An mhaidin álainn sin cheapas nach raibh aon slí ann go gcaillfimis cluiche ceannais na hÉireann

Tá sé deacair go leor craobh na hÉireann amháin a bhuachan gan trácht ar scata acu i ndiaidh a chéile

An mhaidin álainn sin cheapas nach raibh aon slí ann go gcaillfimis cluiche ceannais na hÉireann

Ag tosach Mheán Fómhair 2006 bhí iománaithe Chorcaí i mbun a seachtaine deireanaí traenála roimh chluiche ceannais na hÉireann i gcoinne na tsean-namhad Cill Chainnigh. Bhí an t-ádh liom a bheith mar bhainisteoir agus muid ag dul don tríú craobh i ndiaidh a chéile.

Coicís roimh an gcluiche chaitheamar deireadh seachtaine traenála cois farraige in iarthar Chorcaí in Óstán Inchydoney.

Bhí cluiche beag againn i bpáirc Chumann Naomh Séamus an mhaidin Sathairn sin. Bhí an cluiche thar barr ar fad. An mhaidin álainn sin cheapas nach raibh aon slí ann go gcaillfimis cluiche ceannais na hÉireann.

Ach ina dhiaidh sin cheapas go raibh cúpla ceann de na seisiúin dheireanacha a bhí againn roimh an lá mór leamh go leor.

I ndiaidh fiche nóiméad den chluiche ceannais féin bhí na Cait in uachtar agus plean á chur i bhfeidhm acu an trian láir den pháirc a phlódú le himreoirí chun cur as don stíl a bhí againne a bhí bunaithe ar sheilbh na liathróide a choinneáil agus ar an gcomhimirt.

Cé nach raibh ach trí chúilín idir na foirne ag an deireadh bhí Cill Chainnigh i bhfad níos fearr ná Corcaigh an tráthnóna Domhnaigh díomách sin.

John Allen agus é i gceannas ar fhoireann Chorcaí in 2006. Pictiúr: Tom Honan

Dar ndóigh ní raibh a fhios againn ag an am go raibh ceann de na foirne is fearr i stair na hiomána ag tosú amach ar a n-aistear. Thosaigh an turas sin ar an 10 Meitheamh 2006 nuair a bhuaigh na Cait ar an Iarmhí agus lean sé go dtí an 5 Meán Fómhair 2010.

An lá stairiúil sin bhí na Cait faoi stiúir Brian Cody ag dul don chúigiú craobh i ndiaidh a chéile, éacht nach raibh déanta riamh i stair na hiomána. Bhí ceithre cinn buaite ag Corcaigh, idir 1941-45 ach ní raibh aon chontae i ndiaidh na cúig cinn a chur i gceann a chéile.

Bhí sárchluiche ceannais ann in 2009 agus an t-ádh dearg le Cill Chainnigh poc éirice bog go leor a fháil ag am an-chinniúnach sa dara leath. Rinne an Rí féin Henry Shefflin an beart. Bhí tionchar ollmhór ag an scór sin ar an toradh. Bhuaigh na Cait agus bhuaigh Shefflin a naoú gradam All Star níos déanaí sa bhliain.

In 2010 bhí na foirne céanna ar ais sa chraobh agus ticéid chomh tearc le hiolar an eireabaill bháin. Bhí an t-uafás sna meáin faoi gach ar bhain le campa na gCat agus an gaisce stairiúil a raibh súil acu air. Bhí na sluaite ag freastal ar an traenáil i bPáirc Uí Nualláin. Ach bhí fadhb ollmhór ag Cody agus Cill Chainnigh nuair a gortaíodh a laoch Shefflin sa chluiche leathcheannais i gcoinne Chorcaí. Bhí an diabhal ballnasc croiseach gortaithe aige. De ghnáth bíonn tú amuigh ar feadh bliana nó mar sin le gortú dá leithéid. Ach bhí Shefflin ag freastal ar an bhfisiteiripeoir Ger Hartmann a raibh an cháil air as ‘míorúiltí’ d’fhir agus mná spóirt ar fud an domhain. Trí seachtaine roimh an gcluiche ceannais ghlac Shefflin páirt iomlán i seisiún traenála a raibh suas le hocht míle duine i láthair aige. D’imigh an lucht tacaíochta le brothall ar fad, rud a chuir go mór leis an atmaisféar roimh an gcluiche ceannais.

An lá stairiúil bhí Shefflin ann sa pharáid i bPáirc an Chrócaigh agus geansaí uimhir a haon déag ar a dhroim. Go deimhin is eisean a fuair an chéad scór o phoc saor do na Cait ach bhí a rás rite roimh dheireadh an chéad cheathrú nuair a tógadh amach é de dheasca drochghortaithe.

Henry Shefflin ag fágáil na páirce i gcluiche ceannais 2010. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Bhí laoch eile ar an bpáirc an lá sin ach dathanna Thiobraid Árann a bhí á gcaitheamh aige. Bhí geansaí uimhir a cúig déag ar Lar Corbett a chuir an sliotar thar chúl báire Cill Chainnigh PJ Ryan trí bhabhta chun trí chúl a fháil. Agus ba é an tréchleas sin (an chéad cheann sa chluiche mór ó rinne Eddie O’Brien an beart i 1970), a chuir stop le Ráig Faoin gCúig Chill Chainnigh, nó an ‘Drive for Five’, mar a tugadh air ag an am.

Beidh tamall ann sula mbeidh Ráig faoin gCúig ag aon chontae. Tá sé thar a bheith deacair é a dhéanamh.

Luimneach, seaimpíní 2020, atá chun tosaigh i mbliana agus bí cinnte nach mbeadh aon locht acu ar an ‘drive for two’ féin.

Fág freagra ar 'An mhaidin álainn sin cheapas nach raibh aon slí ann go gcaillfimis cluiche ceannais na hÉireann'