An mhéar fhada: an seanbhotún á dhéanamh arís ag comhdháil COP26

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Is iomaí geallúint atá á tabhairt i nGlaschú go réiteofar  fadhbanna aeráide de réir a chéile seachas iad a réiteach ar an bpointe boise

An mhéar fhada: an seanbhotún á dhéanamh arís ag comhdháil COP26

Tá an Saoithín Aeráide ag éirí saghas maoithneach agus é ag coinneáil súile ar imeachtaí na comhdhála COP26 i nGlaschú na hAlban. Is é an chaoi go mbíodh an Saoithín ag siúl amach le fear as Glaschú tráth. An deireadh seachtaine seo a chuaigh thart, mheabhraigh na híomhánna de na scórtha míle duine ar cúis leo an aeráid ag máirseáil síos Sráid Sauchiehall agus Sráid Earra-Ghàidheal na deirí seachtaine ar fad dó a chaith sé féin agus a leannán Albanach ag spaisteoireacht síos na sráideanna céanna, breis agus scór bliain ó shin – siúlóidí fada a chríochnaíodh i mbeár fíona Iodálach i gcónaí.

Ar an drochuair leanann an náire an maoithneas aon uair a chuimhníonn an Saoithín Aeráide ar na deirí seachtaine sona sin a chaitheadh sé i nGlaschú agus ar na deirí seachtaine sona a chaitheadh a leathbhádóir Albanach i nGaillimh, mar a raibh cónaí ar an Saoithín ag an am. Uair in aghaidh na míosa, théadh an Saoithín nó an tAlbanach ar cheithre eitleán chun an duine eile a fheiceáil: ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath agus ó Bhaile Átha Cliath go Glaschú agus ar ais arís, nó an bealach eile timpeall.

Ar ámharaí an tsaoil – don aeráid – níor mhair an caidreamh sin ach bliain go leith.

Blianta an Tíogair Cheiltigh a bhí ann. Bhí cloiste ag an Saoithín (ar Shaoithín Teanga é seachas Saoithín Aeráide an t-am sin) agus ag fear na hAlban faoin téamh domhanda agus faoin athrú aeráide ach rudaí a bhí iontu a tharlódh ‘amach anseo’; bhí siad óg agus soineanta go leor le creidiúint go raibh dóthain ama sa todhchaí fós chun teacht ar theicneolaíochtaí nua a réiteodh chuile shórt agus a chuirfeadh ar a gcumas a saol a chaitheamh mar ba nós leo: amhail is nárbh ann don lá amárach.

Níor thuig an Saoithín ná fear na hAlban – ná go leor, leor daoine eile – go mbeadh ‘amach anseo’ buailte leo chomh luath sin. Go mbeadh tionchar athrú na haeráide le feiceáil go soiléir inniu.

Ceann de na rudaí is mó a chuireann olc ar an Saoithín Aeráide faoi cheist na haeráide i gcoitinne ná an méid dochair a d’fhéadfaí a sheachaint – agus a laghad dianbheartas a mbeadh gá leo anois – dá gcuirfí céimeanna suntasacha i bhfeidhm fiche bliain ó shin. Ach béalghrá a tugadh don aeráid ar feadh i bhfad: scéimeanna tacaíochta do thograí fuinnimh inathnuaite seachas deireadh a chur scun scan (laistigh d’achar gairid ach inbhainte amach) le húsáid breoslaí iontaise, scéimeanna cúitimh CO2 ag na haerlínte seachas infheistíocht i ngréasán traenacha ardluais, athfhoraoisiú seachas cosc iomlán ar fhoraoiseacha a ghearradh.

Faraor géar tá an botún ceannann céanna á dhéanamh arís i nGlaschú i mbliana. Tá geallúintí á dtabhairt go gcuirfear deireadh le rudaí de réir a chéile seachas deireadh a chur leo scun scan, ar an bpointe boise.

‘Cloch mhíle’, dar le Boris Johnson, a bhí i ngeallúint breis agus 100 ceannaire domhanda, Jair Bolsonaro na Brasaíle ina measc, deireadh a chur leis an dífhoraoisiú faoin mbliain 2030. Ach gearrtar 4 mhilliún heicteár crann in aghaidh na bliana: is ionann sin, nach mór, agus Cúige Laighean agus Cúige Mumhan le chéile. I bhfocail eile, tá cead tugtha ag breis agus 100 ceannaire domhanda dóibh féin limistéar chomh mór leis an nGearmáin a dhífhoraoisiú fós sula n-éireoidh siad as an scrios.

I gceann cúpla lá, beidh an Saoithín Aeráide in ann breathnú ar an teilifís arís. Beidh Sráid Sauchiehall agus Sráid Earra-Ghàidheal imithe den scáileán. Beidh na polaiteoirí agus a gcuid geallúintí imithe abhaile ina gcuid eitleán príobháideach. Ar an traein a bheidh na scórtha míle gníomhaithe aeráide, an chéad agóid eile á beartú acu.

Agus idir an dá linn, ag téamh leis a bheidh an domhan.

Fág freagra ar 'An mhéar fhada: an seanbhotún á dhéanamh arís ag comhdháil COP26'