An raibh a fhios agat gur col ceathracha Ciarán Cuffe agus Bobby Kennedy?

Agus í ag léamh faoin bhfeisire Eorpach nuathofa Ciarán Cuffe le déanaí tháinig ár gcolúnaí ar bhlúire eolais agus is dona a chreid sí é

An raibh a fhios agat gur col ceathracha Ciarán Cuffe agus Bobby Kennedy?

Ba é toghadh Ciarán Cuffe ina fheisire Eorpach do thoghcheantar Bhaile Átha Cliath, chomh maith le dul chun cinn Chomhaontas Glas sna toghcháin áitiúla, an léargas ba shoiléire in Éirinn den mhaidhm tacaíochta don ghluaiseacht ‘ghlas’ ar fud na hEorpa.

Bhí Cuffe ina iarrthóir sna toghcháin áitiúla freisin agus toghadh gan stró é ar chomhairle cathrach Bhaile Átha Cliath áit a bhfuil sé gníomhach le blianta fada, go háirithe maidir le ceisteanna a bhaineann le hiompar agus cúrsaí tráchta sa gcathair. De bhunadh na Seanchille i ndeisceart an chontae é, ach tá cónaí air le scaitheamh i gceantar Bhóthar na gCloch i lár na cathrach.

Ailtire é Cuffe atá gníomhach le fada i gcúrsaí comhshaoil agus sa ghluaiseacht ghlas. Bhí sé ar dhuine de na Teachtaí Dála a toghadh do Chomhaontas Glas den chéad uair in 2002, i ndáilcheantar Dhún Laoghaire. D’éirigh sé as mar urlabhraí comhshaoil an pháirtí an bhliain dár gcionn nuair a tháinig sé chun solais go raibh luach $70,000 de scaireanna aige i gcomhlachtaí taiscéalaíochta ola. Fuair sé na scaireanna sin le huacht óna mháthair a d’fhág $1.3 milliún aige. Léirigh sé aiféala ag an am nach raibh éirithe leis na scaireanna a dhíol agus rinne sé amhlaidh ina dhiaidh sin.

Ní minic sa saol ina mairimse go gcloistear caint ar uachtaí chomh mór seo agus ag an am rith sé liom – meas tú cérbh í a mháthair? Is beag a chuimhnigh mé faoi ó shin, go háirithe nuair a rinneadh scrios ar an bpáirtí san olltoghchán in 2011. Chaill Cuffe a shuíochán sa toghchán sin.

Agus mé ag léamh faoin bhfeisire nuathofa le déanaí tháinig mé trasna ar bhlúire eolais agus is dona a chreid mé é. Col ceathracha le Ciarán Cuffe iad clann Bobby Kennedy, a dúradh. Seafóid, arsa mise, ach is fíor é.

Chuaigh Luan Peter Cuffe go hOllscoil Harvard i mBoston mar chuid dá chuid oiliúna mar ailtire. Agus é ansin casadh air Patricia Sistine Skakel.

Iníon ab ea ise le George Skakel, fear gnó ab ea a shaothraigh na milliúin nuair a bhunaigh sé an comhlacht Great Lakes Carbon Corporation. Phós Patrica Skakel agus Luan Cuffe agus d’fhill siad ar Éirinn.

Ba dheirfiúr í Patricia Skakel a bhásaigh sa mbliain 2000 le Ethel Skakel Kennedy. Sí Ethel Kennedy baintreach Robert Francis Kennedy (Bobby) a feallmharaíodh i mí Meitheamh 1968 agus é ag feachtasaíocht do thoghchán na huachtaránachta sna Stáit Aontaithe. Rugadh Ethel i 1928. Phós sí an Cinnéideach i 1950 agus bhí aon duine dhéag clainne acu. Col ceathracha an fheisire nua do Bhaile Átha Cliath.

Sin le rá freisin gurb é Joseph P Kennedy III atá ina bhall de thithe na comhdhála sna Stát Aontaithe faoi láthair a chol cúigear. Cá bhfios nach bhfuil comhghuaillíochtaí nua idirnáisiúnta i ndán dúinn idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe bunaithe ar ghaol na nGael lena chéile?

Fág freagra ar 'An raibh a fhios agat gur col ceathracha Ciarán Cuffe agus Bobby Kennedy?'