An Nollaig Thiar? Ní hea – an Nollaig Thar Lear, leat féin…

An mbeidh an Nollaig á caitheamh i bhfad ó ghaolta agus ó chairde agat? Seo roinnt moltaí ónár gcolúnaí a bhfuil taithí nach beag aige ar an gceird sin

An Nollaig Thiar? Ní hea – an Nollaig Thar Lear, leat féin…

Fiche bliain d’aois a bhí mé nuair a thóg mé eitleán den chéad uair.

Ag an nóiméad deireanach a cheannaigh mé an ticéad abhaile go dtí an Ísiltír. Nollaig na bliana 1995 a bhí ann agus bhí na cairde nua ar fad a bhí déanta agam ó tháinig mé go Gaillimh ag tús na bliana acadúla sin ag dul abhaile chun an Nollaig a chaitheamh lena muintir. D’fhágfaí liom féin mé in árasán tais préachta i mBaile na Coiribe dá bhfanfainn.

Ach is iomaí Nollaig a chaith mé i nGaillimh ó shin agus thugainn suntas, chuile bhliain, don eacsadas a tharlaíodh ar an 23ú agus an 24ú den mhí dheireanach sa bhliain. Mic léinn iasachta, lucht ealaíne ón gcoigríoch, Gaeil ó áit ar bith eile in Éirinn ach Cathair na dTreabh, bhailídís leo agus ar feadh cúpla lá bhíodh an chathair dóibh féin amháin ag muintir na Gaillimhe. Gach bliain, oíche Nollag, théinn ar shiúlóid fhada tríd na sráideanna bánaithe, ag breathnú isteach tríd na fuinneoga lasta. Chaithfeadh sé go raibh a raibh ag tarlú taobh thiar de na fuinneoga sin, agus taobh thiar d’fhuinneoga eile i gcathracha agus i mbailte móra agus beaga ar fud na hÉireann, draíochtúil.

I mbliana, don dara bliain as a chéile, de bharr na srianta taistil agus dianghlasála nó toisc go measann siad féin nach den chríonnacht é dul ag pléaráca ar fud an bhaill agus an leagan oimiocróin in ard a réime, ní bheidh roinnt mhaith Gael a bhfuil cónaí orthu ar an gcoigcríoch ag filleadh abhaile don Nollaig. Ní ‘thiar’ a bheidh an Nollaig á caitheamh acu ach thar lear agus, b’fhéidir, leo féin. Gach seans go bhfuil léitheoirí de chuid Tuairisc.ie ina measc agus más rud é go bhfuil tú féin ar dhuine acu sin, is duitse atá an t-alt seo á scríobh agam. Is iomaí Nollaig atá caite i bhfad ó ghaolta agus ó chairde agam síos tríd na blianta agus ní miste liom mo ‘shaineolas’ sa cheird aisteach seo a roinnt.

Ar an gcéad dul síos, níl tú leat féin. Is é sin le rá, beidh na milliúin daoine ar fud na cruinne sa bhád céanna agus dá laghad é is faoiseamh beag an méid sin. Ach tá ceangal aisteach idir an t-uaigneas agus an náire; ná bíodh náire ort nach mbeidh tú sa bhaile, ar chúis amháin nó eile, an Nollaig seo.

Ó bhog mé go dtí an Bhrasaíl tamall maith de bhlianta ó shin, tá Nollaig nó dhó caite agam le mo mhuintir Bhrasaíleach agus chaith mé Nollaig nó dhó eile le cairde a bhfuil teach acu cois trá. Má chaitheann tú an Nollaig le gaolta nó le cairde, beidh ort cur suas lena gcomhluadar siúd, lena gcuid nósanna agus traidisiún agus, gan dabht i mbliana, lena ndearcadh ar an víreas agus ar na rialacha sláinte. Bím cúramach go leor ag glacadh le cuirí. Má ghlacaim leo, déanaim amhlaidh toisc go bhfuil fonn orm dáiríre an Nollaig a chaitheamh le dream áirithe – ní toisc go mbeadh an Nollaig á caitheamh i m’aonar agam mura nglacfainn le cuireadh.

Chuile sheans gur liom féin a bheidh mé an Nollaig seo. Más Nollaig i do chomhluadar féin a bheidh romhat ní mór duit straitéis a bheith agat.

Féadfaidh tú an Nollaig a cheiliúradh leat féin díreach mar a dhéanfá dá mbeifeá sa bhaile: crann a cheannacht agus a mhaisiú, coinnle a lasadh, dinnéar mór a réiteach agus a ithe, scailtín fíona a dhéanamh agus a ól. Meilfidh sé sin an lá agus más maith leat cócaireacht chuile sheans go mbainfeá sult as – ach beidh tú ag cuimhneamh ar an Nollaig an t-am ar fad.

Nó is féidir leat neamhaird a dhéanamh den Nollaig scun scan. Tá sé sin níos éasca i dtíortha an Leathsféir Theas mar a bhfuil sé ina shamhradh faoi láthair – ach sa Leathsféar Thuaidh féin d’fhéadfá dul ar shiúlóid fhada cois trá, sa choill nó sna sléibhte mura mbíonn sé ag gleadhradh báistí.

Gach seans gur ar an trá a bheidh an Nollaig á caitheamh agamsa agus go mbeidh ‘dioscó ciúin’ agam san oíche, ag damhsa i m’árasán agus mo chluasáin orm ionas nach gcloisfidh mé ‘Jingle Bells’ na gcomharsan. Beidh gnáthbhéile blasta réitithe agus beidh leabhar maith nó dhó roghnaithe. Déanfaidh mé cúpla físghlaoch gan dabht, ag glacadh páirte, más go digiteach féin é, sa Nollaig sa bhaile – ach seachas sin ligfidh mé orm féin nach bhfuil sa Nollaig ach gnáthlá. (Ní ann do Lá ’le Stiofáin anseo sa Bhrasaíl, ná go deimhin i roinnt mhaith tíortha eile.)

Fág freagra ar 'An Nollaig Thiar? Ní hea – an Nollaig Thar Lear, leat féin…'