An moladh a thug mé d’Ambasadóir Phoblacht Ioslamach na hIaráine

Nach deacair a chreidiúint go bhfuil mná fós ar shráideanna na hIaráine inniu ag iarraidh cearta bunúsacha?

An moladh a thug mé d’Ambasadóir Phoblacht Ioslamach na hIaráine

Níl áit ar domhan is mó ar theastaigh uaim riamh siúl ann ná an Iaráin ó thug duine siúlach leabhar mór álainn faoin tír sin dom agus mé i mo ghasúr – na gairdíní gleoite, na miasa cré, na tíleanna ildaite, an léann, na lámhscríbhinní agus an bia agus na spíosraí siúd a chuirfeadh uisce le do chuid fiacla.

Aisling nár fíoraíodh mar níl lá le dhá scór bliain nach ag breathnú ar amhais chráifeacha ag ceilt an chirt ar mhná na tíre sin atá mé.

Agus pápa tagtha anseo go hÉirinn i 1979 b’álainn é an dóchas a bhí ag mná na hIaráine agus an deachtóir Shah díbeartha acu, ach ar ndóigh is daor a d’íoc siad as a ndúil sa tsaoirse. Chuir an Ayatollah Khomeini deireadh le haon chearta beaga a bhí ag bean. Ní raibh aon chosaint feasta aici ina teach féin, fir amháin a bhí i dteideal colscaradh a lorg, ní raibh aon aclaíocht ná rince ceadaithe di, ní fhéadfadh sí a bheith ina breitheamh agus chaithfeadh sí a cloigeann a chlúdach.

Faoin dlí, cuireadh mná chun báis den chéad uair, tugadh léasadh poiblí do mhná, cuireadh an dlí ar amhránaithe, agus ar deireadh maraíodh mná le clocha os comhair an tsaoil. Faoin bhfear diaganta céanna sin a ceadaíodh cailín a phósadh ag naoi mbliana d’aois. Ní fhéadfadh bean pas a fháil gan cead scríofa óna céile agus ní raibh de rogha aici ach cúrsaí áirithe a dhéanamh ar choláiste, coláistí ban.

Ar nós chuile áit eile a raibh mná faoi chois an gheanmnaíocht a thugtar mar bhunús leis na rialacha seo. Caithfidh sé go bhfuil a fhios ag fir seo an smachta rud éigin nach eol don chuid eile againn – go ngabhfaidh siad féin as a gciall agus ó smacht ach ribe gruaige nó rúitín mná a fheiceáil.

Ní fhéadfainn a scríobh anseo an bhail a cuireadh ar na mná sin i bpríosúin agus i mbeairicí sular maraíodh iad – ar son na geanmnaíochta. Scríobh cuid de na mná léannta cumasacha ar éirigh leo na cosa a thabhairt leo go dtí saol nua na deoraíochta neart litríochta agus alt faoi ag an am.

Nach deacair a chreidiúint go bhfuil mná fós ar shráideanna na hIaráine inniu ag iarraidh cearta bunúsacha agus go bhfuil ceannairí na tíre fós sásta iad a chur chun báis seachas a ndínit agus a gcumas a aithint? Doicheallach go maith a bheinnse, oidhre an choilíneachais, ag brú mo chuid gnásanna féin ar aon phobal ach nuair a fheicim mná ag lasadh a gcuid gruaige i lár na sráide faoi bhéal gunna, aithním a n-uafás agus a n-éadóchas. Arb aon údar dóchais dóibh fir óga chróga na hIaráine a léirigh tacaíocht do chearta a ndeirfiúracha ag Corn an Domhain?

Cuimhním ar sheanmhná na Síne ina mbróigíní canbháis ag bacadaíl leo mar gur ceanglaíodh a gcosa ina bpáistí. Cuimhním ar an léasadh poiblí a tugadh do na déagóirí a bhí sa rang agam in iarthar na hAfraice mar gur chualathas iad ag caint faoi bhuachaill breá éigin. Cuimhním ar mhná na tíre seo a ceansaíodh i bpríosúin Magdalen ar son na geanmnaíochta, a chaill a bpostanna ar a bpósadh agus a seachnaíodh nó a dódh ina gcraiceann mar go raibh fios acu.

An dtuigeann aon duine cén fáth an céasadh agus na híobairtí seo ar fad ar son na geanmnaíochta? Shílfeá gurbh fhurasta go mór do na fir bhochta sin púicín a chur orthu, iad féin a choilleadh nó purdah fada a dhéanamh ag rá a gcuid paidreacha agus ag guí ar son na geanmnaíochta? Sin é an moladh a thug mé fhéin do Masoud Eslami, Ambasadóir Phoblacht Ioslamach na hIaráine chun na tíre seo. An bhfuil aon mholadh níos fearr agatsa dó?

Bíonn fáilte ag Amnesty i gcónaí roimh aon chúnamh agus iad ag cuidiú le daoine a bhfuil a gcearta á séanadh orthu.

Fág freagra ar 'An moladh a thug mé d’Ambasadóir Phoblacht Ioslamach na hIaráine'

  • Pamela de Brí

    Sár alt, soiléir, sothuigthe, mar is gnáth, ó Mháire. Faraor nach léigh Mick Wallace é sár a d’oscail sé a bhéal ag tabhairt tacaíochta do rialtas na hIaráine. Maidir leis an tuairisc a scríobh ambasáid na hIaráine faoi cad atá ag tarlú ann, is léir óna pictiúir amháin gur bréaga amach is amach é. Lean ort a Mháire!!

  • Caitríona

    Alt an-chorraitheach. Go raibh maith agat.