An oíche a ndeachaigh Nell McCafferty agus Eamonn Casey go Páirc an Chrócaigh ag breathnú ar Muhammad Ali…

Tá baois agus gaois san uasdátú atá déanta ag Dave Hannigan ar a leabhar iontach faoi theacht Muhammad Ali go hÉirinn i 1972

An oíche a ndeachaigh Nell McCafferty agus Eamonn Casey go Páirc an Chrócaigh ag breathnú ar Muhammad Ali…

Muhammad Ali. Pic: INPHO/Allsport

The Big Fight

Dave Hannigan

Merrion Press: €18.99

Tá Donald McRae ar dhuine de na scríbhneoirí is iomráití ar chúrsaí dornálaíochta dá bhfuil ann, ach deir sé gurb é an leabhar is déanaí aige, The Last Bell, an ceann deireanach a thiocfaidh óna pheann agus é bréan den taobh dorcha den spórt.

Tá drugaí agus an choiriúlacht lárnach i scéal na dornálaíochta le blianta fada agus tá sé níos deacra ná riamh neamhaird a dhéanamh orthu. Anuas air sin, tá an gheopholaitíocht agus cos ar bolg tarraingthe isteach sa scéal le blianta beaga anuas agus tionchar na hAraibe Sádaí ag fás, rud a fhágann gurb é Riyadh anois príomhchathair na dornálaíochta seachas Nua-Eabhrac nó Las Vegas mar a bhíodh.

Ní haon iontas é go bhfuil Daniel Kinahan lárnach i leabhar nua McRae agus déistin ar an scríbhneoir mar gheall ar an bhfáilte atá curtha ag lucht dornálaíochta roimh Kinahan. Coirpeach agus dúnmharfóir atá i Don King, duine de na poiblitheoirí dornálaíochta is cáiliúla riamh, ach scéal eile ar fad é ceann Kinahan, atá i gceannas ar chairtéal coiriúlachta idirnáisiúnta.

Faraor, seans go bhfuil Kinahan ar dhuine de na hÉireannaigh is cumhachtaí sa dornálaíocht faoi láthair ach má tá McRae ag iarraidh blaiseadh a fháil den scil, den draíocht agus den rógaireacht a mheall é chun an spóirt ar dtús, mholfainn dó cóip den leabhar The Big Fight le Dave Hannigan, a phiocadh suas, mura bhfuil sé aige cheana.

Insítear sa leabhar an scéal faoi theacht Muhammad Ali go hÉirinn i samhradh na bliana 1972 chun troid i bPáirc an Chrócaigh, faoin tseachtain a chaith an fear ba cháiliúla ar domhan i mBaile Átha Cliath, faoin gcaoi ar fhág sé muintir na tíre faoi gheasa agus faoin gcaoi a ndeachaigh an tír a i bhfeidhm airsean chomh maith.

Éacht ar leith a bhí ann Ali a thabhairt go hÉirinn agus deir Hannigan gur chun ómós ceart a thabhairt do phríomhúdar an phlean, an Chiarraíoch Michael ‘Butty’ Sugrue, i measc cúiseanna eile, a chinn sé uasdátú a dhéanamh ar an leabhar seo a foilsíodh ar dtús in 2002.

Is maith an rud go ndeachaigh Hannigan i mbun pinn arís mar gurb é Sugrue duine de phearsana móra an leabhair. Baisteadh ‘Butty’ air mar gur fear beag talmhaí a bhí ann ach bhí sé láidir agus bhí sé glic. Agus é ina fhear óg, d’imigh Butty ón arm go dtí portaigh Uíbh Fhailí go dtí an sorcas, áit ar bhain sé cáil amach as a chuid nirt agus a sheifteanna poiblíochta.

Cinnte is beag cosúlacht atá idir Butty agus Daniel Kinahan ach bhí geábh amháin ann nuair a d’fhág an Ciarraíoch fear i gcónra. Cleas eile de chuid Butty a bhí ann, áfach, agus fear – Mick Meaney – a bhí ag obair i mbeár aige thall i Londain curtha faoi thalamh ar feadh 61 lá.

Níl aon amhras ach gurb é an cleas is mó ar thug Butty faoi ná Ali a thabhairt go hÉirinn ceithre bliana ina dhiaidh sin. Ní raibh Ali ach cúpla bliain ar ais ón tréimhse fionraíochta a gearradh air as diúltú troid i gCogadh Vítneam, é 30 bliain d’aois agus cuid de na troideanna is mó a luaitear leis, an ‘Rumble in the Jungle’ agus na ‘Thrilla in Manila’ fós le teacht.

Chaill Ali troid do chraobh dhomhanda i gcoinne Joe Frazier i 1971 agus chun íoc as an saol na bhfuíoll a chleacht sé, bhí air dul ag taisteal agus ag troid. Bhí comhraic aige i dTóiceo, Zurich, Ceanada agus Las Vegas i dtréimhse sé mhí sular tháinig sé go hÉirinn i lár mhí Iúil 1972.

Muhammad Ali i mBaile Átha Cliath in 1972. Pic: INPHO/Allsport

Ocht lá a chaith Ali in Éirinn agus sa gcur síos sa leabhar tugtar léargas ar an spraoi, an éagantacht agus an strus a bhain leis an ócáid ón lá a leandeáil Ali i mBaile Átha Cliath agus maide droighin bronnta air, go dtí i ndiaidh na troda nuair a bhí Butty ag íoc daoine le hairgead tirim a bhí coinnithe aige i mála dubh san árasán beag a bhí aige ar Shráid Sheáin Mhic Diarmada.

Daoine geanúla iad Butty agus céile comhraic Ali, Al ‘Blue’ Lewis chomh maith, fear a mbeadh nach mór an oiread céanna ceana agat air faoi dheireadh an leabhair is a bheadh agat ar an réalta mhór féin.

Tá na céadta leabhar scríofa cheana faoi shaol Ali ach cé go bhfuil cinn níos cuimsithí ann, is féidir an ceann seo a áireamh i measc na leabhar is fearr agus blaiseadh ann de gach ar bhain leis, an mhaith, an t-olc, an ghaois agus an bhaois.

Bhí Ali tar éis labhairt amach go láidir ar son deighilte ar bhonn cine sna blianta roimhe sin ach mhaolaigh an fháilte a cuireadh roimhe in Éirinn an dearcadh sin de bheagán.

Bhíodh Baile Átha Cliath ina stad aon uair a bhfágadh sé an t-óstán agus daoine ag iarraidh radharc a fháil air agus dúirt Ali gurb é an Taoiseach Jack Lynch an chéad cheann stáit san Iarthar a thug cuireadh dó casadh leis. Cuireadh Teach Laighean trína chéile ag a chuairt.

Ní hamháin sin, ach d’iarr an Loingseach ar Ali seasamh i bhfothoghchán Chorcaigh Láir a bhí le reáchtáil an mhí sin. “Má fhanann tú timpeall sách fada, b’fhéidir go mbeadh tú i d’uachtarán,” a dúirt an Taoiseach. Níor thug sé faoin Áras áfach agus é bailithe leis chomh luath agus a bhí an troid thart agus caighdeán na dtrodaithe atá luaite leis an uachtaránacht tite go mór ó shin, faraor.

Mar a tharla sé, ba é an Taoiseach an dara duine ar chas Ali leo in Éirinn a roghnaíodh ar Fhoireann Iomána an Mílaoise. Thug Eddie Keher taispeántas iomána dó níos luaithe sa tseachtain, léargas beag eile ar dhá rud a bhí go hiomlán éagsúil – Éire na seachtóidí agus Muhammad Ali – ag teacht le chéile.

Níl léiriú níor fearr air sin ná lá na troda féin. Bhí Micheál Ó hEithir ina fhear an tí agus an dornálaí ón Spidéal Máirtín Thornton, an ‘Connemara Crusher’, ina measc siúd a cuireadh i láthair an tslua.

Thug na mílte nár íoc isteach rúid faoi Chnoc a 16 fhad is a bhí na Dubliners ag seinm Amhrán na bhFiann. Ag faire orthu sna suíocháin tosaigh bhí cara nua Ali, Jack Lynch, agus an tEaspag Eamon Casey taobh leis.

I ndiaidh na troda, stop Angelo Dundee Nell McCafferty ag dul isteach sa seomra feistis mar nach raibh snáth ar a throdaí ach an tuáille. Leabhar é seo atá lán de scéalta agus radharcanna beaga mar sin agus cora casta Ali agus na hÉireann curtha os ár gcomhar.

Fág freagra ar 'An oíche a ndeachaigh Nell McCafferty agus Eamonn Casey go Páirc an Chrócaigh ag breathnú ar Muhammad Ali…'