An mbíonn na Cait cloíte riamh?

Beidh an-díomá ar Ghaillimh leis an taispeántas a thug siad uathu an tseachtain seo caite ach chuir Cill Chainnigh iontas ar mhórán

An mbíonn na Cait cloíte riamh?

Lánchúlaí Chill Chainnigh. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Leanann an chraobh iomána ar aghaidh an deireadh seachtaine seo le dhá chluiche réamh-cheathrú ceannais agus an athimirt de chraobhchluiche Laighean.

I ndiaidh ghaiscí iontacha Chill Chainnigh an Domhnach seo caite caithfear an cheist a chur, agus ní den chéad uair i ré Cody é, an mbíonn siad riamh cloíte nó an dtagann imní riamh orthu nach bhfuil siad maith go leor chun cluiche a bhuachan? Bhí laochra ar fud na páirce acu seachtain ó shin agus níor cheapas riamh go mbeadh an bua ag an nGaillimh. Bhí sé ina chath ceart ó thús deireadh agus gach rud tugtha ag an uile imreoir, idir chorp agus anam. Chuir sé iontas orm cé chomh maith is a bhí na Cait.

Caithfidh nach raibh an Ghaillimh sásta lena dtaispeántas. Rinne siad an t-iomad botún agus bhí sé soiléir go luath nach raibh an chéad teagmháil leis an sliotar maith go leor acu.

D’imríodar mar fhoireann a cheap go mbuafaidís pé rud a tharlódh sa chluiche. Dar ndóigh cheap na saineolaithe go léir an rud céanna. Ach faoi Cody ní chreideann aon imreoir nach féidir leo an beart a dhéanamh.

Tá an dara seans ag an nGaillimh ach níor mhór dearcadh difriúil a bheith acu uair seo.

Beidh an fhoireann a chailleann ag imirt arís an tseachtain seo chugainn agus ní bheidh sé sin éasca. 

Sa chéad chluiche sna bhabhtaí réamh-cheathrú ceannais tabharfaidh Loch Garman, a chríochnaigh sa tríú háit i gcraobh Laighean, aghaidh ar an Iarmhí, a chríochnaigh mar thánaistí i gcraobh Joe McDonagh, i bPáirc Uí Chíosóig ar an Muileann gCearr. Sa chomórtas sin chríochnaigh Ceatharlach agus an Iarmhí cothrom ó thaobh líon na  bpointí de ach ag Ceatharlach a bhí an difríocht scórála ab fhearr. Sa chraobhchluiche eatarthu seachtain ó shin chaill an Iarmhí agus tabharfaidh an cluiche seo deis dúinn an bhearna idir an dá roinn a mheas. Is deacair cás a dhéanamh don fhoireann baile.

Sa chluiche eile is iad Luimneach agus Ceatharlach a bheidh á fhéachaint le chéile anocht i mbaile Cheatharlach. Bhí díomá ar John Kiely agus a fhoireann gur ghéilleadar sa chluiche deireanach i gcoinne an Chláir mar go dtí sin bhí an chuma ar an scéal gurbh iadsan a thabharfadh corn na Mumhan leo in 2018. Ach bhí cúpla seachtain saor acu ó shin acu. Tá a scíth ligthe anois acu agus bhí deis acu chomh maith athbhreithniú a dhéanamh ar na cluichí cúige. Go dtí an cluiche deireanach sin bhíodar an-mhaith agus bhí cuma na maitheasa orthu chomh maith sna cluichí eile go léir a d’imríodar ó thosach na bliana. Ach caithfidh siad tosnú arís agus an mianach a léiríodar sna cluichí sin ar fad roimh an gcluiche i gcoinne an Chláir a léiriú arís. Tá painéal láidir tógtha ag John Kiely agus taobh amuigh de Paul Browne atá gortaithe, tá cinntí crua le déanamh aige faoi cé a fhágfaidh sé amach as an chéad seisear is fiche.

Tá éacht déanta ag Ceatharlach Corn McDonagh a bhuachan. Níl ach ceithre fhoireann sinsir sa chontae rud a chiallaíonn nach bhfuil tobar domhain imreoirí acu. Maidir leis an gcluiche féin, is deacair a shamhlú go mbeadh aon toradh eile anseo ach bua éasca do Luimneach. Beidh dúshlán i bhfad níos deacra rompu an Domhnach seo chugainn. 

Fág freagra ar 'An mbíonn na Cait cloíte riamh?'

  • wtf

    “Cheap na saineolaithe an rud céanna!” Cé na “saineolaithe”? Cén saineolas atá ag na ‘saineolaithe’ nach bhfuil ag an gcuid eile againn? Ní lia duine ná tuairim. Sé an port a bhí agaibh ó thús go mbeadh rith an ráis ar fad ag na Tiobradaigh ach cuireadh ar phlaic a dtóna iad. Níl aon trácht anois orthu. Tá fhios ag lucht na gcamán – na neamh-shaineolaithe -go bfuil agus go mbeidh miotal, mianach agus cumas as an gcoitiantacht sna Cait i gcónaí. I gcónaí. Go háirid an fhad a bheidh Cody ina cheann feadhna orthu. Ní dhéanfaidh aon fhoireann dá dtiocfaidh spior spear de na Cait. B’fhiù daoibh JTyrrell a léamh. Mí-abha!