An post is sinsearaí in Údarás na Gaeltachta fógartha agus d’fhéadfadh scrúdú Gaeilge a bheith i gceist

Is conradh ar théarma seasta cúig bliana atá i gceist le post an Phriómhfheidhmeannaigh in Údarás na Gaeltachta agus tuarastal €128,000 sa bhliain atá luaite leis

An post is sinsearaí in Údarás na Gaeltachta fógartha agus d’fhéadfadh scrúdú Gaeilge a bheith i gceist

Tá post an Phriomhfheidhmeannaigh in Údarás na Gaeltachta fógartha inniu agus d’fhéadfadh go mbeadh scrúdú Gaeilge i ndán do na hiarrthóirí a chuirfidh isteach air.

I measc na gcoinníollacha atá luaite leis an bpost tá inniúlacht i “labhairt agus i scríobh na Gaeilge” ag leibhéal “TEG C1 nó a chomhionann” .

Roimhe seo bhíodh líofacht Ghaeilge mar choinníoll don phost is sinsearaí san eagraíocht fiontraíochta ach ní bhíodh aon cháilíocht ar leith i gceist,

Is conradh ar théarma seasta cúig bliana atá i gceist leis an bpost agus tuarastal €128,000 sa bhliain atá luaite leis.

Maidir leis na príomhcháilíochtaí atá luaite leis an bhfolúntas, deirtear gur ghá go mbeadh “go leor bainte amach ag leibhéal sinsearach” ag an té a cheapfar agus gur gá go mbeadh “fís, ceannaireacht, scileanna bainistíochta riachtanacha agus an cumas smaoineamh go nuálach léirithe aige nó aici”.

Deirtear gur gá don iarrthóir chomh maith “eolas domhain” a bheith aige nó aici “ar ghníomhaireachtaí stáit/earnála poiblí, ar fheidhmiú polasaí náisiúnta, ar fhorbairt eacnamaíochta, ar fhorbairt pobail agus ar chur chun cinn na teanga”.

Nuair a fógraíodh an folúntas ar maidin bhí botún sa leabhrán eolais a bhain leis agus eolas ann bunaithe ar sheanstruchtúr bainistíochta na heagraíochta fiontraíochta seachas an struchtúr nua a tugadh isteach de thoradh athbhreithnithe neamhspleách.

Baineadh an leabhrán eolais de shuíomh an chomhlachta earcaíochta, Sigmar Recruitment, atá i mbun an phróisis earcaíochta, nuair a tugadh an botún faoi deara.

Tháinig deireadh le conradh Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ar an 31 Bealtaine, ach bhí moill ar bhunú an phróisis earcaíochta le teacht ar a chomharba. D’fhógair Steve Ó Cúláin i mí Feabhra go raibh faoi éirí as a chúram nuair a thiocfadh deireadh lena chonradh ach cuireadh moill leis an bpróiseas nuair a chuir an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí in iúl don eagraíocht fiontraíochta nach mbeadh ar a gcumas an próiseas a láimhseáil “an iarraidh seo”.

D’fhág sin go raibh ar an Údarás comhlacht seirbhísí earcaíochta a cheapadh chun an próiseas a bhaineann le teacht ar Phríomhfheidhmeannach nua a láimhseáil.

Is é Micheál Ó hÉanaigh is mó atá á lua le post an Phríomhfheidhmeannaigh in Údarás na Gaeltachta, ceann de na poist is sinsearaí i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta, ó tuairiscíodh go raibh Steve Ó Cúláin ag éirí as.

Tá Ó hÉanaigh, arb as an Lochán Beag i gConamara dó, ina Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta agus Maoine in Údarás na Gaeltachta agus bhí sé ina stiúrthóir seirbhísí i gComhairle Contae Dhún na nGall roimhe sin.

Ba cheapachán inmheánach a bhí i gceist i gcás gach Príomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta ó bunaíodh é, agus má leantar leis an nós sin is cinnte go mbeadh seans ar an bpost mór ag beirt eile de lucht ardbhainistíochta na heagraíochta fiontraíochta – an Stiúrthóir Corparáideach, Gearóid Breathnach agus Tadhg Ó Conghaile, a ceapadh ina Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga anuraidh.

Ní raibh aon bhean ina príomhfheidhmeannach ar an eagraíocht fiontraíochta ó tháinig ann di i 1980, agus tá  Siubhán Nic Grianna, Bainisteoir Pleanála Teanga an Údaráis, a bhfuil taithí mhór aici ar gach réimse d’obair na heagraíochta ón tréimhse a thug sí mar Bhainisteoir Cumarsáide agus Margaíochta, á lua leis an bhfolúntas chomh maith.

Fág freagra ar 'An post is sinsearaí in Údarás na Gaeltachta fógartha agus d’fhéadfadh scrúdú Gaeilge a bheith i gceist'