An port céanna do mhná na hÉireann le 50 bliain – ‘mair scaitheamh beag eile, a bhean mhaith’

Is beag an ceapadh a bhí ag ár gcolúnaí agus í ag freastal ar cheardlanna cumasaithe ban i dtús na seachtóidí go mbeadh na dúshláin agus na mótaí céanna roimh mhná óga ardcháilithe in 2018

An port céanna do mhná na hÉireann le 50 bliain – ‘mair scaitheamh beag eile, a bhean mhaith’

Natalya O'Flaherty

‘If she can’t see it she can’t be it!’.

Sáraithe go maith atá mé ag an tráth seo de mo shaol de scéal scannalach na mban, ach féach gur deacair an dúchas a bhá agus nár bhreathnaigh mé ar The Big Picture ar RTE 1 an tseachtain seo d’ainneoin an sotal a d’aithin mé sa teideal, an scéal ar fad nó an pictiúr mór, cé a d’fhéadfadh an scéal ar fad a thuiscint, ní áirím é a insint?

Chuir ochtar ban cumasach físeán an duine inár láthair ag insint dúinn fúthu féin agus na dúshláin a bhíonn le sárú acu sa tír seo in 2018. Cuimhnítear gurb in 102 bliain ó gealladh “comhchearta agus comhdheis don uile shaoránach”, geallúint a ceiliúradh le neart bladhmainn dhá bhliain ó shin.

Fisiceoir ardcháilithe a deir linn gurb é an rud ab fhearr le smais a cur ar do CV ná ainm fir! Rogha le déanamh anois aici idir gairm an taighdeora nó an doicheall roimh mhná i saol an léinn. Captaen aerbhus ag Aer Lingus agus cúram leanaí le réiteach aici féin agus a céile, bídís thuas os cionn na gclabhtaí nó in aerfort i bhfad ó bhaile. Comhairleoir contae a chaillfeadh a jab dá nglacfadh sí an tsaoire mháithreachais reachtúil agus nach ligfeadh a post ‘lánaimseartha’ leathphá di a páistín a fhágáil ar an gcíoch sách fada ná duine a íoc le haire a thabhairt dó.

Múinteoir óg meánscoile a oileadh go daor nach acmhainn di a ghabháil ag obair agus cúram a íoc dá triúr páistí óga. Captaen in Óglaigh na hÉireann ar ceileadh ardú céime uirthi mar nár cuireadh ar an eolas í faoin agallamh toisc í a bheith AWOL.

Ach ná ceap gur imithe sna cearca fraoigh a bhí an t-innealtóir ábalta seo – sa mbaile a bhí sí lena páistín seachtain d’aois.

Máthair as Maláiv na hAfraice a bhfuil deich mbliana caite aici sa gcóras ‘tearmainn’ ar a dtugtar soláthar díreach agus an ceart is bunúsaí séanta uirthi, béile a réiteach in éineacht lena hiníon. Ag iarraidh déagóir a thógáil in áras ina bhfuil gach cine agus gach cultúr sáinnithe in éineacht agus go minic airgead á shaothrú ar bhealach nach roghnófá do d’iníon agus í i mbláth a hóige.

Agus céard faoin mbean óg aerach ar éignigh fear í ag comhdháil, ionsaí a sciob a neamhspleáchas, a muinín agus cuid mhór dá féiniúlacht? ‘Shíl mé,’ a dúirt sí ‘go raibh mé dochloíte.’

Ach dá dhonacht foréigean an fhir, ba mheasa fós na sé huaire an chloig as Baile Átha Cliath a thóg sé dul go dtí ospidéal a raibh an tAonad um Imscrúdú ar Ionsaithe Gnéis ann in ann freastal uirthi agus gan cead aici an bhrúid sin a sciúradh dá colainn féin. Seirbhís easnamhach an stáit á ciapadh tuilleadh.

Iománaí ábalta as Droichead Abhann Ó gCearnaigh, na camáin go smior ina mianach, ach murab ionann agus fir a contae, as a póca féin nó a hiarrachtaí bailithe airgid féin, a íocfaidh sí as aon chostas a bhaineann le taisteal, feisteas, cothabháil agus aclaíocht. ‘Bíonn díocas ceart uirthi,’ a deir a col ceathrar. ‘Murach ise ní thuigfinn go deo nach raibh na hacmhainní céanna ar fáil do mhná an chontae agus atá ar fáil dúinne, fir na hiomána.’

Nach beag an ceapadh a bhí againne i dtús na seachtóidí sa gcéad seo caite agus muid ag freastal ar cheardlanna cumasaithe ban agus The Female Eunuch de ghlanmheabhair againn go mbeadh na dúshláin agus na mótaí céanna roimh mhná óga ardcháilithe inniúla in 2018.

Bhí cuid den scéal soiléir sa bplé stiúideo tar éis na bhfíseán, mar a raibh fir mheánaosta agus an solas feicthe acu agus daoine ag lorg cuótaí inscne, atá ag teastáil lena mheabhrú do dhaoine go bhfuil mná, leath an domhain, ann! Fear-Aire Sláinte agus ‘mair scaitheamh beag eile, a bhean mhaith’ aige agus polasaithe ar na bacáin aige nuair a bheidh na sonraí bailithe agus cuidiú ó Dhia na bhFear chugainn in 2019.

An chomhairle a bhí ag an Aire do mhná an spóirt: ‘collaboration’ nó comhoibriú a thriail seachas ‘brú’ más páirc imeartha atá uathu, sin ar ndóigh mura mbíonn sí ag teastáil ó na fir nó ina ciseach acu.

Coinnígí oraibh ag díol an lató, ag níochán na stocaí agus ag tabhairt aire do na gasúir tamall eile, nó an amhlaidh nach dtuigeann sibh comhoibriú?

Ach céard atá le foghlaim ag cailíní beaga agus ag lucht ceannais ó na mná fíriúla fuinniúla seo? Seo iad ailtirí na todhchaí agus má deir siadsan linn nach féidir le mionlach cultúr an tromlaigh a athrú, caithfear mná a chur sna háiteanna a bhfuil an tromlach fireann sin sách fada ar an stiúir agus más gá cuótaí, bídís i ngach gné den saol: na meáin, na healaíona, an saol acadúil, an láthair thógála, na ceardchumainn, lucht bainistíochta, eagraíochtaí riaracháin spóirt, agus i gcúrsaí polaitíochta go háitiúil agus go náisiúnta.

Chuile uair a fheicim cruinnithe Údarás Áitiúil agus Rialtais ar siúl amach sa tráthnóna agus ag leanacht ar aghaidh go meán oíche, bíonn a fhios agam cé a dhear an córas sin. Nach é díol an diabhail a bheith ag déanamh obair bhaile leis na gasúir, á gcrochadh anonn is anall ag imeachtaí iarscoile, á mbeathú agus á gcur a chodladh? Nach beag an t-iontas gur a bheith i bhfeighil/i mbun an Ghaeilge ar ‘to man’!

An rud nach bhfeiceann an cailín beag, ní hé a dhéanfaidh an bhean! Bíodh sé le feiceáil aici.

Foclóir.ie
she manned the phones bhí sí ag freagairt na bhfón
they man the lifeboat bíonn siad ar fhoireann an bháid tarrthála
the station is manned all day bíonn foireann sa stáisiún ar feadh an lae

bheith i mbun, bheith i bhfeighil
the barricades were manned by the police bhí na póilíní i mbun na mbaracáidíbhí na baracáidí faoi chúram na bpóilíní

Fág freagra ar 'An port céanna do mhná na hÉireann le 50 bliain – ‘mair scaitheamh beag eile, a bhean mhaith’'

  • Aoife

    An-mhaith a Mháire. Bídís i ngach gné den saol!