An phríomhdhuais i gcomórtas tráchtaireachta náisiúnta buaite ag fear óg as Corca Dhuibhne

Bronnfar seic €1,000 agus duaiseanna eile ar Antaine Ó Seaghdha as mír thráchtaireachta a rinne sé ar chluiche ceannais peile na hÉireann 1982 idir Uíbh Fhailí agus Ciarraí

An phríomhdhuais i gcomórtas tráchtaireachta náisiúnta buaite ag fear óg as Corca Dhuibhne

Dara Ó Cinnéide, Seán Ó Ceallaigh, Máire Ní Bhraonáin, Liam Mac a’ Mhaoir agus Jamie Ó Tuama

Thug daltaí bunscoile agus iarbhunscoile i gCiarraí, i nGaillimh, i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh duaiseanna leo ag comórtas náisiúnta tráchtaireachta Gael Linn.

Is é Antaine Ó Séaghdha ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne a bhuaigh an phríomhdhuais i gComórtas Tráchtaireachta Gael Linn nuair a fógraíodh na buaiteoirí aréir.

Bronnfar seic €1,000 ar Antaine as mír thráchtaireachta a rinne sé ar chluiche ceannais peile na hÉireann 1982 idir Uíbh Fhailí agus Ciarraí.

Mar chuid den duais beidh deis ag Antaine seal a chaitheamh i mbosca tráchtaireachta TG4 ag cluiche le linn 2021 agus bronnfar ceithre thicéad isteach chuig Músaem Pháirc an Chrócaigh agus do thuras na staide agus cúig thicéad chuig a rogha cluiche sraithe peile nó iománaíochta i mbliana.

Reáchtáil Gael Linn an comórtas i gcomhar leis an gcomhlacht léiriúcháin Nemeton agus Cumann Lúthchleas Gael.

Bhí dhá rannóg ann, Rannóg A, do dhaltaí bunscoile/na sraithe sóisearaí agus ranganna GCSE, agus Rannóg B, do ranganna ardteistiméireachta, an idirbhliain agus ranganna A leibhéal.

Cuireadh ar fáil do na daltaí míreanna ó chluiche ceannais peile cáiliúil 1982, ó chluiche ceannais iomána 2013 idir An Clár agus Corcaigh agus ó chluiche ceannais Pheil na mBan 2014 idir Corcaigh agus Áth Cliath, agus ba faoin dalta tráchtaireacht a dhéanamh ar a rogha míre.

Ba iad na tráchtairí aitheanta Máire Ní Bhraonáin, Dara Ó Cinnéide, Liam Mac a’ Mhaoir agus Macdara Mac Donncha a bhí i mbun moltóireacht ar an gcomórtas i mbliana.

Sa rannóg do dhaltaí Ardteiste, thug Sibéal Ní Ógáin léi an chéad áit, roghnaíodh Éabha Ní Mhaolagáin ó Scoil Chaitríona i mBaile Átha Cliath sa dara háit agus tháinig Jack Devine ó Coláiste de la Salle i Maigh Chromtha sa tríú háit.

Sa rannóg do dhaltaí bunscoile agus daltaí na Sraithe Sóisearaí, tháinig Jeaic Ó Máirtín ó Scoil Éinne sa Spidéal sa chéad áit, Lúc Mac Gearailt ó Bhunscoil Bhaile an Fheirtéaraigh a bhí sa dara háit agus roghnaíodh beirt sa tríú háit, Mánus Ó Baoighill ó Scoil Chór Ard-Eaglais Phádraig i mBaile Átha Cliath agus Ruairí Ó hÓgáin ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne.

Dúirt Tomás Rua Ó Cadhla, Bainisteoir Roinn na Scéimeanna le Gael Linn, go raibh an eagraíocht thar a bheith bródúil as an éileamh a bhí ar an gcomórtas i mbliana. 

“Suíonn an Comórtas Tráchtaireachta isteach leis na haidhmeanna atá againn i Roinn na Scéimeanna Gael Linn agus táimid thar a bheith buíoch as an tacaíocht a thug Oifigeach Gaeilge Pháirc an Chrócaigh dúinn. Tá an-tóir ar chraoladh na gcluichí le tráchtaireacht Ghaeilge a bhuíochas don obair iontach a dhéanann Nemeton TV agus TG4.” 

Fág freagra ar 'An phríomhdhuais i gcomórtas tráchtaireachta náisiúnta buaite ag fear óg as Corca Dhuibhne'