An post is sinsearaí i bhForas na Gaeilge fógartha

Conradh cúig bliana agus tuarastal nach mór €115,000 sa bhliain atá luaite leis an bpost mar Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge a fógraíodh inniu

An post is sinsearaí i bhForas na Gaeilge fógartha

Ferdie Mac an Fhailigh, atá ag éirí as a phost le Foras na Gaeilge

Tá Príomhfheidhmeannach nua á lorg ag Foras na Gaeilge agus an folúntas don phost is sinsearaí san eagraíocht teanga fógartha inniu.

Tuairiscíodh an mhí seo caite go bhfuil Ferdie Mac an Fhailigh, atá ina phríomhfheidhmeannach ar an bhForas trasteorann le deich mbliana anuas, ag éirí as.

Fanfaidh Mac an Fhailigh sa phost nó go rachaidh an té a thiocfaidh i gcomharbacht air i mbun oibre.

Conradh cúig bliana agus tuarastal nach mór €115,000 sa bhliain atá luaite leis an bpost a fógraíodh inniu.

I measc na dtréithe a bheidh riachtanach don phost, de réir an fhógra, tá “ardinniúlacht sa Ghaeilge”, “tiomantas don teanga” agus taithí bhainistíochta agus cheannaireachta ag leibhéal sinsearach.

Ní foláir don té a cheapfar “sárscileanna cumarsáide” a bheith aige chomh maith leis an gcumas “breithiúnais stuama a thabhairt ar cheisteanna casta agus íogaire”.

Tá Ferdie Mac an Fhailigh ina Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge ó mhí Dheireadh Fómhair 2006.

I measc na ndaoine atá á lua mar chomharba ar Mhac an Fhailigh ó d’fhógair sé go raibh sé ag éirí as, tá Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais Fhoras na Gaeilge agus Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Fág freagra ar 'An post is sinsearaí i bhForas na Gaeilge fógartha'

  • Concubhar

    Tá m’iarratas sa phost.