An nimh á coipeadh agus deireadh ré na n-aontachtach á thuar

Táthar á rá le tamall go mbainfidh an vótáil do Thionól Stormont ar an 5 Bealtaine creathadh millteanach as daoine

An nimh á coipeadh agus deireadh ré na n-aontachtach á thuar

Tá an nimh á coipeadh. Rópa an chrochadóra faoi mhuineál polaiteora ar phóstaer, caint ar fheall agus Lundy agus moladh gur cheart an plé a bheith níos teasaí. Sin ar an taobh aontachtach amháin, sa ‘díospóireacht’ maidir le haontas nó coimhlint eatarthu féin. Baineann an teannas le scaoll faoi dheireadh ré na n-aontachtach a bheith á thuar.

Táthar á rá le tamall go mbainfidh an vótáil do Thionól Stormont ar an 5 Bealtaine creathadh millteanach as daoine. B’fhéidir é. Más féidir muinín ar bith a chur i bpobalbhreitheanna tá athrú mór ar chóimheá na cumhachta i dTuaisceart Éireann ar na bacáin, poblachtánaithe Shinn Féin chun a bheith ar thús cadhnaíochta sa ‘stát aontachtach’. A shliocht ar an bhfeachtas.

De réir na pobalbhreithe is deireanaí tá an bhearna idir an DUP agus Sinn Féin méadaithe de bheagán, Michelle O’Neill agus a comhghleacaithe seacht bpointe chun tosaigh ar Jeffrey Donaldson ina chéad thoghchán i gceannas ar an DUP. Dá mba vótáil do Westminster a bheadh i gceist bheadh an toradh ionann is cinnte ach is ionadaíocht chionmhar a úsáidtear do thoghcháin Stormont agus tá torthaí níos cothroime agus níos deacra a thuar dá bharr.

I bhfianaise na bpobalbhreitheanna ar fad le bliain a thug seans maith ar an gCéad-Aireacht do Shinn Féin, tá foireann stocaireachta an pháirtí ar a ndícheall ag cur ina luí ar a lucht tacaíochta nach é tráth na patuaire é. Tá imní ar roinnt sa pháirtí go mbeadh a vótóirí róchinnte go mbeadh an lá leo agus nach mbacfaidís lena nguth a chaitheamh.

Ní theastaíonn ó cheannairí Shinn Féin a rámha a ligean le sruth; chaithfeadh sé go bhfuil a fhios acu gurb iad botúin agus lagú an DUP thairis aon éacht a rinne siad féin in Stormont faoi ndear cuid dá ráta ard sástachta. Tá an-bhéim á leagan acu ina gcuid poiblíochta ar athmhuintearas agus ar shaol an phobail fré chéile a fheabhsú. Tá an cur chuige sin dírithe ar an aicme ‘sa lár’ a mhaítear a bheith ag fás go seasta; beidh a gcuid aistrithe siúd cinniúnach.

Ní raibh móramh aontachtach ná náisiúnach in Stormont le cúig bliana agus má thagann an tuar faoin tairngreacht maidir le fás Alliance beidh trí ghrúpa nach mór ar coimhéid feasta, aontachtaithe, náisiúnaithe agus an lár (Alliance, Comhaontas Glas agus Pobal seachas Brabús). Bhíodh an tríú grúpa sin ag brath ar aistrithe ón dá eite thraidisiúnta ach an t-am seo beidh go leor leannán acu, sa tóir ar aistrithe uathu.

Ar éigean a bheidh siad fial le haistrithe chuig an DUP. Tá Jeffrey Donaldson ar a bhionda ag iarraidh vótaí ó gach páirtí aontachtach chun bac a chur ar Shinn Féin. Mar a chualathas go minic cheana óna réamhtheachtaí tá sé ag maíomh gurb é an DUP an t-aon pháirtí a bheadh in inmhe Sinn Féin a choinneáil as an gcéad-aireacht. Cé nach dtig leis an gcéad-aire cinneadh a dhéanamh gan cead an leaschéad-aire – agus vice versa – is samhail shíceolaíoch d’aontachtaithe í an chéad-aireacht amhail is gur príomh-aireacht í agus blas den réimeas aontachtach ollchumhachtach ag dul léi. Níl aon dabht ach go ngríosaíonn naimhdeas an DUP leo vótóirí Shinn Féin ach níl Jeffrey Donaldson á chur sin san áireamh.

Tá sé bogtha i dtreo Jim Allister agus an TUV maidir leis an bprótacal iarBhreatimeachta. Ar go leor bealaí tá an DUP gaibhnithe i ngaiste an TUV agus na dreamanna atá ag eagrú agóidí in aghaidh an phrótacail. Ba léir gur ghoill sé ar Donaldson go raibh póstaer gránna de cheannaire an UUP, Doug Beattie agus rópa faoina mhuineál, crochta ag agóid ar an Lorgain mar ar labhair ceannaire an DUP. Bhain Donaldson agus Jim Allister an póstaer anuas ach níor easaontaigh siad go poiblí le cainteoir ar an ardán a thug Lundy agus feallaire ar Beattie toisc nach nglacann sé páirt sna léirsithe.

Thug fear an UUP droim láimhe do na léirsithe i ndiaidh an ionsaithe ar ócáid ag a raibh an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney ag labhairt. Bhí imní ar Beattie go rabhthas ag cothú teannais – briseadh fuinneog a oifige. Tá na hionsaithe cáinte ag Donaldson agus Allister ach tá sé deacair smacht a choinneáil ar imeachtaí a eagraíonn grúpaí anaithnide. Bhí Jeffrey ar an ardán céanna leis an bhfeachtasóir dílseach Jamie Bryson cúpla babhta nuair a d’éiligh seisean go ngéarófaí ar an bhfeachtas in aghaidh an phrótacail agus go gcothófaí guagacht shóisialta agus pholaitiúil.

Cuirtear an milleán faoin bprótacal, an teorainn i Muir Éireann ar gach éinne eile seachas lucht an Bhreatimeachta, an DUP ag séanadh freagrachta ar bith as an ról a d’imir sé. Tugtar fogha freisin faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, conradh a raibh Allister agus Bryson ina choinne ón tús. Má chuidíonn páirtíocht sa bhfeachtas sin leis an DUP vótaí a mhealladh ar ais ón TUV nó aistrithe a fháil uathu, tá gach seans go ruaigfidh sé daoine eile chuig an UUP nó Alliance nó go bhfanfaidh siad sa bhaile.

Déanfaidh an pobal an cinneadh i gceann trí seachtaine. An roghnóidh siad athrú treo nó an seanmhúnla – ‘vótáil dúinne chun an ‘eile’ a choinneáil amach’?

Idir seo agus sin breathnóimid ar aird na gaoithe sna toghcheantair is imeallaí.

Fág freagra ar 'An nimh á coipeadh agus deireadh ré na n-aontachtach á thuar'

  • Seán Mag Leannáin

    Anailís ghéarchúiseach mar is gnách ó Phóilín Ní Chiaráin. An mbeidh SF in ann teacht i dtír ar na scoilteanna sa bpobal Aontachtach? Rogha an dá dhíogha (Jim Allister ar thaobh amháin agus Doug Beattie agus Alliance ar an taobh eile) ag Jeffrey Donaldson. “Ní theastaíonn ó cheannairí Shinn Féin a rámha a ligean le sruth; chaithfeadh sé go bhfuil a fhios acu gurb iad botúin agus lagú an DUP thairis aon éacht a rinne siad féin in Stormont faoi ndear cuid dá ráta ard sástachta.”