Ní hamháin nach bhfuil Caitlicigh á mealladh ag an PSNI ach tá sé ag dul rite orthu iad a choinneáil

Tá an PSNI i mbun machnaimh ar earcaíocht 50/50 a athnuachan. Níl aon rogha eile ann...

Ní hamháin nach bhfuil Caitlicigh á mealladh ag an PSNI ach tá sé ag dul rite orthu iad a choinneáil

Comhartha sóirt ar an imní atá ar cheannasaíocht an PSNI faoi neamhionadaíocht na seirbhíse is ea an plé faoin idirdhealú dearfach ar son na gCaitliceach a athnuachan. Ó cuireadh deireadh le hearcaíocht 50/50 seacht mbliana ó shin níl méadú ar bith tagtha ar an sciar Caitliceach san fhórsa, 32%. Tá an céatadán sin míshásúil ós Caitlicigh (nó ó chúlra Caitliceach) 45% den daonra anseo.

Bliain go leith ó shin d’fhógair an Príomh-Chonstábla, George Hamilton plean gnímh chun a dhul i ngleic le ganntanas na bpóilíní a bhfuil cúlra Caitliceach acu. Bhí an cheannasaíocht diongbháilte de ag an am sin nach dtabharfaí earcaíocht 50/50 ar ais. Ba é sin an córas conspóideach a mhol Coimisiún Patten chun a dhul i ngleic le heaspa muiníne náisiúnaithe san RUC – ‘fórsa Protastúnach an stáit aontachtaigh’. Caitlicigh ab ea 8% de bhallraíocht an RUC agus chinn Patten gur ghá idirdhealú dearfach chun a chinntiú gur Chaitlicigh an tríú cuid den PSNI ar mhaithe le muinín a chothú go mbeadh an tseirbhís póilíneachta nua ionadaíoch ar an bpobal ar fad.

Bhí na páirtithe aontachtacha naimhdeach don gcleachtas, iad ag maíomh gur leatrom ar Phrotastúnaigh a bhí ann. Ag déanamh ruda orthu, chuir an Státrúnaí Caomhach, Owen Paterson, deireadh le hearcaíocht 50/50 in 2011 ag rá go raibh sprioc Patten bainte amach agus go bhfásfadh líon na gCaitliceach go nádúrtha feasta. Bhí dul amú air. Nocht an PSNI san Aibreán anuraidh go raibh líon na n-iarratas ó Chaitlicigh ró-íseal, 31% den iomlán sna trí babhtaí earcaíochta ba dheireanaí a bhí acu. Bhí an líon a earcaíodh i bhfad níos ísle –19%.

Ba léir an tseachtain seo go raibh teipthe ar an bplean gnímh nuair a dúirt an LeasPríomh-Chonstábla eatramhach, Stephen Martin, nach bhféadfaí earcaíocht 50/50 a chur as an áireamh mar nach raibh méadú ar bith ar sciar na gCaitliceach sna póilíní. Fadhb mhór is ea Caitliceach amháin in aghaidh ceathrar Protastúnach a bheith á cheapadh agus gan barántas ar bith acu go bhfaighidh siad an líon sin féin, dá laghad é.

Tá an PSNI sa tóir ar 400 earcach nua agus iad ag iarraidh Caitlicigh a mhealladh, ón taobh thiar den Bhanna go háirithe. Cinneadh polaitiúil a bheadh ann earcaíocht 50/50 a athnuachan, a dúirt Stephen Martin.

Bhí an ceart aige gur gá an chéim a phlé.

Ní hamháin nach bhfuil Caitlicigh á mealladh ag an PSNI ach tá sé ag dul rite orthu iad sin a earcaíonn siad a choinneáil. Céard iad na fáthanna leis sin?

Caithfear feachtas foréigin na n-easaontóirí poblachtacha a áireamh i measc na gcúiseanna. Dhírigh siad a n-ionsaithe go sonrach ar chomhaltaí Caitliceacha den PSNI. Ba é Stephen Carroll an chéad phóilín a mharaigh siad. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, in 2011, díreach tar éis cealú 50/50, mharaigh siad an Constábla Ronan Kerr. Caitlicigh ab ea an bheirt, fearacht Peadar Heffron a gortaíodh go dona in ionsaí eile.

I measc na bpríomhchúiseanna nach gcuirfeadh daoine isteach ar phostanna san PSNI a liostaíodh i suirbhé in 2016, bhí dearcadh a ngaolta agus a gcairde agus bhí imní faoi shábháilteacht i gceist freisin. Ach luadh chomh maith an bharúil nach seirbhís uileghabhálach í an PSNI. Tuairiscíodh go rabhthas amhrasach faoi phóilíneacht agus thug roinnt de na daoine a ceistíodh an RUC ar an PSNI.

Is minic a chloistear cuid de lucht freasúra an 50/50 ag maíomh nach raibh na Caitlicigh a earcaíodh faoin gcóras sin chomh cáilithe le Protastúnaigh, idir na daoine a ceapadh agus daoine nár ceapadh. Séantar é sin go hoifigiúil, ach an raibh ar bhaill Chaitliceacha den PSNI cur suas leis an gcineál sin cainte taobh istigh den tseirbhís? Ní léir gur scrúdaigh an suirbhé an ghné sin den cheist. B’fhiú freagraí a fháil ar cheisteanna faoi shaol na bpóilíní féin. An bhfuil cultúr na seirbhíse fáilteach nó doicheallach? Bhí an chuid is mó den cheannasaíocht reatha sna póilíní roimh an PSNI –céard iad na seansanna ar dhul chun cinn atá faighte nó á bhfáil ag an dream nua, Caitlicigh go háirithe? An fiú an tairbhe an trioblóid dóibh, an chontúirt dóibh féin agus dá muintir, an coimhthíos óna gcomharsan agus an t-aistriú óna bpobal féin go comharsanacht ‘níos neodraí’?

Ní shéanfadh éinne go bhfuil idirdhealú dearfach conspóideach. Ar ndóigh ní sháraíonn sé an baol ó easaontóirí ach má bhaintear leas as ar bhealach dearfach chun ilchineálacht a fhorbairt is fiú é. Sa gcás ina bhfuil éagothroime stairiúil le sárú is deacair diúltú dó. Nuair is ceist chomh híogair le muinín trasphobail sna póilíní i sochaí dheighilte é, níl aon rogha eile ann.

Fág freagra ar 'Ní hamháin nach bhfuil Caitlicigh á mealladh ag an PSNI ach tá sé ag dul rite orthu iad a choinneáil'