An polasaí oideachais Gaeltachta le plé ag Comhdháil Gaeloideachas i gCill Chainnigh

‘Comhdháil ar leith’ a bheidh i gcomhdháil Gaeloideachas an deireadh seachtaine dar le hArdfheidhmeannach na heagraíochta Bláthnaid Ní Ghréacháin

Beidh an chéad mhórchomhdháil gaeloideachais ó seoladh an Polasaí Oideachais Gaeltachta an mhí seo caite á reáchtáil ag Gaeloideachas i gCill Chainnigh Dé hAoine.

Déanfaidh Príomhchigire na Roinne Oideachais, Harold Hislop, cur i láthair ar an bpolasaí nua le linn na comhdhála.

Is “comhdháil ar leith” a bheidh ann dar le hArdfheidhmeannach Gaeloideachas Bláthnaid Ní Ghréacháin, a chuir fáilte mhór roimh fhoilsiú an pholasaí nua ar an gCeathrú Rua coicís ó shin.

“[Den chéad uair] ó bunaíodh an Stáit, tá fís mhuintir na Gaeltachta d’oideachas ar ardchaighdeán á fíorú trí pholasaí na Roinne. Tugann an polasaí seo muinín dóibh siúd a bhfuil spéis acu i gcur chun cinn an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta as cumas agus tiomantas an Stáit d’fhorbairt an oideachais lán-Ghaeilge,” a dúirt Ní Ghréacháin.

Chuir sí fáilte faoi leith roimh lucht na naíonraí a bheidh ag freastal ar an gcomhdháil agus dúirt go bhfuil “an-áthas” ar an eagraíocht a bheith in ann “oiliúint a chur ar fáil dóibh ar shaincheisteanna a bhaineann le forbairt cúrsaí teanga sna naíonraí”.

“Is mian linn forbairt na naíonraí a bheith lárnach sa dioscúrsa a bhaineann le forbairt an oideachais lán-Ghaeilge,” a dúirt Ní Ghreácháin.

Tá fáilte curtha ag Uachtarán Gaeloideachas, Cathnia Ó Muircheartaigh, rompu siúd a bheidh ag glacadh páirte sa chomhdháil agus roimh na haíonna a fhreastalóidh uirthi.

“Aithnítear go forleathan go bhfuil tábhacht ar leith leis an gcomhdháil bhliantúil oideachais seo, ní hamháin mar go gcuireann sé go mór le hoiliúint ghairmiúil leanúnach na scoileanna lán-Ghaeilge agus naíonraí, ach mar cheiliúradh poiblí ar ardchaighdeán an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus is mór againn an deis a bheith páirteach sa cheiliúradh sin,” a dúirt sé.

Beidh an Chomhdháil ar siúl in Óstán Ormonde i gCill Chainnigh Dé hAoine agus Dé Sathairn.

Sheol an Taoiseach Enda Kenny agus an tAire Oideachais Richard Bruton an Polasaí Oideachais Gaeltachta ar an gCeathrú Rua ar an 28 Deireadh Fómhair.

Cuirfear an polasaí i bhfeidhm “de réir a chéile” ó Mheán Fómhair 2017 agus €1 milliún a bheidh ar fáil don obair sin an bhliain seo chugainn. Thug Príomhchigire na Roinne Oideachais, Harold Hislop le fios “go mbeadh i bhfad níos mó” airgid i gceist do bhliain iomlán 2018 agus do na blianta ina dhiaidh sin.

Bunófar Aonad Gaeltachta nua sa Roinn Oideachais go luath in 2017 chun an polasaí a chur i bhfeidhm agus bunófar seirbhís sainchigireachta le tacú leis an Aonad sin monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an pholasaí. Beidh ról lárnach chomh maith ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta i soláthar “na seirbhísí tacaíochta scoile agus ceannaireachta”  a bheidh ag teastáil don pholasaí.

De réir an pholasaí, an chéad pholasaí dá leithéid ó bhunú an Stáit, ní hamháin go mbeidh ar an mbunscoil atá ag iarraidh aitheantas Gaeltachta a bhaint amach an tréimhse lán-tumoideachas a chur i bhfeidhm, ach beidh orthu a chinntiú chomh maith gur i nGaeilge amháin a dhéanfar gnó na scoile ar fad.

Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin go bhfuil “go leor le bheith dearfach agus dóchasach faoi” sa pholasaí nua.

 

Fág freagra ar 'An polasaí oideachais Gaeltachta le plé ag Comhdháil Gaeloideachas i gCill Chainnigh'

  • Manus

    Níl sé soiléir cén caoi a mbeidh siad in ann scoileanna na Gaeltachta a thiontú ina scoileanna ina ndéanfar “gnó na scoile ar fad ” i nGaeilge. Nach bhfuil tromlach na scoláirí á dtógáil le Béarla i ngo leor ceantracha Gaeltachta. An é gur cuma cén teanga a labhrann scoláirí s múinteoirí eatarthu fhéin go sóisialta fhad s go bhfuil an teagasc tré mheán na Gaeilge agus go bhfreagraíonn rúnaí na scoile an fón as Gaeilge? Anois ó cuireadh na scoileanna Gaeltachta isteach leis na Gaelscoileanna is lagú ar an nGaeloideachas go náisiúnta má ghlactar le “tokenism” den chineál sin sa nGaeltacht.