AN CLUICHE CEANNAIS: An ndéanfaidh Mike Casey an beart ar Johnny Glynn agus céard a dhéanfar faoi Joe Canning?

AN CLUICHE CEANNAIS: Breathnaíonn Tuairisc.ie ar choimhlintí móra an Domhnaigh le cabhair ó Chathal King agus Damien Quigley

AN CLUICHE CEANNAIS: An ndéanfaidh Mike Casey an beart ar Johnny Glynn agus céard a dhéanfar faoi Joe Canning?

Johnny Glynn, Mike Casey agus Joe Canning. Pictiúir: INPHO

Mar is iondúil, meastar go mbeidh toradh chluiche ceannais na hÉireann ag brath ar cé aige a bheidh an bua i gcoimhlintí áirithe. Ar cheann de na coimhlintí is mó acusan tá an comhrac a bheidh idir lánchúlaí Luimnigh Mike Casey agus fathach na Gaillimhe Johnny Glynn ar imeall na cearnóige.

Tá Glynn ar a laghad cúig orlaí níos airde ná Casey, rud atá ag cur an-imní ar lucht tacaíochta Luimnigh agus a bhfuil go leor suntais á thabhairt ag lucht na tráchtaireachta dó. Dar le Cathal King gur insint róshimplí ar an scéal é go mbuafaidh Glynn glan ar Casey san aer agus go mbeidh cur chuige seiftiúil ag a leathbhádóir ó Chumann na bPiarsach i gcathair Luimnigh.

“Ní bheidh Mike ag dul suas agus é ag iarraidh greim a fháil ar an liathróid, ní dhéanfaidh sé é sin in aon chor. Tá sé glic. Fiú má bhíonn an chuma air go bhfuil Johnny chun an liathróid a bhuachan, seasfaidh Mike siar agus déarfaidh sé, ‘Seo dhuit an liathróid ach níl tú chun teacht isteach níos faide léi’.

“Ní imreoir é a bhíonn ag iarraidh an liathróid a bhuachan san aer i gcónaí. Bheadh an baol ann nach mbuafaidh sé í agus go mbeadh Johnny imithe taobh istigh dó. Bheinn sásta go leor Mike a fhágáil ann.”

Géilleann King, captaen na bPiarsach agus múinteoir i nGaelcholáiste Luimnigh, go ndéanfar diantástáil ar Casey, go háirithe i dtús an chluiche.

“Beidh cúig nó deich nóiméad fíordheacair aige ag tús an chluiche. Cuirfidh Gaillimh an chéad chúpla liathróid isteach ard go dtí imeall na cearnóige chun teist agus brú a chur ar Mike. Ach ní bheidh uaidh ach an liathróid a bhriseadh síos agus nuair a bheidh an liathróid ar an talamh, beidh Seán Finn agus Richie English sa líne lánchúil go hiontach ag troid di. Tá siad an-dhíograiseach.”

Cathal King (ar chlé) agus Mike Casey (ar dheis) ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann i mbliana in aghaidh Chuala. Pictiúr: INPHO/Gary Carr

Tá muinín ag fear eile ó chumann na bPiarsach, Damien Quigley, as gliceas Casey chomh maith.

“Imreoir cliste glic a theastaíonn ag uimhir a trí. Duine stuama seiftiúil atá uait. Ní dhéanann Mike Casey aon drochchinneadh. Is ait an mac an lánchúlaí! Tá Mike fós óg do lánchúlaí, níl sé ach 23, ach is imreoir den scoth é.

“Is mór an dúshlán atá roimhe Dé Domhnaigh agus é á fhéachaint le Johnny Glynn atá sé troithe, cúig orlaí. Is beag gur féidir le duine a dhéanamh le fathach dá leithéid ach sin ceann de na dúshláin,” a deir Damien Quigley, iarimreoir agus iar-roghnóir le Luimneach.

Ar ndóigh, beidh go leor dúshlán eile roimh Luimneach, ina measc ceist gur ar éigean a bhfuil freagra faighte ag foireann ar bith uirthi: céard is féidir a dhéanamh faoi Joe Canning?

Ní cathair mar a tuairisc a bheidh sa choimhlint idir Imreoir na Bliana 2017 agus captaen Luimnigh Declan Hannon, dar le Cathal King.

“Maidir le Joe agus Declan, bhí tionchar ollmhór ag an mbeirt acu ar gach uile chluiche a d’imir siad go dtí seo. Tá seans ann go mbeadh sárchluiche ag an mbeirt acu. B’fhéidir go mbeidh go leor seilbhe ag Joe i lár na páirce, ach d’fhéadfadh go scaoilfeadh Declan leis agus go bhfanfadh sé féin siar chun aon bhriseadh os comhair an chúil a bhuachan. Ní cheapaim go mbeidh siad chomh cóngarach sin dá chéile le linn an chluiche cé go mbeidh seilbh na liathróide acu beirt go minic. Is ceann suimiúil é.

“N’fheadar cad a tharlóidh má roghnaíonn Luimneach duine éigin ar leith chun Joe a leanúint i gcónaí. Níl sé sin déanta ag John Kiely go dtí seo, fágann sé triúr sa líne lántosach, mar shampla, agus ní athraíonn sé cúrsaí chun go mbeadh duine breise aige chun imreoir ar leith a mharcáil. Ceapaim go mbeidh saoirse ag an mbeirt acu a gcluichí féin a imirt.”

Dar le Declan Quigley nach bhfuil aon rogha eile ag Luimneach ach plean ar leith a bheith acu do Canning, cé gur deacair a leithéid a dhéanamh.

“Cá mbeidh Joe Canning ag imirt? An mbeidh sé á athrú thart acu? Cad is féidir a dhéanamh faoi? Is ar éigean gur féidir plean a réiteach chun deileáil le Joe mar beidh sé ar fud na mball. Ráineodh go dtosnódh sé ag 11, go gcaithfeadh sé seal ag 12 agus seal eile i lár na páirce. D’fhéadfadh fiú go gcaithfeadh sé tamall ag 14. Tá sé deacair plean a ullmhú chun dul i ngleic lena leithéid,” arsa Quigley.

Pé rud mar gheall ar na coimhlintí seo tá Cathal King lánchinnte go mbeidh sé ina chogadh dearg Dé Domhnaigh.

“Is troid cheart a bheidh ann ar fud na páirce, beidh sé iontach crua. Tá na foirne an-chosúil lena chéile ar bhealach. Beidh Dan Morrissey agus Joseph Cooney le chéile mar shampla. Beirt atá mór láidir. Sa líne lántosach, beidh Graeme Mulcahy agus Adrian Tuohey ag marcáil a chéile, bhí an-chluiche ag Aaron Gillane i Staid an Phiarsaigh sa tsraith agus beidh sé suimiúil é a fheiceáil i gcoinne Dháithí Burke. D’fhéadfá gach uile bheirt a lua.”

Cé go bhfuil an chuma ar an scéal gurb é Mike Casey an t-aon duine ó na Piarsaigh a bheidh ag cur chun páirce ó thús, d’fhéadfadh go mbeadh baint mhór arís ag imreoirí eile ó chlub King agus Quigley le cluiche an Domhnaigh, ina measc Shane Dowling a fuair 1-4 sa chluiche leathcheannais i gcoinne Chorcaí.

“Ag féachaint ar na daoine a tháinig isteach le cúpla cluiche anuas, Peter Casey, Shane, William O’Donoghue, tá taithí acu ar chluichí a bhuachan i bPáirc an Chrócaigh leis an gclub agus beidh buntáiste ag na leaideanna sin dá bharr. Measaim go dtarlóidh an rud céanna agus a tharla in aghaidh Chorcaí, go mbeidh an triúr sin ag teacht isteach agus 15-20 nóiméad fágtha, b’fhéidir níos luaithe má bhíonn Luimneach ag streachailt.

“Thug Gaillimh seans do Chill Chainnigh i gCraobh Laighean agus do chontae an Chláir, cé gur chuir siad tús iontach leis na cluichí sin. Má thugann siad seans ar bith do Luimneach a fhágann go mbeidh siad fós san iomaíocht i dtreo dheireadh an chluiche, déanfaidh siad an beart. Is é an bua is mó a bhaineann le Luimneach i mbliana ná tionchar na leaideanna a thagann isteach ón mbinse. Dá bharr sin, tá mé dóchasach agus ceapaim go bhfuil seans iontach againn má bhíonn siad gar dá chéile agus deich nóiméad nó mar sin fágtha,” arsa Cathal King.

Fág freagra ar 'AN CLUICHE CEANNAIS: An ndéanfaidh Mike Casey an beart ar Johnny Glynn agus céard a dhéanfar faoi Joe Canning?'