An obair athchóirithe ar thigh an údair Tomás Ó Criomhthain críochnaithe

Tá pictiúir nua curtha ar fáil ag an OPW den chuma atá anois ar thigh an údair aitheanta

An obair athchóirithe ar thigh an údair Tomás Ó Criomhthain críochnaithe

Tá an obair athchóirithe ar thigh an údair Tomás Ó Criomhthain sa Bhlascaod Mór críochnaithe ag an OPW agus pictiúir curtha ar fáil acu den chuma atá anois ar an dtigh.

I ráiteas ó Oifig na nOibreacha Poiblí dúradh gurbh í “an fhís” a bhí acu “ná go bhfeicfeadh na cuairteoirí an saol ar na Blascaodaí go díreach mar a bhí sé agus go bhfeicfeadh siad an saol crua a bhí ag pobal na háite sular thréig an 22 duine deireanach an t-oileán faoi dheireadh sa bhliain 1953”.  

Deineadh athchóiriú ar theach eile san oileán chomh maith mar chuid den tionscadal. Dúirt an OPW go gcuirfear fáilte sa teach sin roimh chuairteoirí agus go mbeidh sé “ina bhunáit do threoraithe Oifig na nOibreacha Poiblí i gcaitheamh an tséasúir turasóireachta”. Dúradh gur 10,000 duine a thugann cuairt ar an mBlascaod le linn an tséasúir sin gach bliain. Timpeall €300,000 a caitheadh ar an dá thigh a athchóiriú.

Ba é Tomás Dhónaill Ó Criomhthain féin a thóg an tigh timpeall na bliana 1888 agus tá cur síos aige in An tOileánach ar an obair a dhein sé:

“Timpeall deich mbliana tar éis pósta dhom do thógas tigh nua. Níor shín fear cloch chugham, ná mairtéal, faid a bhíos á dhéanamh agus do chuireas féin ceann air. Ní tigh mór é; mar sin féin dá mbeadh Rí Seoirse ar a laethanta saoire ar feadh mí ann níorbh é gráinneacht an tighe ba ghalar báis do.”

Ag scríobh dó ar an iris Comhar , dúirt an craoltóir agus saineolaí ar shaol an Bhlascaoid, Daithí de Mórdha, gur “saghas ollscoil a bhí i dtigh seo an Chriomhthainigh” agus gurb ann a mhúin Tomás an Ghaelainn do scoláirí ar nós Carl Marstrander, Robin Flower agus Brian Ó Ceallaigh.

“Díol spéise,” a dúirt de Mórdha, “is ea an mám suntasach litríochta a ceapadh nó a bailíodh sa tigh – na leabhair Allagar na hInise, An tOileánach, Dinnsheanchas na mBlascaodaí agus Seanchas Ón Oileán Tiar, scata giotaí, amhráin agus ailt”.

Thug sé le fios go bhfuil sé i gceist an tigh a athchóiriú faoi mar a bhí leis an gceann adhmaid clúdaithe le feilt agus tarra a bhíodh ar fhormhór na dtithe ar an oileán.

“Tá sé i gceist na hairm agus an trealamh a bhíodh in úsáid san oileán, agus in Iarthar Dhuibhneach i gcoitinne, a chur ar taispeáint sa tigh, chun go mbeadh léargas éigin ag cuairteoirí ar shaol an oileáin ag tús an fichiú haois. Tabharfaidh athchóiriú an tí stádas cuí do dhuine de na scríbhneoirí is tábhachtaí Gaelainne a tharraing peann chuigis riamh,” a dúirt Dáithí de Mórdha.

Fág freagra ar 'An obair athchóirithe ar thigh an údair Tomás Ó Criomhthain críochnaithe'

  • Maidhc

    Cé a dhein an obair shlachtmhar ghreanta sin? Ach cén ‘BER rating’ atá aige? Tá súil agam ná béarfaidh an chamfheothain ceann an tí léi, áfach!

  • maidhc

    Seachain an chamfheothain!