An nimh faoin nGaeilge curtha ag coipeadh roimh an toghchán 

Feileann sé do dhaoine ar mian leo cearta teanga a shéanadh ar Ghaeilgeoirí a rá gurb é an polaitiú a ghoilleann orthu agus tá deis eile bronnta ag Rialtas na Breataine orthu

An nimh faoin nGaeilge curtha ag coipeadh roimh an toghchán 

Ar éigean a bhí tús curtha le feachtas an toghcháin do Thionól Stormont nuair a chuir an Státrúnaí Brandon Lewis a ladar ann. Ní bheadh sé ‘ceart ná cuí’ reachtaíocht chultúir a thabhairt isteach i rith thréimhse an toghcháin, a dúirt sé. B’in reachtaíocht na Gaeilge curtha ar an méar fhada arís agus ionadaí de chuid rialtas na Breataine ag dul siar ar a fhocal arís.

Tá an taifead ar fáil go poiblí. Brandon Lewis ag geallúint go rithfí an reacht chultúir in Westminster agus ag cur dáta leis: “We will introduce legislation in October 2021 [in Westminster]”. Agus nuair nár tharla sin gealladh go ndéanfaí an beart roimh thoghchán na Bealtaine.

Dúirt sé an tseachtain seo go gcomhlíonfar a gheallúint amach anseo. Mhaithfí d’éinne a d’fhreagródh ‘mair a chapaill…’ 

Céard a d’athraigh idir an t-am ar thug sé an gheallúint agus mí Dheireadh Fómhair? Ba é an t-athrú ba mhó go dtáinig Jeffrey Donaldson i gcomharbacht ar Edwin Poots mar cheannaire ar an DUP. I mí Mheán Fómhair bhagair ceannaire nua an DUP go siúlfadh an páirtí amach as an bhFeidhmeannas dá rithfí an reachtaíocht Ghaeilge in Westminster.

Arbh é sin ba chionsiocair leis an bhfaillí, le feall ar fhocal an Státrúnaí? Gheall sé an reachtaíocht teanga anuraidh chun a chinntiú go bhfillfeadh Sinn Féin ar an bhFeidhmeannas tráth ar ainmnigh Edwin Poots an Chéad-Aire, Paul Givan. 

Ghlacfadh Edwin Poots lena chinneadh a dúirt an Státrúnaí ag an am, ach ar shíl sé i ndáiríre nach dtógfadh an DUP raic faoina phlean? Má shíl, an bhfuil tuiscint ar bith aige ar pholaitíocht abhus? Bhí a fhios aige gurb é naimhdeas aontachtach don nGaeilge ba chúis leis an diúltú don reachtaíocht in Stormont cé go raibh sí geallta ag Arlene Foster sa Mhárta 2021, ceann de na rudaí a cuireadh san áireamh nuair a cuireadh dá cois í.

An é nach raibh Brandon Lewis ach ag cur caoirigh thar abhainn nuair a gheall sé do Shinn Féin go rithfí an reachtaíocht? An féidir muinín a chur i bhfocal an Státrúnaí faoi cheist ar bith? Gáire searbh a bhí le clos nuair a dúirt sé cúpla lá ó shin go raibh rún aige an reachtaíocht chultúir a rith amach anseo, agus é ‘tiomanta’ don ghnó. 

Mhaígh sé gur ag seachaint gnímh a chuirfeadh isteach ar an bhfeachtasaíocht a bhí sé nuair a rinne sé feall ar a gheallúint.

Chinntigh sé go mbeadh an cheist ina cnámh spairne le linn an fheachtais. Níos tromchúisí seans, chinntigh sé gur cnámh spairne a bheidh inti i ndiaidh an toghcháin. Ní hé amháin nár ghlan sé an cheist as amharc, chinntigh sé go mbeadh an nimh ag coipeadh arís.

Is minic a chloistear gurb í an fhadhb le haitheantas reachtúil a thabhairt don Ghaeilge go bhfuil ‘polaitiú’ déanta uirthi. An pholaitíocht pháirtí is brí le polaitiú sa chomhrá sin. Ciallaíonn sé go sonrach go bhfuil Sinn Féin gníomhach faoin gceist. Is fíor go mbíonn – amanta. 

Ach tá an pobal a éilíonn cearta teanga i bhfad níos leithne ná lucht Shinn Féin amháin. Feileann sé do dhaoine ar mian leo cearta teanga a shéanadh ar Ghaeilgeoirí a rá gurb é an polaitiú a ghoilleann orthu. Tá an leagan amach sin ann féin chomh polaitiúil leis an gceann a bhfuil siad ina éadan.

Bhí cinneadh rialtas na Breataine agus an Státrúnaí Brandon Lewis an reachtaíocht a sheachaint, a chealú nó a chur ar méar fhada polaitiúil. Chinn siad nach gcuirfeadh siad olc ar an DUP agus aontachtaithe eile le linn fheachtas an toghcháin ach tá fearg curtha ar a lán eile. Chuile sheans go ndearna siad an cinneadh sa bhFómhar seo caite nach spreagfadh siad achrann sa bhreis leis an DUP ó rinne Jeffrey Donaldson ceangal idir a fhreasúra don bPrótacal iarBhreatimeachta agus Acht na Gaeilge. Rinne Lewis/Johnson rogha faoi na dreamanna a gcuirfeadh siad fearg orthu; luíonn sé le réasún go bhfuil an rogha sin polaitiúil mar atá an cinneadh nach mbeadh na cearta teanga céanna le fáil i dTuaisceart Éireann is atá sa chuid eile den Ríocht Aontaithe. 

Ní peaca é a bheith polaitiúil per se murab ionann agus cinntí polaitiúla suaracha, gránna. Is ceisteanna polaitiúla iad cearta an duine, ceart na beatha, reiligiún, cothromaíocht, comhionannas inscne agus cine agus cearta teanga. Aimhrialtacht éagórach is ea séanadh na gceart sin.

Fág freagra ar 'An nimh faoin nGaeilge curtha ag coipeadh roimh an toghchán '