An mó páiste atá ag teastáil chun pota sméara dubha a mheascadh?

Seó mór na bliana a bhí ann, an t-aon seó i mbliana, an pota mór sméara dubha ag fiuchadh leis go ceolmhar ar an teas

An mó páiste atá ag teastáil chun pota sméara dubha a mheascadh?

Bhuail cumhrán na sméar dubh mé ag siúl isteach doras na cistine dom. ‘Déanfaidh mise an chéad mheascadh eile, a Dheaidí, nach ea?’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga le Fear an Tí agus iad cruinnithe thart ar an bpota mór ar an sorn.

Fébí cén chaoi ar éirigh leis é a dhéanamh, bhí seilbh glactha ag an mBabaí ar an spúnóg adhmaid agus é ina sheasamh ar chéim ag an sorn i mbun a chúraim shollúnta – an meascadh.

Ní raibh gíog le cloisteáil uaidh agus an spúnóg á casadh timpeall agus timpeall aige is púir ghaile ag éirí aníos as an bpota agus na sméara ag plobarnach.

‘Sea,’ a deir Fear an Tí, ‘bhuel, ní hea, fág aige an spúnóg go ceann píosa, tusa a chuir an siúcra ann – tabhair cead dhó ruainne a dhéanamh.’

Bhí an chuma ar an scéal go raibh iontas ar an mBabaí fhéin gur éirigh leis an spúnóg a fháil agus an príomhspota faighte aige os comhair an phota freisin. Níor bhreathnaigh sé suas agus níor bhreathnaigh sé siar, níor lig sé air fhéin gur chuala sé na hiarratais ar an spúnóg ná aon rud eile, ach lean air ag corraí na suibhe go dícheallach. Níl a fhios agam mórán, ná aon rud dháiríre, faoi dhéantús suibhe, ach ní shílim go bhfuil an oiread sin corraí uaithi.

‘Níl mé in ann an pota fhéin a fheiceáil, a Dheaidí!’ a deir an Cailín Mór Beag agus straidhn uirthi ag iarraidh radharc a fháil ar an sorn isteach thar ghuaillí an Babaí agus Beainín na Naíonáin Bheaga.

Seó mór na bliana a bhí ann, an t-aon seó i mbliana, an pota mór sméara dubha ag fiuchadh leis go ceolmhar ar an teas.

Is dóigh go raibh faitíos ar an mBabaí dá mbreathnódh sé sa tsúil ar aon duine nó dá ligfeadh sé air fhéin gur thug sé faoi deara go raibh iarrthóirí eile ar an spúnóg, go mbainfí cúram an tsubhadóra uaidh arís.

Ní fhéadfadh sé a ghabháil chomh fada leis an sorn marach go raibh sé ina sheasamh ar chéim bheag adhmaid agus is dóigh nach raibh an próiseas déantúsaíochta ag cloí amach is amach le treoirlínte sláinte agus sábháilteachta.

D’imigh an Cailín Mór Beag amach as an gcistineach agus fuadar fúithi. Ní fada nó gur chuala mé torann agus cartadh amuigh sa halla. Is gearr go raibh sí ar ais agus í ag tarraingt céimeanna plaisteacha ina diaidh is iad ag cliotaráil trasna tíleanna na cistine.

Shocraigh sí suas na céimeanna taobh thiar den subhadóir is suas léi ag faire isteach ar an bpota. Bhí cuma na hairéine anois ar an sorn agus trí shraith suíochán timpeall air.

Thit ciúnas ar an tslua agus chuile dhuine ag faire ar an imreoir aonarach agus é i ngreim sa spúnóg agus á casadh timpeall agus timpeall go rithimeach. Chonaic mé na dorna á gcur in aghaidh a básta ag an gCailín Mór Beag is a cloigeann casta go leataobh aici.

‘Níor mheasc tú an spota sin thall ar chor ar bith,’ a deir an t-iománaí ar an gclaí sa deireadh leis an bhfear ar an maide.

Chaill an Babaí a rithim ar feadh meandair, geit beag bainte as ag an gceist a bhí ardaithe faoina scileanna ar an spúnóg.

‘Hmmm,’ a deir an Cailín Mór Beag, is chroith sí a cloigeann.

‘Tá mé a cheapadh gur dhá spúnóg atá ag teastáil, a Dheaidí,’ a deir sí ansin, ‘agus beirt ag meascadh.’

Fág freagra ar 'An mó páiste atá ag teastáil chun pota sméara dubha a mheascadh?'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-mhaith mar is nós! Gáire do bhí ag teastáil uaim 7 ár n-aimsir chomh holc abhus anseo i nAlbain :-)