An pósadh ‘ceannaithe’ ag éirí níos coitianta i measc na nÉireannach i SAM

D’íoc fear Éireannach amháin $25,000 leis an mbean a phós é le déanaí agus súil aige stádas dleathach a fháil

wEvcazNKEDK3snMh2lUksEOPOkt
Gearard Depardieu agus Andie MacDowell i radharac ón scannán faoin bpósadh ‘ceannaithe’, Green Card

 

Tá an pósadh ‘ceannaithe’ ar mhaithe le theacht ar bhealach dleathach oibre agus cónaithe ag éirí níos coitianta i measc na nÉireannach i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Labhair Tuairisc.ie le triúr foinse, atá ag plé le heagraíochtaí Éireannacha thall, a dúirt go raibh aithne acu ar Éireannaigh a d’íoc na mílte dollaer le mná as Meiriceá a bhí sásta iad a phósadh ar tháille.

Tá figiúirí idir $5,000 agus $10,000 luaite mar “tháillí” acu.

Deimhníodh dúinn gur íoc fear amháin $25,000 le déanaí leis an mbean a phós é agus é ag súil go n-éireodh leis stádas dleathach a fháil sna Státaí de bharr an cheangail.

Pósadh san Oifig Chlárúcháin a bhíonn i gceist; ní thaobhaíonn daoine atá ag pósadh mar seo ar an gcúlshráid Teach an Phobail ná ócáideacha poiblí bainse.

Cuireann eagraíochtaí tacaíocht d’imirceoirí comhairle ar dhaoine gan beart an phósadh bréige a thriail. Ach, beag beann ar an gcomhairle sin, tá an córas faoi cheilt seo ag dul sa treis.

Bíonn socrú neamhoifigiúil ann go mairfeadh an pósadh dhá bhliain le deis a thabhairt don fhear – fir a dhéanann an socrú go hiondúil – stádas dleathach cónaithe agus oibre a fháil sna Stáit. Tá an deis sin ann más saoránach Meiriceánach do chéile.

Chomh maith leis sin, tá an chontúirt go gcuirfí ar ais abhaile thú, agus gan fáil agat ar a theacht ar ais go Meiriceá, curtha díot agat an fhaid agus atá tú pósta le saoránach Meiriceánach.

Deir duine eile ata gníomhach in eagraíochtaí Éireannach linn – ní raibh sé sásta go dtabharfaí a ainm – go gcaithfidh an ‘lánúin’ a bheith cúramach nó ní oibreoidh an plean.

Níor mhór dóibh a bheith ag an seoladh céanna; scaití bíonn bloc árasáin i gceist agus an fear agus an bhean in árasáin dhifriúla sa mbloc sin.

Níor mhór freisin go mbeadh fáil ar bhillí leictreachais, teileafóin nó a leithéid, in ainm na beirte agus go mbeadh tréimhse dhá bhliain i gceist.

Ina dhiaidh sin, féadfaidh an té atá ag iarraidh a dhul ar chosán na saoránachta tosú ag líonadh na bhfoirmeacha iarratais. Nuair a bheidh an té sin dleathach sna Stáit Aontaithe is féidir leis féin agus a chéile scaradh óna chéile – no colscaradh a fháil.

Taobh amuigh de cheist ar bith faoi mhímhoráltacht nó faoi mhí-ionracas, tá contúirt go leor ag baint leis an gcineál seo pósadh bréige mar d’fhéadfadh an té a fuair an t-airgead ealú ón socrú nó d’fhéadfaí scéala a chur chuig na húdaráis inimirce. Bheadh an té a bhí ag cur faoi go mídhleathach i ladhar an chasúir uilig ansin.

Ceaptar go bhfuil an ‘pósadh saoránachta’ seo ag éirí níos coitianta i measc na nÉireannach, ar chúpla cúis. Ar an gcéad iarraidh, tá sé feicthe ag daoine go n-oibríonn sé, má chloíonn an fear agus an bhean leis an margadh.

Lena chois sin, tá an tréimhse atá caite ag cuid mhaith daoine faoi cheilt i Meiriceá ag éirí níos faide i gcónaí agus iad ag éirí imníoch dá réir.

D’fhéadfadh cuid acu teach, maoin agus gnó a chailleadh dá gcuirfí ar ais go hÉirinn iad.

Fág freagra ar 'An pósadh ‘ceannaithe’ ag éirí níos coitianta i measc na nÉireannach i SAM'