An prótacal i mbaol agus an ERG i gceannas sa Tuaisceart

Ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoi thábhacht an chaidrimh idir an fhoireann úr in Oifig Thuaisceart Éireann agus páirtithe Stormont

An prótacal i mbaol agus an ERG i gceannas sa Tuaisceart

Tá radharc ar sheacht gcinn de naoi gcontae Chúige Uladh ó Chnoc Uí Néill, deirtear, amharc ar fhad agus lúbadh na teorann san áireamh. Ar a chéad chuairt anseo mar Státrúnaí nua Thuaisceart Éireann fuair Chris Heaton-Harris deis breathnú ar an tírdhreach sin agus measúnú a dhéanamh, seans, ar a thábhacht dá chúram maidir leis an bprótacal iarBhreatimeachta agus Stormont.

Is san ionad nua-aimseartha ar shuíomh dhúnáras Uí Néill i nDún Geanainn a bhuail Michelle O’Neill, céad-aire tofa Stormont leis an Státrúnaí nuacheaptha Déardaoin. Aitheantas don ordlathas nua ab ea é gur le Sinn Féin a bhuail Chris Heaton-Harris i dtosach. Bhí cruinniú aige leis an bpáirtí a tháinig sa dara háit sa toghchán, an DUP i mBéal Feirste níos deireanaí.

Ní nach ionadh chuir bás na Banríona Eilís II moill ar mhionscrúdú ar an gcur chuige a bheidh ag an Státrúnaí úr. Chuir an tréimhse dhobróin náisiúnta moill freisin ar chomhráití leis na páirtithe eile in Stormont; go dtí gur fógraíodh bás na Banríona ní raibh cruinniú socraithe le dream ar bith eile seachas an dá phríomhpháirtí.

Ba dheacair áibhéil a dhéanamh áfach faoi thábhacht an chaidrimh idir an fhoireann úr in Oifig Thuaisceart Eireann agus páirtithe Stormont. Cuireann an ghéarchéim fuinnimh agus an méadú as cuimse ar an gcostas maireachtála leis an bpráinn a bhaineann le Stormont a chur ar bhonn teann agus comhréiteach docht a dhéanamh leis an Aontas Eorpach faoin bprótacal. Dúirt an Státrúnaí Heaton-Harris gurb iad a phríomhaidhmeanna Stormont a athnuachan agus ceist an phrótacail a fhuascailt. Tá an dá aidhm sin fite fuaite lena chéile ós í agóid an DUP in aghaidh an phrótacail is cúis le sáinn Stormont.

Conas a thabharfaidh an Státrúnaí Heaton-Harris faoin ngnó? Dúirt sé go gcuirfeadh sé brú ar na páirtithe Stormont a athbhunú. Brú ar an DUP a cheadóidh do Jeffrey Donaldson cúlú gan uirísliú agus gan seans a thabhairt do Jim Allister é a náiriú? Deir an Príomh-Aire Liz Truss agus an Státrúnaí go dteastaíonn comhréiteach faoin bprótacal uathu. Ar théarmaí comhaontaithe nó de réir bhille Truss a bhainfeadh na putóga as an bprótacal?

Taitníonn bille Truss go mór leis an DUP a deir go scaoilfeadh sé an glas ar Stormont dá gcuirfí i bhfeidhm é. Ní hiontas go raibh siad sásta le ceapachán Heaton-Harris, iarchathaoirleach ar an ERG, an brúghrúpa Eorasceipteach sa pháirtí Caomhach. Ba mhó fós a sásamh nuair a ceapadh an t-iarchathaoirleach eile ar an ERG, Steve Baker, mar aire sóisir in Oifig Thuaisceart Éireann, fear a bhfuil cáil mhór na neamhghéilliúlachta in aghaidh an Aontais Eorpaigh air.

Údar imní do na páirtithe neamh-aontachtacha ab ea an roinn a bheith ‘i seilbh’ an ERG. Mheas go leor gur theachtaireacht ghiorraisc í ón bPríomh-Aire Truss chuig an móramh abhus atá in aghaidh an Bhreatimeachta ach a ghlacann leis an bprótacal, ach é leasaithe, mar rogha an dá dhíogha. Léiriú a bhí ann go raibh rialtas Truss faoi smacht an ERG, a dúirt Michelle O’Neill, Sinn Féin, agus beart gránna ag an bPríomh-Aire nua ab ea é, dar le Claire Hanna an SDLP.

Deirtear gur thug scata polaiteoirí eile an t-eiteachas don bpost, an cupán nimhe, sular ceapadh Heaton-Harris agus Baker. Bíodh sin fíor nó bréagach chuir roinnt casadh dearfach ar chumas na beirte chun a theacht ar réiteach. Maíodh gur mó seans go mbeadh díograiseoirí an Bhreatimeachta in ann comhghéilleadh a dhíol lena lucht leanúna, fiú leis an DUP. Faoi bhrú ó Washington agus ón mbaol go mbeadh cogadh trádála idir an Ríocht Aontaithe agus an tAE, an ag idé-eolaiocht nó féinleas a bheidh an svae? Cén t-iontas nach mbeadh Jeffrey Donaldson ag déanamh talamh slán de go sásófaí a chuid éileamh ó tá seantaithí aige ar fheall na dTóraithe nuair a fhóireann sé dóibh.

Tá géarghá ag Donaldson le bealach éalaithe as an tsáinn pholaitiúil reatha. Is fíor go léiríonn pobalbhreitheanna go bhfuil tacaíocht ó mhóramh aontachtach ag baghcat an DUP ar Stormont. Bhí go dtí seo ach, an mairfidh an tacaíocht sin? An mairfidh an tacaíocht sa drochaimsir má cheileann teaictic an DUP faoiseamh ó chostas fuinnimh ar dhaoine ar an bhfaraor géar ? Sin bealach amháin a bhféadfadh an Státrúnaí brú a chur ar an DUP má thograíonn sé. Tá contúirt an bhochtanais chomh holc sin go bhféadfadh an DUP cuma na maitheasa a chur ar chúlú.

Tháinig sé chun solais cúpla la ó shin go raibh Bertie Ahern (‘an té is glice ar fad’, dar le Charlie Haughey) agus a chéile idirbheartaíochta Tony Blair, i mbun eadrána le tamall chun bonn margála idir rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach a aimsiú. Neosfaidh an aimsir an le cur leis an iarracht sin nó le baint di a tugadh forlámhas don ERG ar Oifig Thuaisceart Éireann.

Fág freagra ar 'An prótacal i mbaol agus an ERG i gceannas sa Tuaisceart'

  • Mac Billings/Bilie ---Dónall Mór

    AN PRÓTACAL I MBAOL AGUS DREAM DE EILE CHUID AN EITE DHEIS
    I GCEANNAS SNA SÉ CHONTAE, AN ‘ERG’

    ****************************************************************************************
    **********************’Banríon Shasana, Eilís II, ar shlí na Fírinne’*************************

    **************GO MAIRE AN RÉABHLÓID AGUS AN PHOBLACHT NUA*******************

    *****************************************************************************************

    Guím ar son a n-iospairteach Stáit ar fud an Domhain ó hÉirinn go dtí an Aifric Theas a d’fhulaing faona hImpireacht/Ríocht Aontaithe thar na blianta fada

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    ‘Maggie Nua’ tofa ag ciorcal capitileach na dTóraigh

    —Idir an dá linn ‘Maggie Nua’ tofa ag ciorcal capitileach na dTóraigh agus lucht na maoine ——-

    ——‘ Dúisigh a Mhaggie Truss, tá rud eigin a chaithfidh mé a rá leat’, mar a deir an t-amhrán —–

    An dallamhullóg nua le cur arís ar mhuintir na Breataine ag na Tóraithe agus fiú amháin ar mhuintir na Sé Chontae na bí ag caint ar an Taoiseach ná ar Rí Cathal a trí.

    ‘S Liz Truss a bhfuil rún aici an córas caipitileach a bhainistiú ar son lucht an tsaibhris agus an gnáth duine fágtha ar an trá folamh gan aige/aici óna lámh go dtí a b(h)éal faoi bhoilsciú a choinníonn an brabus ag fás agus do chosa fuar.

    Cluas bodhair tugtha acu d’Éirinn agus a cás faoi Athaontú na tíre lena seasamh láidir chun fáil réidh le gnéithe de Phrótacal/Nós-imeachta an ‘Tuaiscirt’.

    ‘Alt 16’ á chur i bhfeidhm agus Teorainn nua a chruthú ag na Sasanaigh arís gan bacadh le Ceannasaíocht na Tíre seo.

    Níorbh féidir comhaontú a shocrú le dream ar bith de chineál na dToraithe anois go bhfuil ‘Maggie’ nua aimsithe acu.

    Tabhair bata is bóthar dóibh chun a’ bhaile go dtí an Bhreatain mar a d’fhoglaim muid ó Stair na Tíre seo.

    Is mise
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Bloc E
    Ardán 1

    Príosún Phort Laoise

    Éire

    ***********************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    ***********************************************************************************