An portach – namhaid agus cara Chonamara

Sórt portach é talamh Chonamara uilig idir mhoingeanna agus chnocáin agus tá a lorg sin ar na bóithre

An portach – namhaid agus cara Chonamara

Bíodh sé ina theaspach nó ina dhíle, is é an cás céanna é. Ramhróidh an portach leis an mbáisteach nó laghdóidh an portach leis an triomach. Bainfear siar as an mbóthair atá tógtha ar thalamh portaigh dá bharr sin mar cuirtear an bóthar ó rath de réir mar a bhíonn an síorluascadh seo ar bun thíos in íochtar.

Cá dtarlaíonn sé seo?

Bhuel, tá sampla maith de le fáil i gConamara. Sórt portach é talamh Chonamara uilig idir mhoingeanna agus chnocáin. Agus tá a lorg sin ar na bóithre. ‘Tá gleannta agus mulláin sna bóithre de bharr triomach na bliana anuraidh,’ a deir Damian Mitchell, innealtóir sinsearach leis an gComhairle Contae an lá cheana. Ag freagairt ceisteanna a bhí sé ó Chomhairleoirí Contae Chonamara faoi bhóithre anonn agus anall sa gceantar atá ag dul in olcas.

Mhínigh an tUasal Mitchell go ndearna triomach na bliana anuraidh lagan agus tanaíochan ar an bportach agus gur fhág sin go dtáinig leathmhaing ar chuid de na bóithre freisin.

Tháinig tréimhse neamhghnách a bhí tirim agus te i lár an tsamhraidh seo caite agus thriomaigh sin portaigh ina smúdar. Ach, ní mór a chur san áireamh freisin go raibh an bhliain seo caite uilig ionann agus 25% níos tirime ná an meán in iarthar na tíre seo.

Sin trioblóid an-mhór atá ag baint le bóithre i gceantar portaigh. Deir innealtóirí Chomhairle Chontae na Gaillimhe nach maireann obair dheisiúcháin ar dhromchla bóthair i gConamara ach tuairim is sé bliana sula dtosaíonn sé ag tabhairt uaidh aríst. Maireann an cineál céanna oibre tuairim is 20 bliain in oirthear na Gaillimhe mar go bhfuil buanseasmhacht níos fearr sa talamh ar an Eachréidh.

Léiríonn an méid seo uilig an bunús láidir atá leis an dearcadh atá léirithe ag Feachtas Gnímh an N59 i gConamara, is é sin gur cheart a dhul síos go híochtar agus an bóthar a thógáil ón leac aníos sa gcaoi agus go mbeadh sé daingnithe go deo.

Murach an portach bheadh na bóithre níos fearr agus ina theannta sin, ní bheadh muintir Chonamara ite ó lár na Bealtaine go Deireadh Fómhair ag na míoltóga beaga bradacha. Is é an portach an tearmann atá ag na míoltóga sin. ‘Míoltóg na nGarbhchríocha’ an mhíoltóg bhradach a bhfuil na milliúin acu ina gcónaí i dtailte portaigh. Dá dhonacht muide anseo is measa fós iad sna Garbhchríocha in Albain. Ach faigheann ceantair ar nós Chonamara a ndóthain féin ó mhíoltóga agus is fadhb mhór phraiticiúil í, go háirithe ag daoine a bhíonn ag obair taobh amuigh, gan trácht ar na caoirigh bochta agus ainmhithe eile a bhíonn cráite acu.

Ní dóigh gur scríobhadh tada de sin san aiste Lá ar an bPortach, scéilín na hóige agus na gasúir in éadan na móna nó i ngreim cúil san asal bocht. Scéal rómánsúil, scéal aoibhinn, ach saol eile. Is dóigh go mba bhoichte iad na cuimhní cinn úd d’uireasa an phortaigh – púir dheataigh ag fánaíocht i spéir an tsamhraidh as an tine a bhíodh ag fiuchadh citeal le haghaidh bolgam mór tae agus blas láidir na móna air.

Céard seo a dúirt an file?: ‘Bliss it was to be alive that dawn; to be young was the very heavens’. Sílim gurbh í Réabhlóid na Fraince a bhí i gceist ag Wordsworth. Bhuel, níor tharla aon réabhlóid riamh ar an bportach nó gur chuir an Teachta Dála, Michael Fitzmaurice a chosa i dtaca ach ní raibh seisean ag sleánadóireacht. An té a bhíodh ag plé leis an sleán, bhíodh sé chomh tuirsithe agus nach n-ionsódh sé an mhíoltóg féin. Ach sin scéal thairis.

Ní fada nó gur aimsir phortaigh aríst é. An té a mbeidh sleán aige i mbliana ba cheart pictiúr a tharraingt de. Tá an greim deireanach aige ar shnátha na staire.

Stair anróiteach ab ea í ach is dóigh go raibh téagar agus taitneamh ag baint léi freisin – an mhóin sa mbaile agus í ag coinneáil beocht sa gcomhluadar oícheanta fada geimhriúla timpeall na tine. Scéalta á n-insint agus á n-athinsint, an aimsir a caitheadh tugtha chun beochta aríst ar leic an teallaigh, scéin curtha ina chéile ag daoine le scéalta sí.

Níl a fhios agam an mbeadh córas na hola chomh maith céanna ag spreagadh na cainte. Bíodh nó ná bíodh, tá ola gaibhte in uachtar ar an bportach anois.

Thug mé figiúirí faoi deara le gairid a bhain le dhá phobal atá i bhfad siar i gConamara, Cloch na Rón agus an Clochán.

Ola an córas teasa atá ag 418 teach agus árasán i gceantar an Chlocháin; 76 a bhaineann leas as móin agus tá foinsí eile teasa in úsáid san 800 teach sa mbaile sin.

I gCloch na Rón baineann 86 líon tí leas as ola agus móin atá ag 41 líon tí.

De réir a chéile atá an portach á thréigean. An ag na héanacha a bheidh Portach Chloch na Rón amach anseo, portach ar tharraing Tim Robinson cáil air? Is maith an scéalaí í an aimsir agus coinneoidh sí uirthi – fliuch nó tirim – ag ramhrú agus ag laghdú an phortaigh agus gabhfaidh an bóthar suas agus anuas in éineacht léi.

Fág freagra ar 'An portach – namhaid agus cara Chonamara'

  • Pól Ó Braoin

    Alt suimiúil a thaitníonn go mór liom. Go raibh maith agat, a Mháirtín.