An raibh Gaeilge ag Billy the Kid agus an mbíodh sé i mbun na hateangaireachta?

Creideann staraí i Meiriceá, Charles ‘Chuck’ Usmar, ar saineolaí ar Billy the Kid é, go bhfuil fianaise aimsithe aige go raibh an meirleach Henry McCarthy, Billy the Kid, ina chainteoir Gaeilge.

Maíonn Usmar freisin gur chabhraigh Billy the Kid le hinimircigh ón tír seo iad féin a chur in iúl sna Stáit Aontaithe i lár an 18ú haois. Inimircigh Éireannacha ab ea tuismitheoirí The Kid féin agus rugadh Billy i Nua-Eabhrac sa bhliain 1859. Faoin am a raibh sé 16 bliain d’aois, bhí a mhuintir tar éis aistriú go New Mexico in iarthar na tíre.

Tá leabhar á scríobh ag Usmar i láthair na huaire faoi Lawrence G. Murphy agus James J. Dolan, beirt Éireannach a throid in aghaidh Billy the Kid le linn Chogadh Chontae Lincoln sna 1870í.

Bhíodh Billy the Kid ag obair do Pat Coghlan, rainseoir as Éirinn a bhí lonnaithe i New Mexico. Maíonn Usmar gur labhair The Kid Gaeilge le neacht le Coghlan nach raibh aon Bhéarla aici.

Deir Usmar go bhfuil an méid sin le léamh in agallamh a thug buachaill bó, Clark Hurst, sa bhliain 1954. Bhí Hurst ag obair do Pat Coghlan freisin. Dar le Usmar, bhíodh The Kid i mbun ateangaireachta don chailín, Mary, agus d’oibrithe feirme a huncail.

Más fíor a maíonn Usmar, d’fhágfadh sé go raibh trí theanga ar a thoil ag Billy the Kid – an Béarla, an Ghaeilge agus an Spáinnis.

Fág freagra ar 'An raibh Gaeilge ag Billy the Kid agus an mbíodh sé i mbun na hateangaireachta?'