An Nollaig in Stormont – geamaireacht gan ghreann

Tá ag géarú ar an ngangaid polaitíochta, drochthuar d’fhuascailt na sáinne in 2023

An Nollaig in Stormont – geamaireacht gan ghreann

Geamaireacht náireach a thug polaiteoir amháin ar an taispeántas in Stormont Dé Céadaoin nuair a theip ar iarracht eile chun an Tionól a athbhunú. B’fhíor dó nach raibh sa gcruinniú ach seó sa mhéid is nach raibh seans go scaoilfí an laincis. Bhí an DUP diongbháilte nach gcuirfidís deireadh lena mbaghcat beag beann ar ghéarchéim an chostas maireachtála.

Nocht an plé údar imní seachas an folús polaitíochta, áfach. Bhí an díospóireacht níos gangaidí, níos nimhní ná mar a bhí le tamall, gach cosúlacht ar an scéal gur ag dul in olcas atá an caidreamh.

Ritheadh an cruinniú speisialta ar iarratas ó Shinn Féin, Alliance agus an SDLP chun ‘a éileamh ar an DUP éirí as an mbaghcat ar roinnt na cumhachta ionas go bhféadfadh Stormont cuidiú leis an bpobal atá buailte go dona ag an gcostas maireachtála’. Bhí an UUP agus Pobal seachas Brabús ag tacú leis an éileamh freisin, gan ach an TUV ag tacú le baghcat an DUP. Mar is gnách níorbh fhéidir vótáil ar an rún toisc gur dhiúltaigh an DUP Ceann Comhairle a thoghadh; tá vóta trasphobail riachtanach don bpost sin.

Mar sin féin chaith ionadaithe suas le dhá uair an chloig ag sciolladh ar a chéile agus ní trácht aon treo a bhí ann. Chuir urlabhraithe ó Shinn Féin, Alliance agus SDLP i leith an DUP gur chuma leo faoi chruatan an phobail, go raibh an daonlathas á cheilt acu, gur doicheall roimh a bheith sa dara háit in áit a bheith i gceannas faoi ndear an baghcat agus go raibh an tSeirbhís Sláinte Náisiúnta a raibh siad chomh práinneach aisti á scrios acu.

Bhí cainteoirí corraithe agus colgach.

Bhí an DUP daingean in aghaidh gach ionsaithe, iad deimhin de nach ngéillfeadh siad do bhagairtí ón Státrúnaí faoi thoghchán nó ciorrú pá agus nach mbogfadh cáineadh ó pháirtithe eile iad. Ceist phrionsabail dóibh is ea diúltú don bprótacal iarBhreatimeachta chun a stádas bunreachtúil a chosaint a dúirt siad.

Níl aon ghlacadh ag an UUP leis an bprótacal ach an oiread ach tá siad go láidir in aghaidh bhaghcat an DUP. Ar ndóigh tá an dá pháirtí in iomaíocht lena chéile do vótaí aontachtacha agus ceannaire an UUP, Doug Beattie ag iarraidh a pháirtí a neartú. Theastaigh uaidh tine a chur faoin DUP agus Sinn Féin araon mar gheall ar an bhfolús reatha agus an ceann a bhí ann ó 2017-2020, é ag rá gurb é an dá mhar a chéile iad. Is cuma leo, ar sé.

Dá mbeadh deireadh lena chuid cainte ag an bpointe sin, bheadh leis. Ach níor stop. Chaith sé sáiteán uaidh a thug chun cuimhne an dochar a rinneadh dó ag tús na bliana nuair a tháinig sean-tvuíteanna dá chuid chun solais a léirigh fuath ban. Ceapadh go gcuirfeadh an chonspóid deireadh lena ré ghearr mar cheannaire ar an UUP ach ghabh sé leithscéal agus d’iarr ar dhaoine breithiúnas a thabhairt ar fhear na linne seo murab ionann agus an saighdiúir a scríobh na seantráchtanna.

Dé Céadaoin cháin ‘fear an lae inniu’ ionadaithe ón DUP as a bheith ‘ag cnáimhseáil ar nós cailín ón taobhlíne’.

Ní nach ionadh bhí alltacht ar theachtaí eile, iad den bharúil gur léirigh sé fuath ban nó díspeagadh, meon nach raibh athraithe ó aimsir na sean-tvuíteanna.

Ghabh Beattie leithscéal ach neosfaidh an aimsir an leor sin. Thug a chaint mhaslach deis d’Edwin Poots a mheabhrú don Teach gur phostáil Beattie tvuít a ghoill go mór airsean, ar a bhean chéile agus a gclann; dúirt sé le ceannaire an UUP gur náire d’aontachtaithe é.

Bhí míchompord follasach I measc chomhghleacaithe Beattie, duine nó dhó in amhras an dtabharfadh sé na cosa leis an uair seo.

Ba í tuaiplis Beattie an cor drámatúil in imeachtaí an lae ach ba iad an éidreoir agus an t-éagumas in Stormont ba mhó ba chúis imní don bpobal. An bhfuil córas chun fóint ar mhuintir an tuaiscirt inaimsithe? Beidh cinntí le déanamh gan mhoill ag an Státrúnaí Heaton-Harris a bhfuil teipthe ar a chuid iarrachtaí go dtí seo.

An bhfuasclófar an tsáinn faoin bprótacal iarBhreatimeachta?

Mura ndéanfar, an gceadófar síneadh ama breise i ndiaidh an 19 Eanáir nó an nglaofaidh sé toghchán Tionóil?

Bíonn an caidreamh nimhiúil le linn toghcháin de ghnáth ach bhí an leibhéal gangaide ag an gcruinniú in Stormont chomh holc le ham feachtais.

Ní dea-thuar é.

Fág freagra ar 'An Nollaig in Stormont – geamaireacht gan ghreann'