Tá an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge seolta ag an Rialtas agus dhá phlean gníomhaíochta nua fógartha ann.
An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bunaíodh faoin reachtaíocht teanga, a d’ullmhaigh an plean náisiúnta ina leagtar amach straitéis ar mhaithe le “bogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach”.
I measc na spriocanna ar leagadh dualgas ar an gcoiste plean a cheapadh ina leith, bhí sprioc an rialtais gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% de na daoine a bheidh á n-earcú chuig an tseirbhís poiblí faoi 2030.
Deirtear go gcuirfear an plean náisiúnta nua i bhfeidhm trí dhá phlean gníomhaíochta trí bliana a chur i gcrích. Foilseofar an chéad cheann díobh, a mhairfidh ó 2024-2027, “sna míonna amach romhainn”.
Dúradh gur plean straitéiseach atá sa phlean náisiúnta a bheidh mar bhunchloch faoi na beartais agus na spriocanna a leagfar amach sna pleananna gníomhaíochta nua.
“Leis an obair seo go léir, tá bunsraith láidir á cur againn faoi mhéadú agus feabhas córasach a chur ar líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge don phobal, chun leasa shaoránaigh an Stáit,” a deirtear.
Tá béim sa phlean náisiúnta ar ról na teicneolaíochta i soláthar seirbhísí dátheangacha “ar ardchaighdeán” agus fógraíodh chomh maith inniu go bhfuil coiste eile á bhunú, an Coiste Comhairleach um an nGaeilge sa Réimse Digiteach.
Cuirfidh an coiste nua “comhairle agus tacaíocht” ar fáil maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Dhigitigh don Ghaeilge agus faoi chúrsaí teicneolaíochta go ginearálta.
Ag an ócáid chéanna, fógraíodh próiseas tairisceana nua ag Údarás na Gaeltachta chun forbairt a dhéanamh ar “uirlis úrnua” don Ghaeilge a bheidh bunaithe ar an intleacht shaorga (AI).
Tá sé i gceist ag an tionscadal ‘Ard-Intleacht na Gaeilge’ uirlis a fhorbairt faoi dheireadh 2026 a chuirfidh seirbhísí cainte AI Gaeilge go Gaeilge ar fáil.
Dúirt Aire na Gaeltachta Catherine Martin go raibh sí “an-bhródúil” as an gcéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a fhoilsiú, plean ina leagtar amach “an fhís, mar aon leis na bearta a bhfuil i gceist tabhairt fúthu chun an fhís a fhíorú i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach”.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne gur “tús ré nua” a bhí ann san “aistear chun seirbhísí poiblí dátheangacha ar ardchaighdeán a lárú trasna na hearnála poiblí, i ndáil le cearta shaoránaigh na hÉireann faoin mBunreacht”.
Dúirt an tAire Stáit go raibh “áthas” air chomh maith faoi thionscadal nua Údarás na Gaeltachta, ‘Ard-Intleacht na Gaeilge’.
“Feictear le fógraí an lae inniu an obair nuálach go léir atá ar bun chun críche normalú na teanga i ngach réimse, agus tréaslaím leis na páirtithe éagsúla…” arsa Thomas Byrne.
Fág freagra ar 'An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge foilsithe ag an Rialtas'