An púcaí léannta a chruthódh an chianfhoghlaim?

Tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint le bheith obair nó ag staidéar as baile

An púcaí léannta a chruthódh an chianfhoghlaim?

Thrácht mé anseo tamall ó shin ar an tuarascáil faoi obair as baile a bhí idir lámha ag Institiúid Whitaker i gColáiste na hÉireann Gaillimh agus ag Coimisiún Forbartha an Iarthair agus is spéisiúil an t-eolas atá inti.

Rinne siad suirbhé ar líne le 7,241 duine in imeacht seachtaine. Dúirt 83% den dream a ceistíodh gur mhaith leo leanacht ar aghaidh ag obair as baile nuair a bheas an ghéarchéim sláinte atá againn faoi láthair thart. Ní raibh leath acu sin ag obair as baile go dtí gur thosaigh an ghéarchéim.

Bhí buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis an obair as baile a dúradh.

Ní bhíodh sé éasca sos a fháil ón obair. Bhíodh sé roinnt deacair ag cuid acu coinneáil i dteagmháil lena gcomhoibrithe.

Ní bhíodh an áit oibre feiliúnach sa mbaile ag cuid eile fós.

Ach ar an taobh eile den scéal ní bhíodh turas go dtí an t-ionad oibre le déanamh acu. Ba mhór an faoiseamh é sin, go mór mór más turas fada a bhíodh i gceist nó trí cheantar a mbíonn trácht trom ann.

Ní hin le rá gur obair sheasta as baile a bhí ó na daoine ar fad a dúirt gur mhaith leo leanacht ar aghaidh leis an gcineál seo oibre. Seo mar a bhí na figiúirí sa gcás sin:

12% a dúirt gur mhaith leo coinneáil leis chuile lá.

42% a dúirt gur cúpla lá sa tseachtain a bheadh uathu.

29% a dhearbhaigh gur cúpla lá sa mí ab fhearr leo.

Léigh Príomhfheidhmeannach Choimisiún Forbartha an Iarthair, Tomás Ó Síocháin, an t-alt a scríobh mise faoin ábhar agus ghlac sé buíochas liom. Thug sé suntas faoi leith don méid a dúirt mé faoin imní a d’fhéadfadh a bheith ar oibrithe go gcaillfidís a seans ar ardú céime mura mbeidís sa bpríomhoifig i gcónaí.

D’aontaigh Tomás go bhfuil an fhadhb sin ann agus go gcaithfear an scéal a scrúdú tuilleadh. Mheabhraigh sé dhom go bhfuil breis agus 100 mol digiteach ó Dhún na nGall go Ciarraí anois má chuirtear Ros Comáin agus Luimneach san áireamh.

Tá gteiceanna Údarás na Gaeltachta orthu sin agus tá an Coimisiún agus an tÚdarás ag comhoibriú leis an gcóras a fheabhsú tuilleadh, a dúirt Tomás.

Ós ag caint muid ar an obair as baile céard faoi oideachas as baile? Beidh fadhb mhór ag na hollscoileanna má leanann an ghéarchéim sláinte ar aghaidh. Ní fhéadfaidh siad na sluaite mac léinn a thabhairt ar an gcampas in éineacht.

Chonaic muid ar fad chomh pulctha agus a bhídís sa mbialann in ollscoil na Gaillimhe. Ní bheadh sé éasca dhá mhéadar a choinneáil idir chuile bheirt ansin.

Is cosúil gurb é an leigheas atá air na léachtaí a chur ar an idirlíon agus na mic léinn a thabhairt isteach ar a seal go dtí an ollscoil ar feadh tréimhsí gearra.

Ceapann a lán go bhfeilfeadh sé seo do mhic léinn go leor: d’fhéadfaidís breathnú ar an léacht nuair ab fhearr a d’fheilfeadh sin dóibh agus dul siar air aríst agus aríst eile ar a gcaoithiúlacht.

An gciallaíonn sé seo ar fad go bhféadfadh mic léinn Ghaeltachta a gcuid oideachais ollscoile a fháil gan an baile a fhágáil ach ar éigean, go háirid dá mbainfí leas freisin as na hárais atá ag an gcóras ollscolaíochta Gaeilge?

B’fhéidir é ach arbh é a leas a bheith scartha amach ó mhic léinn eile i dtús a saoil agus a maitheasa?

An bhféadfadh sé gur púcaí léannta a bheadh iontu ar fad sa deireadh?

Fág freagra ar 'An púcaí léannta a chruthódh an chianfhoghlaim?'