An mó duine a bhfuil sé le rá acu go bhfaca siad foireann camógaíochta a gcontae i mbun imeartha riamh?

Ba chóir dúinn ar fad gníomh a dhéanamh dóibh siúd a shaothraíonn ar son an ghaisce ach nach bhfaigheann an tacaíocht ná an t-aitheantas

An mó duine a bhfuil sé le rá acu go bhfaca siad foireann camógaíochta a gcontae i mbun imeartha riamh?

Niamh Kilkenny na Gaillimhe ag éalú ó bheirt an Chláir, Roisín McMahon agus Eimear Kelly. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Is mór an feall gurb iad na daoine a imríonn an spórt ag an leibhéal is airde dá bhfuil ann a fhaigheann formhór an aitheantais, na tacaíochta agus na poiblíochta agus nach bhfaigheann gráid níos ísle ach cuid Pháidín den mheacan.

Tá mé féin chomh ciontach le duine. Oiread agus uair amháin féin an séasúr seo níor thaobhaigh mé Tír Oileáin go bhfeicfinn foireann sacair Ghaillimh Aontaithe. Ag Dia féin atá a fhios cén uair a chonaic mé cluiche rugbaí idir clubanna – Galwegians in aghaidh Buccaneers agus Sraith na hÉireann i mbarr a réime suas le scór bliain ó shin, déarfainn.

Má bhí duine ar Pháirc Uí Chrualaoich an tráthnóna feannta céanna i mí Eanáir, bhí os cionn 4,000 ann. Ní raibh 400 féin ann nuair a chuaigh mé thairis agus Wegians ag imirt cúpla mí ó shin. A mbunáite le fáil ar an mBóthar Beag anois, mo dhála féin.

Is í an imirt idir clubanna Chumann Lúthchleas Gael féin an mionspórt is minice a fheicim, ach murar cluichí craoibhe iad is minic liom aithris a dhéanamh ar dhaoine go leor agus a bheith imithe sula dtagann deireadh le cúrsaí – an rogha agus an togha a bheith le feiceáil sa mbaile ar ‘bhoiscín an chúinne’ atá ár milleadh sa gcás sin.

Sa lá atá inniu ann is deacair lucht leanta aon spórt a shásamh. Níl glacadh acu ach amháin leis an gcaighdeán is airde, an iomaíocht is géire agus sin ar siúl i staideanna ollmhóra áit a bhfuil oiread racáin agus réabadh go bhfuil sin le tabhairt faoi deara cois teallaigh.

Ní ag na gráid imeartha is ísle atá sé le brath ach an oiread. Féach an bhail a fágadh ar fhoireann rugbaí ban na hÉireann le gairid agus cuireadh chun na hAstráile faighte acu i gcomhluadar na bhfear. Níl sé achar ar bith ó bhí mná an tsacair iad féin ag clamhsán. Bhí Stephanie Roche, a bhí ar ghearrliosta ‘Cúl na Bliana’ ag FIFA in 2014, ar dhuine díobh siúd nach raibh fáil acu ar an tacaíocht a theastaíonn ó aon lúthchleasaí ardleibhéil – ballraíocht sa gym, cothú, tacaíocht airgid, feistis etc.

Bhí an scéal céanna ag a gcomhghleacaithe i dTuaisceart Éireann i dtús na bliana seo.

Tugadh léasadh sna meáin do na heagraíochtaí a stiúrann na spórtanna a chleachtann siad siúd agus é tuillte go maith acu freisin. Chlaon muide sa mbaile ár gcloigne agus tháinig leis na scríbhneoirí agus leis na craoltóirí a thug aer agus dúch do na gearáin. ‘Muise, muise. Tuilleadh diabhail ag John Delaney, ag an IRFU agus ag an IFA,’ a dúramar.

B’in freisin an chaint a bhí ag do cholúnaí míchéadfach. Ach an ndearna seisean ná a mbunáite siúd a bhí ar aon intinn leis aon bheartas dearfach dá gcuid féin le cur le stádas na mban sin? Cé mhéad againn a bhí sa Staid i dTamhlacht ag tús na míosa seo caite nuair a d’imir mná an tsacair in aghaidh na hIorua, nó cé mhéad a chonaic cluiche amháin i gCraobh 6 Náisiún na mBan?

Dá dtiocfadh sé chomh fada leis sin, an mó duine a bhfuil sé le rá acu go bhfaca siad foireann camógaíochta a gcontae i mbun imeartha riamh?

Ní coimhlint an dá chineál atá i gceist anseo ach an oiread mar níos minice ná a chéile baineann an neamart céanna le spórtanna na bhfear fiú agus iadsan freisin ar ardchaighdeán.

Tá sé cúpla bliain ó léigh mé go mba iad na hÉireannaigh ba mheasa chun freastal ar imeachtaí spóirt as na daoine ar fad atá ina gcónaí i dtíortha an Aontais Eorpaigh – ní raibh níos measa ná muid ach muintir Lucsamburg.

’Sé an ‘muise, muise’ a bhíonn le cloisteáil freisin nuair a chinneann orainn aon bhonn a bhuachan ar an traic ag na Cluichí Oilimpeacha nó ag Craobhacha an Domhain, ach cé mhéad againn a bheadh in ann a mbealach a dhéanamh chomh fada leis an sean-staid Morton i Seantrabh nó leis an gceann nua ar an Tulach Mhór, nó an Campas Náisiúnta Spórt i mBaile Bhlainséir?

Leagfaidh mé as na ceisteanna mar tá náire ag teacht orm féin!

Cluiche Ceannais Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha a bheith á imirt inniu is cúis leis an taom cantail is deireanaí seo a bheith buailte fúm.

Sábhálfaidh mé do náire duit agus déarfaidh mé leat gurb iad an Iarmhí agus Ceatharlach atá ag imirt – gan amhras an dá fhoireann is fearr sna comórtais thánaisteacha iománaíochta i mbliana.

Níor chaill an Iarmhí aon chluiche a d’imir siad i Roinn 2A na Sraithe Náisiúnta, ach ós rud é gur bhuaigh Ceatharlach orthu sa mbabhta ceannais, is iadsan a thuill an t-ardú céime to Roinn 1B, áit a mbeidh Port Láirge, Gaillimh, Áth Cliath agus Uíbh Fhailí mar chéilí comhraic acu.

Beag beann ar cé acu a bhuafaidh Corn Joe inniu, ní hin deireadh le hiománaíocht Cheatharlach agus na hIarmhí i mbliana – beidh siad san iomaíocht in aghaidh Loch Garman agus Luimnigh nuair a imreofar na babhtaí ceathrú ceannais cáilithe i gCorn Mhic Cárthaigh an deireadh seachtaine seo chugainn.

Chuirfinn geall go bhfuil cuid agaibh nach raibh a fhios sin agaibh ach an oiread.

Tá aon cheist amháin fágtha agam. Bainisteoirí na hIarmhí agus Cheatharlach – cé hiad. Déan rud amháin dearfach ar son an ‘proletariat’ agus aimsigh an freagra tú féin. Ina dhiaidh sin déan gníomh dá leithéid in aghaidh na seachtaine dóibh siúd a shaothraíonn ar son an ghaisce ach nach bhfaigheann an tacaíocht ná an t-aitheantas.

Fág freagra ar 'An mó duine a bhfuil sé le rá acu go bhfaca siad foireann camógaíochta a gcontae i mbun imeartha riamh?'