An Piarsach agus Ros Muc á bplé ag Tionól Gaeltachta an Chonartha 2016

Beidh Tionól Gaeltachta na bliana seo ar siúl i gConamara, áit a bpléifear an nasc idir an Ghaeltacht agus Athbheochan na Gaeilge ag tús an chéid seo caite

Seosamh Ó Cuaig
Seosamh Ó Cuaig

Tabharfaidh duine a bhí gníomhach i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, Seosamh Ó Cuaig, óráid uaidh ag seimineár dár teideal ‘An Ghaeltacht agus Athbheochan na Gaeilge’ i Ros Muc ag deireadh na míosa seo.

Beidh an seimineár á reáchtáil mar chuid de Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge a bheidh á oscailt in Ionad Cuimhneacháin an Phiarsaigh Déardaoin 30 Meitheamh. Is é téama an Tionóil i mbliana Ros Muc agus an nasc atá ag an áit leis an bPiarsach agus le Cogadh na Saoirse.

I measc na gcainteoirí eile a bheidh ag labhairt ag an seimineár, an t-ochtú seimineár sa tsraith ‘Plé 16’, beidh Dáithí Mac Carthaigh, iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Edel Ní Churraoin, craoltóir le Raidió Fáilte as Indreabhán agus Caitríona Ó Torna, údar an leabhair Cruthú na Gaeltachta 1893-1922.  Is é Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, a bheidh ina chathaoirleach ar an seimineár.

Cuirfear tús leis an Tionól tráthnóna Déardaoin, 30 Meitheamh, nuair a sheolfaidh Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuirreáin, leabhar nua An Piarsach agus 1916: Briathar, Beart agus Oidhreacht, a chuir an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh in eagar.

Tabharfaidh lucht freastail an Tionóil cuairt ar ionaid éagsúla sa pharóiste a raibh baint acu le Pádraig Mac Piarais mar chuid den turas staire ‘An Piarsach, Ros Muc agus Cogadh na Saoirse’ Dé hAoine 1 Iúil, agus tabharfaidh cuid de mhuintir na háite cur i láthair do lucht an Chonartha faoi stair agus seanchas Ros Muc maidin Dé Sathairn.

Ar na himeachtaí eile a bheidh ag tarlú i gcaitheamh an deireadh seachtaine beidh seisiúin cheoil, rásaí húicéirí agus comórtas caite crúite.

Tá an Conradh tar éis pacáiste speisialta €240 a chur ar fáil a chlúdóidh trí oíche leaba agus bricfeasta, an seimineár, an cheolchoirm agus imeachtaí eile an Tionóil. Tá pacáiste eile ar fáil ar €190 a chlúdóidh dhá oíche i Ros Muc. Is féidir clárú leis an Tionól tríd An Siopa Leabar i mBaile Átha Cliath nó ar líne.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge go mbeidh fáilte roimh an bpobal a bheith i láthair ag an Tionól agus páirt a ghlacadh sa phlé ar chúrsaí Gaeltachta “mar a bhí anall, mar atá anois agus na féidearthachtaí sa todhchaí”.

Fág freagra ar 'An Piarsach agus Ros Muc á bplé ag Tionól Gaeltachta an Chonartha 2016'