An phráinn a bhaineann leis an tsíocháin a neartú agus a fhorbairt

Tháinig na Meiriceánaigh aniar an tseachtain seo ag cur cos i dtaca ar mhaithe le Comhaontú Aoine an Chéasta

Ba thráthúil mar a tháinig na Meiriceánaigh bliain is fiche tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta agus iad diongbháilte go gcosnódh siad an Comhaontú agus an tsíocháin.

Ar ndóigh meabhrú uafásach ab ea marú an iriseora óig Lyra McKee i nDoire Dé hAoine ar an tábhacht a bhaineann leis an obair sin.  

Ach más minic sinn ag casaoid faoi Stáit Aontaithe Mheiriceá a bheith ag cur a ladar i ngnóthaí inmheánacha thíortha eile níorbh amhlaidh an cás an babhta seo. Chuir daoine atá buartha faoi éifeacht an Bhreatimeachta fáilte mhór roimh thoscaireacht na nDaonlathach faoi cheannas an spéicéara Nancy Pelosi.

Bhí teachtaireacht neamhbhalbh ag Pelosi i Londain, i mBaile Átha Cliath, cois na teorann, i nDoire agus i mBéal Feirste. Bheadh imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach ar choinníollacha a dhéanfadh dochar don Chomhaontú agus don teorainn doghlactha ag Teach na Comhdhála in Washington.

Ba é an port céanna é ag a comhghleacaithe ardchéimiúla.

“Is urraithe sinne freisin ar an gComhaontú,” a dúirt Richard Neal, Cathaoirleach cumhachtach an Choiste um Bealaí agus Modhanna. Thacaigh sé leis an rabhadh a bhí tugtha ag Pelosi arís agus arís eile don Bhreatain go mbeadh margadh trádála le Meiriceá ‘dodhéanta’ dá gcuirfí Comhaontú Aoine an Chéasta i mbaol.

Mhaígh roinnt i Londain gur chur i gcéill iad na fainicí faoin teorainn agus nach mbeadh an chumhacht ag Nancy Pelosi ná a comhthoscairí chun tionchar a imirt ar an mhargáil; is leis an bhFeidhmeannas a dhéanfaí idirbheartaíocht, dar leo. Ba é freagra na dtoscairí gur mhíthuiscint a bhí ansin ar fheidhmiú na Comhdhála a chaitheann vótaí chun glacadh le socrú nó diúltú dó. Mar Chathaoirleach an Choiste um Bealaí agus Modhanna is é gnó Richard Neal maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas.

D’ainneoin na mbréagaislingí a scaipeadh roimh an reifreann faoi bhallraíocht san Aontas Eorpach in 2016, ní foláir nó gur mhúscail briathra na Meiriceánach David Davis, Liam Fox agus a gcairde óna néal.

Cé gur daonlathaigh ar fad a bhí ar an toscaireacht bhí siad cinnte go mbeadh tacaíocht dhépháirteach ag a bpolasaí. Mheabhraigh Neal, in agallamh le Caitríona Perry ar RTÉ, gur bhuíon dhépháirteach iad ‘Friends of Ireland’ a ghlac páirt san obair chun Comhaontú Aoine an Chéasta a bhaint amach.

Bheadh gach éinne den bhuíon sin míshásta le cor ar bith a lagódh an Comhaontú nó a threiseodh an teorainn, a dúirt sé agus chuirfidís ina choinne. Ina aitheasc tar éis céim oinigh a fháil ó Ollscoil Mhic Aoidh i nDoire, dúirt Neal nach raibh aon rogha eile a bhí ar comhchéim le Comhaontú Aoine an Chéasta agus go gcaithfí é a chaomhnú agus a neartú.

Ba mhór idir an cúram a dhéanann polaiteoirí Meiriceánacha fearacht na ndaoine ar an toscaireacht sin do ghnóthaí na hÉireann agus Comhaontú Aoine an Chéasta agus neamhshuim an Uachtaráin Trump agus a fheidhmeannas iontu. Níl an próiseas chun Ambasadóir Mheiriceá chun na hÉireann a cheapadh ach ina thús dhá bhliain ó insealbhaíodh an tUachtarán Trump. Ní léir go bhfuil dul chun cinn déanta ach an oiread maidir le toscaire a cheapadh, d’ainneoin Stormont a bheith caite i dtraipisí le dhá bhliain.

Ní nach ionadh ní raibh aontachtaithe róthógtha le leagan amach na toscaireachta ó Washington. Mar is gnách, ba é Jim Allister ón TUV ba dhéine orthu. Mhaígh sé nach raibh iontu ach an dream is deireanaí d’ionadaithe as Meiriceá a thagann anseo agus gan eolas cruinn acu faoin áit. Bhí súil ag an DUP gur thuig an Spéicéir Pelosi go raibh an ghné thoir/thiar den Chomhaontú tábhachtach chomh maith leis an ngné thuaidh/theas.

Tá diúltú an DUP don chúlstad bunaithe ar a n-éileamh nach ndéanfaí deighilt de chineál ar bith idir Tuaisceart Éireann agus an chuid eile den Ríocht Aontaithe. Údar gearáin ag go leor aontachtaithe is ea an bhéim ar cheist na teorann cé nach bhfuil foráil ar bith sa Chomhaontú mar gheall uirthi. Ní ghlacann siad leis go raibh dímhíleatú na teorann agus athoscailt na mbóithre a bhí druidte (sa mhullach ar shaoirse ó chustaim i ngeall ar an Aontas Eorpach) de dhlúth agus d’inneach i bpróiseas na síochána agus i múnlú an Chomhaontaithe.

Argóint in aisce ab ea é sin fad is a bhain sé leis an toscaireacht ó Washington a mheas gur cheart don Ríocht Aontaithe a chinntiú go mbeadh cibé coinníollacha atá uathu ag teacht leis an gComhaontú. Bhí súil ag Nancy Pelosi nach raibh sa bhagairt don Chomhaontú ón mBreatimeacht ach iomrall nó seachrán ón gcúram práinneach an Comhaontú agus an tsíocháin a neartú agus a fhorbairt.

Fág freagra ar 'An phráinn a bhaineann leis an tsíocháin a neartú agus a fhorbairt'