An raibh a fhios agat gur féidir leat damhsa i do thráchtas Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad?

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Tá roghanna nua d’ealaíontóirí cruthaitheacha anois ar fáil mar chuid den MA Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad

An raibh a fhios agat gur féidir leat damhsa i do thráchtas Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad?

Tá sruth nua máistreachta dar teideal Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge anois ar fáil mar chuid den MA Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Seo é an chéad chlár máistreachta in Éirinn ina gcuirfear an taighde ealaíonta chun cinn trí mheán na Gaeilge, agus ina bhforbrófar an cleachtas cruthaitheach féin taobh le scileanna teanga, taighde agus anailíse sa Nua-Ghaeilge

Sa chúrsa nua seo in Ollscoil Mhá Nuad, is féidir a bheith i mbun amhránaíochta, damhsa, ceoil, aisteoireachta, nó ceapadóireachta mar chuid de do mhórthogra taighde; is féidir chomh maith an cleachtas cruthaitheach a chur chun cinn mar chuid den obair chúrsa sa mhodúl nua NG636 Taighde Dána: Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge agus féile bheag sna healaíona Gaeilge agus Gaeltachta a eagrú agus a rith mar chuid den mhodúl NG656 Féile Bheag.

Dlúthchuid den chlár nua léinn seo is ea an chomhpháirtíocht nua atá ar bun idir an tOireachtas agus Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, rud a chruthaíonn deis iontach do mhic léinn taithí phraiticiúil a fháil le saineolaithe gairmiúla sna healaíona Gaeilge agus eolas a fháil ar chultúr bríomhar ilghnéitheach na n-ealaíon dúchais in Éirinn.

Cuireann an tOireachtas socrúcháin ghearra oibre ar fáil do mhic léinn, agus bíonn foireann an Oireachtais ar fáil chun comhairle a chur ar na mic léinn agus a bhféile bheag féin sna healaíona Gaeilge agus Gaeltachta á pleanáil agus á reáchtáil acu.
Deis iontach is ea í seo chun scileanna cruthaitheacha a fhorbairt agus foghlaim ó mhórspeisialtóirí i riarachán na n-ealaíon Gaeilge. Is cáilíocht mháistreachta í seo atá oiriúnach d’ealaíontóirí uile na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus dóibh siúd a bhfuil suim mhór acu sna healaíona traidisiúnta agus comhaimseartha i gcoitinne. Is bealach é chun speisialtóireacht sa Ghaeilge agus sna healaíona a fhorbairt ag an am gcéanna. Táthar ag glacadh le hiarratais faoi láthair agus is é an sprioclá ná an 30 Meitheamh 2021.

Is féidir cur isteach ar an MA Nua-Ghaeilge tríd an gcóras PAC ar líne (cód: MHU50 (lánaimseartha) nó MHU51 (páirtaimseartha)). Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas iontrála agus faoin gcúrsa nua le fáil ar shuíomh Roinn na Nua-Ghaeilge agus ón Ollamh le Nua-Ghaeilge agus le Taibhealaíona, Tríona Ní Shíocháin, in Ollscoil Mhá Nuad.

Fág freagra ar 'An raibh a fhios agat gur féidir leat damhsa i do thráchtas Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad?'