An Mháirt dheireanach de Lúnasa a bhíonn Aonach Lamass ann

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Aonach mór in Aontroim atá faoi chaibidil inniu againn...

An Mháirt dheireanach de Lúnasa a bhíonn Aonach Lamass ann

An Mháirt dheireanach de Lúnasa chuile bhliain a bhíonn Aonach Lamass i mBaile an Chaistil i gcontae Aontroma. [féile beannaithe an aráin nó féile Lúnasa].

Lá mór é seo do chuile dhuine sa gceantar, go háirithe do lucht feirmeoireachta a thagann isteach chun an bhaile ina sluaite. Aonach seachtaine a bhíodh ann tráth – an chéad leath don díol agus ceannach agus an dara leath do spraoi agus spórt an aonaigh.

Sa sean-am thagadh na fir anall Sruth na Maoile as oileán Ìle in Inse Ghall ar chósta na hAlban ag an aonach agus lán báid trosc tirim acu le díol ag an aonach. Cheannaídís go leor leor earraí stáin le tabhairt anonn abhaile leo.

Deir mo sheanmháthair liom nach raibh mórán airgid ag daoine an t-am sin agus gur beag duine a mbíodh péire bróg acu. Muintir na tuaithe a bhíodh ag dul ar an aonach d’iompraídís a mbróga nó go dtiocfaidís go dtí Cúinne Hayes ar imeall an bhaile agus is ansin a chuiridís orthu na bróga agus isteach leo go dtí an t-aonach. Dhéanaidís an rud céanna ar a mbealach abhaile mar chaithfeá tamall maith a bhaint as péire bróg na t-am sin.

Bhí cáil na gcleamhnas is na babhdóireachta ar an aonach freisin.

Charles McAfeee as Baile an Chaistil a scríobh an tuairisc seo i mBéarla i 1936

Fág freagra ar 'An Mháirt dheireanach de Lúnasa a bhíonn Aonach Lamass ann'