An nuacht áitiúil an chuid is tábhachtaí ar fad de sheirbhís Raidió na Gaeltachta

Coinníonn lucht na nuachta slán Gaeilge na Gaeltachta ach bíonn siad seasta síoraí ag cumadh téarmaíochta nua a fheileann don saol nua-aimseartha

An nuacht áitiúil an chuid is tábhachtaí ar fad de sheirbhís Raidió na Gaeltachta

Iarradh orm le gairid mo thuairim a thabhairt faoin nuacht áitiúil a bhíonn ar Raidió na Gaeltachta. “Seirbhís den scoth atá inti,” arsa mise.

“Tá ómós an domhain mhóir agam don fhoireann a chuireann ar fáil í.”

Mná is mó atá sna seomraí nuachta i Raidió na Gaeltachta le tamall maith anois. Is mór an t-athrú ar an saol é nuair a chuirtear san áireamh nár ceapadh banchraoltóir ar bith i Raidió na Gaeltachta nuair a thosaigh an stáisiún ag craoladh i dtosach.

Níor ceapadh aon iriseoir ach an oiread.

B’éigean do Cheardchumann na nIriseoirí feachtas láidir a chur ar bun leis an éagóir a leigheas.

Lena chur i mbeagán focal, tá mé lánchinnte gurb í an nuacht áitiúil an chuid is tábhachtaí ar fad de sheirbhís Raidió na Gaeltachta.

Tá sin amhlaidh ó thaobh mhuintir na Gaeltachta féin agus chomh fada agus a bhaineann an scéal leis an dream atá ag foghlaim na Gaeilge nó ag iarraidh a gcuid Gaeilge a fheabhsú.

Tá sé ag luí le réasún go mbeadh suim ag daoine i nuacht áitiúil is cuma cén teanga a bheadh á labhairt acu. Tabhair cóip de nuachtán réigiúnach do dhuine ardléannta a bhfuil tuiscint aige do nuacht an domhain agus tá sé chomh dócha lena athrach gur ar na nótaí nuachta as a cheantar féin a chaithfeas sé súil i dtosach.

Is breá an rud tuairisc a fháil ar an gcor is deireanaí i gcogadh na hÚcráine ach is práinní ná sin faisnéis a bheith ar fáil faoi shocruithe sochraide gar do bhaile, gan trácht ar eolas barainneach faoi phraghsanna earraí agus faoi fhógraí rialtais áitiúil agus stáit.

Ó thaobh an dream atá ag foghlaim na Gaeilge is mór an áis dóibh go bhfuil fáil acu ar an gcuid is fearr de Ghaeilge na Gaeltachta chuile lá ar an nuacht áitiúil. Gaeilgeoirí cumasacha a scríobhann agus a léann í.

Coinníonn siad slán Gaeilge na Gaeltachta ach bíonn siad seasta síoraí ag cumadh téarmaíochta nua a fheileann don saol nua-aimseartha.

Bíonn an comharchumann agus an comhar creidmheasa ar a mbéal acu. Bíonn Údarás na Gaeltachta ag cur tograí chun cinn agus ag dul i ngleic le fadhbanna.

Faigheann daoine piollairí sa gcógaslann, cuirtear fios ar na seirbhísí éigeandála scaití agus, ar an drochuair, cuirtear daoine san ionad dianchúraim san ospidéal.

Tá calafort domhainmhara á réiteach i Ros a’ Mhíl agus tá dréachtphlean forbartha do cheantar an chalafoirt foilsithe.

Tá muid cráite sa taobh seo den tír ag rialacha géara timpeallachta.

Tá rud eile ann faoi neartú na Gaeilge trí nuacht áitiúil Raidió na Gaeltachta agus is é sin go bhfuil an tseirbhís le cloisteáil ar fud na cruinne.

Nuair a fhoilsítear leabhar i nGaeilge ní hiondúil go mbíonn díolaíocht mhór uirthi. Is mó go mór an pobal a shroicheann an nuacht a chraoltar.

Ní hé amháin go bhfuil na craoltóirí ag fáil cleachtadh i gcónaí ar an nuacht a léamh go breá soiléir ach bíonn siad ag coraíocht seasta leis an ábhar a scríobh go héifeachtach.

Ní haon chúis iontais go mbíonn cúpla duine acu ag déanamh obair aistriúcháin ar leabhair ar na saolta seo. Is maith uathu go deimhin.

Chuir na ceantair éagsúla eolas ar na canúintí éagsúla le bunú Raidió na Gaeltachta. Tá daoine ann a déarfadh gurb é an trua nach í an chanúint chéanna atá thiar, theas agus thuaidh. Ní aontóinn leo.

Ach oiread le chuile thír eile bhí canúintí in Éirinn riamh.

Deirtear liom go bhfuil trí cinn déag agus trí fichead i nGearmáinis na hEilvéise.

Fág freagra ar 'An nuacht áitiúil an chuid is tábhachtaí ar fad de sheirbhís Raidió na Gaeltachta'

  • Pól

    Is fíor an méid sin uait sin agus is breá liom éisteacht leis an nuacht áitiúil.

  • Éisteoir Dílis

    Tá an ceart uiliog agat a Sheosaimh gur seirbhís den scoth nuacht áitiúil atá á chur ar fáil ag Radio na Gaeltachta le blianta fada. Agus is maith an rud é go bhfuil na mná chun cinn sna cúrsaí sin……..
    Mar sin féin ní bhíonn saoí gan locht.
    Is minic botúin gramadaí agus easpa comhréire a bheith sna scéalta nuaíochta a thagans ó na ceantair éagsúla. Thiocfadh liom a lán a rá faoi seo ach ní mé an bhfuil na bainisteoirí sa radio ag tógáil aon áird air.
    Ach ní hé sin is measa a chuireann cantal orm. Nil mórán spéise agam i gcursaí spóirt ach is minic a chuireann clárachaí spóirt isteach ar an sceideal (focal nua eile a Sheosamh) nuaíochta ach go háirid ar an deire seachtaine. Is minic a théann tráchtaireacht spóirt thar am agus a leithéide is nach mbíonn fhios againn cén t-am go baileach a bhíonns an nuaíocht le bheith ann.
    Rud eile a tharlaíonn ró-mhinic is ea nách mbíonn studio áirid ar fáil – thuaidh nó theas nó thiar. Sílim gur cúrsaí teicneolaíochta faoi dearr é seo seachas gan na daoine a bheith ar fáil sna stúdíonnaí.
    Bhí mé ag éisteach le clár deas ceoil maidin Dé Domhnaigh seo caite agus mé ag fanacht leis an nuaíocht ar 9 a chlog. Is léir go raibh mearbhall éicint ann mar gur dhúirt an craoltóir nach raibh fhios aici an raibh an nuaíocht ann nó nach raibh. Go deimhin ní raibh.
    Tugann na nithe seo ar fad droch-chuma ar an stáisiún is ansa linn uiliog.

  • Mairead de Faoite

    An Nuacht Aitiuil ar RnaG – Serbhise iontact do muintir na Gaeltachta ata thar lar.
    Máiread

  • Pól

    Labhrann an chuid is mó acu go breá socair ach tá cuid acu a labhrann ró-ghasta ar fad. Go háirid ó dheas!

  • An tEisreachtach

    Deirtear thuas: ‘Coinníonn siad slán Gaeilge na Gaeltachta ach bíonn siad seasta síoraí ag cumadh téarmaíochta nua a fheileann don saol nua-aimseartha.’

    Ba cheart do dhuine éigin a rá leo go bhfuil Coiste údarásach Téarmaíochta ag an stát le téarmaí nua Gaeilge a chumadh.