An Pastor McConnell neamhchiontach ach ceist dúisithe ag a chás faoi cad is caint ‘rómhaslach’ ann

Baothchaint mhaslach ab ea racht frith-Ioslamach an Mhinistir ach níor choir é faoin dlí

 

james-mcconnell

‘Ní gnó don dlí coiriúil é cinsireacht a dhéanamh ar chaint mhaslach,’ a dúirt an breitheamh McNally i gcúirt dhúiche Bhéal Feirste is é ag fógairt go raibh an ministir soiscéalach James McConnell, 78 bliain, neamhchiontach.

Cúisíodh an tréadaí ón Whitewell Metropolitan Tabernacle i dtuaisceart Bhéal Feirste as seanmóir chonspóideach a thug sé sa Bhealtaine 2014 agus a craoladh ar an idirlíon. Le linn na seanmóra a mhair uair go leith dúirt an ministir nach raibh Moslamaigh iontaofa mar dhaoine agus go raibh ‘olc nua’ ar an bhfód. Bhí Ioslamachas “págánach, sátanach” le “teagasc as Ifreann”, a dúirt sé.

Nóiméad a mhair an chaint fhrith-Ioslamach a ghoill go mór ar an bpobal Ioslamach i dTuaisceart Éireann agus a chothaigh faitíos go n-úsáidfí na briathra mar leithscéal chun iad a ionsaí. Scéal thairis é anois ach chuir Peter Robinson leis an gconspóid ag an am nuair a rinne sé iarracht an ministir a chosaint agus b’éigean dó leithscéal a ghabháil le grúpaí Ioslamacha abhus.

B’iad an dá chúis a cuireadh i leith an mhinistir go raibh an chaint ródhéistineach rómhaslach (grossly offensive) agus gur craoladh an chaint sin go leictreonach. Chinn an breitheamh nár sháraigh na briathra ‘ródhéistineacha’ an dlí agus, dá bhrí sin, go raibh an cúisí neamhchiontach sa dá chúis. Ba léir gur chreid an breitheamh go raibh an chaint maslach ach dúirt sé go gcaithfí a thuiscint sna cúirteanna nach sárú ar an dlí a bhíonn i gceist i gcónaí le caint shuarach, ghránna agus mhaslach

I ndiaidh an bhreithiúnais, mhaígh cuid de lucht tacaíochta an mhinistir nár cheart é a bheith tugtha chun cúirte in aon chor, go ndeachaigh an tSeirbhís Inchúisimh thar fóir agus go raibh ceisteanna le freagairt acu. Chosain an tSeirbhís a gcinneadh agus dúirt gur léirigh an éisteacht cúirte gur cheist chasta a bhí faoi chaibidil agus difríocht chaolchúiseach ann idir a bheith maslach agus rómhaslach. Bhí gá le rialú cúirte sa chás seo, a dúradh. Bhí Sammy Wilson ón DUP agus Jim Allister TUV i measc na ndaoine a sheas le McConnell ón tús ag rá gur bhain a chás le saoirse cainte. Bua don saoirse cainte ab ea cinneadh an bhreithimh, dar leo. Bhí daoine eile a thacaigh leis an ministir ar bhonn saoirse cainte ach a dhearbhaigh go neamhbhalbh nár aontaigh siad féin lena chuid cainte.

Bhí an Pastor McConnell féin ríméadach. Bhí sé buíoch dá theaghlach, dá lucht tacaíochta, dá dhlíodóirí agus don bhreitheamh, cé gur léir go raibh an chluas bhodhar á tabhairt aige do chomhairle an bhreithimh chéanna guaim a choinneáil air féin. Chuir sé racht eile de taobh amuigh den chúirt nuair a thug sé fogha faoi chúirteanna Sharia sa Bhreatain. Dúirt sé le h-iriseoirí go raibh aiféala air gur ghlac Ioslamaigh i dTuaisceart Éireann masla óna sheanmóir; ní raibh sé ar intinn aige iad a ghortú, ar sé. Ansin dúirt sé go ndéarfadh sé an rud céanna arís ach ar bhealach difriúil.

Cothaíonn an rialú an-chuid ceisteanna faoi cathain gurb ionann labhair go maslach agus coir a dhéanamh – sé sin in aghaidh an dlí. B’fhurasta  glacadh leis go raibh briathra an mhinistir “ró-dhéistineach”, a dúirt an breitheamh McNally. Rinne sé machnamh os ard faoi cad a tharlódh dá ndéarfadh praeitseálaí Moslamach gur creideamh “págánach, sátanach” í an Chríostaíocht.

Cheapfainn, ar sé, go mbeadh rabharta gearán faoi, i bhfad níos mó ná mar a rinneadh faoi sheanmóir an mhinistir McConnell. Ach b’éigean don chúirt feidhmiú de réir théarmaí an dlí.

Tá díospóireacht faoin dlí riachtanach gan dabht. Ba cheart saoirse cainte a chosaint fearacht cearta eile, ar ndóigh agus níor chóir a dhul thar fóir le ceartaiseacht pholaitiúil. Ach ní mór daoine a chosaint ón bhfuath más le gníomh nó briathar é.

Fág freagra ar 'An Pastor McConnell neamhchiontach ach ceist dúisithe ag a chás faoi cad is caint ‘rómhaslach’ ann'

  • Eoin Ó Cróinín

    Ní hé feidhm an dlí daoine a ‘chosaint ón bhfuath’. Tá lánchead ag Moslamaigh a gcreideamh a chleachtadh cé go ndeirtear ina leabhar naofa gur moncaithe agus muca iad siúd nach gcreideann i nDia. Níl aon dabht ach go spreagann sé sin fuath, ach glacaim leis go bhfuil cead ag Moslamiagh a leithéid de rud a rá. Ach sa tslí chéanna tá cead ag daoine eile a rogha rud a rá faoi Ioslam, agus a chur in iúl go bhfuil teagaisc áirithe sa reiligiún nach dtaitníonn leo, faoi mar a rinnne James McConnell. A fhad is nach bhfuil gníomh foiréigin á mholadh ag duine ar an mball, ba cheart go mbeadh cead aige/ aici a rogha rud a rá. Na dlíthe fuatha atá curtha i bhfeidhm san Eoraip cuireann siad bac ar shaoirse cainte. Anois tá eagla ar dhaoine aon ghné de chultúr mionlaigh a cháineadh ar eagla go mbeidh fuath á múscailt acu.

    Anuas air sin, tá géarleanúint á déanamh ar Mhoslamaigh as ucht ráitis frith-Iartharacha, rud a dhéanann níos mó dochair ná maitheas mar go dtiomáineann sé caint aintoisceach faoin talamh. In áit díospóieacht oscailte, gan srian a bheith againn, tá eagla ar gach éinne rud éigin maslach a rá faoin dream eile, ní ar mhaithe lena mothúcháin a spáráil ach toisc go bhfuil eagla orthu roimh an dlí. Ach ní chuireann sé seo deireadh leis an bhfuath – a mhalairt atá fíor. Nuair is gá do mhothúcháín a chur faoi cheilt agus faoi chois, neadaíonn fearg sa chroí agus téann sé in olcas. Ní chabhraíonn dlíthe fuatha linn teacht ar chomhréiteach, mar sin.