An Mhí agus Dún na nGall ag iarraidh a léiriú go bhfuil ré nua i bPeil na mBan

Tabharfaidh peileadóirí na Mí agus Dhún na nGall aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Roinn 1 inniu agus imreoidh Ard Mhacha agus Ciarraí i gcluiche ceannais Roinn 2

An Mhí agus Dún na nGall ag iarraidh a léiriú go bhfuil ré nua i bPeil na mBan

Emma Duggan. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

An Mhí v Dún na nGall – Páirc an Chrócaigh, 4pm (Beo ar TG4)

Anocht, den chéad uair ó 2012, beidh foireann seachas Áth Cliath nó Corcaigh ag ceiliúradh bua Roinn 1 Sraith Pheil na mBan. Is iad mná na Mí agus Dhún na nGall a bheidh ag imirt sa chluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna agus iad ag iarraidh a léiriú go bhfuil ré nua againn i bpeil na mban.

Ar ndóigh, léirigh an Mhí a gcumas go soiléir anuraidh. Thug foireann Éamonn Murray taispeántas dochreidte i gcluiche ceannais na hÉireann 2021 chun Áth Cliath a bhualadh. Agus cluiche ceannais na sraithe anois bainte amach acu i mbliana, tá léirithe acu nach rith searraigh a bhí i ngaisce na bliana seo caite. Ó bheith ag imirt i Roinn 3 trí bliana ó shin, i measc na mboc mór atá an Mhí go cinnte anois.

Thaispeáin siad é sin arís ag tús na sraithe le bua in aghaidh Chorcaí sa chéad bhabhta agus cé gur bhuaigh Áth Cliath orthu san Uaimh i mBabhta 3, ní raibh ach aon phointe amháin idir na foirne agus an Mhí cinnte d’áit sna babhtaí leathcheannais ar aon chuma.

Bhí farasbarr sé phointe ag an Mhí ar Mhaigh Eo sna babhtaí leathcheannais, 2-12 in aghaidh 1-9. Scóráil Orlagh Lally 1-2 don Mhí an lá sin i gCluain Eois agus ise príomhscórálaí na foirne an t-earrach seo le 2-14 san iomlán. Níl Stacey Grimes ná Emma Duggan mórán taobh thiar di, áfach, agus 0-14 agus 1-10 scóráilte acu.

Ní haon nuacht iad príomhscórálaithe Dhún na nGall. Tá 2-13 scóráilte ag Karen Guthrie, 0-10 ag Geraldine McLaughlin agus 1-4 ag Yvonne Bonner, léiriú ar thábhacht na seanfhondúirí do Dhún na nGall go fóill.

Trí chluiche as ceithre cinn atá buaite ag foireann Maxi Curran go dtí seo freisin agus, cosúil le contae na Mí, tháinig an t-aon chailliúint ag deireadh bhabhta na ngrúpaí nuair a bhí Dún na nGall slán sna babhtaí leathcheannais.

Bhí bua thar a bheith tábhachtach ag Dún na nGall in aghaidh Átha Cliath sna babhtaí leathcheannais sin. Crá croí ab ea mná na príomhchathrach ag na Conallaigh le roinnt blianta ach scóráil Emma McCrory agus Yvonne Bonner cúil ag fíordheireadh na himeartha an mhí seo caite nuair a d’éirigh leo Áth Cliath a dhíbirt.

Dá n-éireodh leo Roinn 1 na sraithe a bhuachan inniu, b’iontach go deo an spreagadh a bheadh ann do Dhún na nGall roimh thús na craoibhe ach caithfidh siad an ceann is fearr a fháil ar dtús ar dhream atá ag iarraidh áit mar bhanríona na peile a bhaint amach.

Ard Mhacha v Ciarraí – Páirc an Chrócaigh, 2pm (Beo ar TG4)

Feicfear beirt de na tosaithe is fearr sa tír i bPáirc an Chrócaigh níos luaithe tráthnóna nuair a chasfaidh Louise Ní Mhuircheartaigh agus Ciarraí ar Aimee Mackin agus Ard Mhacha.

Tá gaiscí scórála déanta ag an mbeirt sin go dtí seo i mbliana, 2-32 scóráilte ag réalt na Gaeltachta agus 3-21 aimsithe ag Mackin.

Is í an fhadhb a bhí ag Ciarraí le roinnt blianta anuas ná go mbíonn siad ag brath rómhór ag Ní Mhuircheartaigh. Ba í an tosach cumasach seo a fuair breis is leath na scóranna ar fad atá aimsithe ag Ciarraí i sraith na bliana seo ach nuair a éiríonn leis na céilí comhraic Ní Mhuircheartaigh a cheansú, rud nach bhfuil éasca, teastaíonn cúnamh uaithi le seans a bheith ag foireann na Ríochta.

Is cinnte go bhfuil Ard Mhacha ag brath go mór ar Mackin freisin ach tá imreoirí eile ina timpeall atá in ann scóranna a aimsiú. Sa stánáil a thug Ard Mhacha do Laois sa chluiche leathcheannais, scóráil deirfiúr Mackin, Bláithín, agus Catherine Marley dhá chúl an duine agus fuair beirt tosaithe eile, Aoife McCoy agus Niamh Rell 1-2 agus 1-1.

Beidh Ciarraí tiomanta cluiche an lae inniu a bhuachan tar éis dóibh cluichí ceannais i Roinn 2 a chailliúint anuraidh agus in 2019 ach tá Ard Mhacha i bhfad níos láidre ná na foirne atá sáraithe acu go dtí seo i mbliana – Tiobraid Árann, An Clár, Laois agus Muineachán.

Fág freagra ar 'An Mhí agus Dún na nGall ag iarraidh a léiriú go bhfuil ré nua i bPeil na mBan'