An ngéillfidh Sinn Féin agus a mbaill don iarracht seo don bhunaíocht?

An bhfuil Sinn Féin ag freagairt do dhíospóireachtaí taobh istigh den pháirtí, nó an bhfuil siad ag freagairt don bhrú a chuireann an bhunaíocht orthu?

An ngéillfidh Sinn Féin agus a mbaill don iarracht seo don bhunaíocht?

Is minic a bhíonn caint ann faoi scéalta míchruinn, go háirithe ó ré Trump mar Uachtarán Mheiriceá, ach ceapaim gurb é an sampla is fearr a chonaic mé le fada ná scéal a bhí ag an Irish Times le deireanas.

Scríobh Pat Leahy scéal ag rá gur dhearbhaigh Sinn Féin go raibh geallúint a thug siad roimhe seo go n-éireodh an tír as PESCO [Comhoibriú Buan Struchtúrach] á cur ar leataobh, an socrú comhchosanta atá ag an Aontas Eorpach, agus as an bpáirtnéireacht ar son na Síochána a bhunaigh NATO sna 1990idí, dá mbeadh siad i mbun rialtais.

Baineadh preab mhór as baill Shinn Féin nuair a léigh siad an scéal mar níor pléadh aon mholadh den chineál sin ag aon Ardfheis de chuid an pháirtí.

Ag an am céanna chreid a lán gur scéal cruinn a bhí ann tar éis d’uachtarán an pháirtí, Mary Lou McDonald, a fhógairt tamaillín roimhe sin gur chóir don tír bheith i chun tosaigh sa bhFiontar Eorpach.

Ach, ní mar a scríobhadh a bhí an scéal.

Lá foilsithe an scéil chuir Matt Carthy, urlabhraí gnóthaí eachtracha an pháirtí, giolc amach ag rá nach raibh an scéal mar a scríobhadh cruinn.

Seo a dúirt sé: “Creidim go diongbháilte i neodracht na hÉireann. Agus Sinn Féin i mbun rialtais beifear ag iarraidh an prionsabal sin a chur sa mBunreacht agus sna conarthaí Eorpacha.

“Is léir,” a dúirt sé, “go bhfuil iarracht déanta ag rialtais de chuid Fhine Gael agus Fianna Fáil an bonn a bhaint ón neodracht sin le fiche bliain anuas, agus go bhfuil leas bainte acu as an bPáirtnéireacht ar son na Síochána agus as PESCO mar uirlisí chuige sin.

“Beidh cur chuige éagsúil ag Sinn Féin: Tógfar cinntí i dtaobh na gceisteanna seo ar fad ón túsphointe dobhréagnaithe gur stát neodrach neamhspleách muid, agus é mar sprioc againn tógáil ar thraidisiún uasal ár rannpháirtíochta le misin síochánaíochta de chuid na Náisiún Aontaithe agus tacú le réitigh choimhlinte ar fud na cruinne.”

Is léir nach mar an gcéanna an dá insint.

Ar ndóigh tá feachtas ar bun ag an Irish Times le fada go gcuirfí deireadh lenár neodracht agus bíonn alt i ndiaidh ailt faoin ábhar sa nuachtán. Ar ndóigh is léir go dteastaíonn ón Tánaiste Micheál Martin athmhúnlú a dhéanamh ar an neodracht sa gcaoi is nach neodracht a thuilleadh í.

Seans nár thuig Pat Leahy caint Carthy, ach is léir domsa nach raibh an scéal a foilsíodh ar an Irish Times cruinn.

Mar a dúirt mé, baineadh preab as baill Shinn Féin nuair a chonaic siad an scéal seo agus bhí a lán cainte go hinmheánach sa bpáirtí ag ceistiú cén chaoi gur tharla sé, ach ní fhaca mé aon tagairt san Irish Times don ráiteas a chuir Carthy amach ar Twitter ag bréagnú scéal an Irish Times.

Tá sé éasca go maith botún a dhéanamh, ach nuair a shoiléirítear an scéal nach bhfuil dualgas ar iriseoir nó ar nuachtán an scéal a cheartú?

An gciallaíonn seo go gcaithfidh daoine a bheith san airdeall faoi gach rud a léann siad san Irish Times ar fhaitíos go mbeadh míthuiscint ar an iriseoir.

Ach, in ainneoin soiléiriú Carthy, tá ceist ann i gcónaí faoi pholasaithe Shinn Féin. An bhfuil siad ag freagairt do dhíospóireachtaí taobh istigh den pháirtí, nó an bhfuil siad ag freagairt don bhrú a chuireann an Bhunaíocht orthu, agus nuachtáin mar an Irish Times go háirithe.

Féach an tsraith scéalta ag an Irish Times i dtaobh na neodrachta. Bhí ceann eile an lá ina dhiaidh sin ag rá gur dócha go mbeidh an tír seo páirteach i bhfiontar de chuid NATO le cáblaí faoin bhfarraige a chosaint.

Cé nach mbeadh i bhfabhar cosaint den chineál sin a dhéanamh? Ach is scéal eile é sa tsraith a dhearbhaíonn nach bhfuil aon dul as againn ach dul faoi scáth NATO.

Feictear don Bhunaíocht gurb é Sinn Féin an dream is laige sa gcomhthéacs seo, agus ceapaim go bhfuil leas á bhaint as gach uirlis le cinntiú go gcuirfear mianta na bunaíochta i gcrích, agus polasaithe Shinn Féin a athscríobh dá réir.

Ach an ngéillfidh Sinn Féin, agus an ngéillfidh a mbaill, don iarracht seo?

Fág freagra ar 'An ngéillfidh Sinn Féin agus a mbaill don iarracht seo don bhunaíocht?'

  • Eoin Ó Murchú

    Ní dóigh liom gur féidir liom seasamh leis an alt seo a thuilleadh ó dhearbhaigh David Culliinane ar RTÉ inné, go drogallach is go mí-shásta ceapaim, nacvh bhfuil sé i gceist ag Sinn Féin tarraingt siar ó Pesco is eile. Ní fheicim cen chaoi gur féidir bheith pairteach sna hinstititiúidí sin agus a bheith neodrach ag an am céanna. An féidir le Sinn Féin é sin a mhíniú?