An t-am seo anuraidh d’éirigh leis na hAll Blacks greim a choinneáil ar Chorn Rugbaí an Domhain, an t-aon fhoireann a rinne é sin ó thús an chomórtais i 1987. Is fiú a mheabhrú freisin gur éirigh leo ceithre úd nó níos mó a aimsiú i chuile cheann de na sé chluiche a d’imir siad sa gcomórtas sin. Ní hamháin sin, ach ba naoi bpointe dhéag an bhearna ba lú a bhí eatarthu agus aon fhoireann a d’imir siad.
Chomh luath agus a bhí corn an Webb Ellis slán ar ais sa Nua-Shéalainn, d’éirigh Dan Carter, Ma’a Nonu, Conrad Smith agus Keven Melamu as an rugbaí idirnáisiúnta. D’éirigh Richie McCaw, an captaen a threoraigh an Nua-Shéalainn chuig dhá chorn dhomhanda, as rugbaí a imirt ar fad. Díreach mar a tharla nuair a stop Henry Shefflin ag imirt dá chontae, cheap pobal rugbaí an domhain go mbeadh seans faoi dheireadh thiar ag foirne eile agus cúigear de na himreoirí is fearr a d’imir rugbaí riamh imithe leo. Bhuel, ní mar a shíltear bítear!
Ón am ar chríochnaigh an Corn Domhanda, d’imir foireann nua na nAll Blacks deich gcluiche agus bhí an bua acu i chuile cheann acu. Ní hamháin gur bhuaigh siad an Rugby Championship gan stró ach náirigh siad An Astráil, An Afraic Theas agus An Airgintín ar an mbealach. Cheap muid ar fad gurb é Dan Carter an t-imreoir uimhir a deich ab fhearr dá bhfaca muid riamh, ach ní túisce a gheansaí idirnáisiúnta curtha i dtaisce aige gur tháinig na hAll Blacks ar bheirt, Beauden Barrett agus Aaron Cruden, atá chuile phioc chomh maith leis.
Anois an Satharn seo, tabharfaidh an fhoireann fhíochmhar seo ón domhan theas faoi na Gaeil os comhair 67,000 lucht féachana thall i Soldier Field i Chicago. Cinnteoidh an cluiche seo os cionn milliún euro brabach don IRFU agus is cinnte go mbeidh fáilte roimhe sin ach céard faoin gcluiche agus an toradh?
D’imir muid na hAll Blacks ocht mbabhta fichead go dtí seo agus níor éirigh linn an lámh in uachtar a fháil orthu fós, cé go raibh muid ar comhscór babhta amháin (Eanáir 1973, i bPáirc Lansdúin). Trí bliana ó shin, is beag nach ndearna muid an gnó, ní raibh ach nóiméad amháin le n-imirt agus na Gaeil chun cinn nuair a d’aimsigh na hAll Blacks úd a chinntigh bua dhá phointe dóibh (24 – 22).
Níl mise cinnte an mbeidh muid in ann an rud céanna a dhéanamh i Chicago. Seans nach leor an choicís réitigh a bhí ag na Gaeil don chluiche seo. Ní tada é i gcomparáid leis an gcúpla mí atá caite ag na hAll Blacks le chéile agus iad ag imirt sa Rugby Championship. Caithfidh Joe Schmidt teacht ar sheift nua más faoi na Gaeil brú a chur ar churaidh an domhain. Ach ní leor sin. Caithfidh siad brú a chur ar an bhfreasúra ón gcéad go dtí an t-ochtódú nóiméad rud nach mbeidh éasca, go háirithe nuair a chuireann tú an tallann ar bhinse na nAll Blacks san áireamh.
Le aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne, beidh mé sásta le taispeántas cruthaitheach a leanfaidh go deireadh an chluiche. Má éiríonn linn é sin a dhéanamh agus tógáil air i gcoinne Cheanada sa mbaile faoi cheann seachtaine, seans go mbeidh muid san áit cheart le tabhairt faoi na hAll Blacks san Aviva faoi cheann coicíse. Sin an sprioc a bheadh agamsa.