An mbeifear in ann Mariupol agus an Úcráin a thógáil arís?

Léiríonn scéal na hEorpa san aois seo caite gur féidir cathracha a atógáil i ndiaidh a scriosta

An mbeifear in ann Mariupol agus an Úcráin a thógáil arís?

Ponte Vecchio agus na droichid eile

Sléacht agus uafás. Smionagar déanta de chathracha ar nós Mariupol.

Agus baol mór go scriosfaí cathair álainn Odesa. Sin cuid de scéal tragóideach na hÚcráine le seachtainí anuas.

Is deacair a chreidiúint go ndéanfadh tír amháin an dochar sin do thír eile agus go scriosfaí cathracha, ar seoda ealaíne domhanda iad.

Mhionnaigh Rialtas na hIodáile le gairid go ndéanfaidís cinnte de, go dtógfaí an amharclann arís in Mariupol. Ag an am sin, ní raibh a fhios ag an domhan mór gur maraíodh ar a laghad 300 duine a bhí ar foscadh sa bhfoirgneamh.

Tá tuiscint ar leith ag muintir na hIodáile ar an tábhacht a bhaineann le hoidhreacht chultúrtha. Ó cheann ceann na tíre, tá cathracha agus bailte ar seoda cultúrtha amach is amach iad. Tá siad lán le saothair ealaíne ón tseanaois, ón aois Rómhánach agus go háirithe ó aois na hAthbheochana.

Scéal ar leith é, a bhfuil go leor foscéalta ag baint leis, an chaoi ar tháinig siadsan ar ais chucu féin tar éis an Dara Cogadh Domhanda. 

Bhí mé ag cuimhneamh ar Mariupol bocht agus na daoine ar fad a maraíodh inti an tseachtain seo a chuaigh thart.

Bhí mé ar cuairt ar Firenze na hIodáile. Ní fhéadfá neamhshuim a dhéanamh den ealaín sa gcathair ársa sin. Tá sí thart ort, gach áit a mbreathnaíonn tú. Seanphálás anseo, seanfhoirgneamh ansiúd, séipéil agus mainistreacha gach áit, chuile cheann acu ag cur thar maoil le saothair ealaíne.

Sula ndeachaigh mé ar chamchuairt chultúrtha, tarraingíodh m’aird ar abhainn an Arno. Bhí sórt cumha orm ag spaisteoireacht liom síos ar bhruach amháin, ag smaoineamh ar an am breá a bhí ag ár gclub bádóireachta ceithre bliana ó shin le linn Chomórtas Domhanda na gClubanna Bád Dragan do dhaoine a raibh ailse bhrollaigh orthu.

Bhí gach rud díreach mar a bhí nuair a thugamar cuairt ann agus slua breá againn ag fanacht in óstán le chéile, ag iomaíocht le foirne eile ar an Arno féin. Agus píosa siar ón áit ar thosaigh muid ár dtraenáil, bhí an droichead clúiteach an Ponte Vecchio.

Thug ár n-almadóir Margaret síos faoi bhun an droichid muid agus stadamar ann sa gciúnas ag féachaint ar an struchtúr ón abhainn aníos. ‘Ní bheidh sibh anseo arís,’ arsa Margaret. ‘Bainigí súp as.’ 

An tseachtain seo caite, ag féachaint ar an Ponte Vecchio, smaoinigh mé ar an oifigeach as an nGearmáin a dhiúltaigh an droichead a bhuamáil i 1944, nuair a ordaíodh dó na droichid ar fad ar an Arno i Firenze a scrios.

Ní fhéadfadh sé rud chomh hálainn agus chomh cáiliúil a scrios, a dúirt sé. Ach pléascadh na foirgnimh ar chaon taobh chun nach bhféadfadh na Comhghuaillithe an droichead a úsáid ar aon chaoi. Rinne na Gearmánaigh smionagar den chathair agus de na droichid eile ar fad, agus iad ar a dteitheadh ó thuaidh as an Iodáil.\

Is beag a thabharfá é sin faoi deara sa lá inniu agus tú ag siúl thart i lár cáiliúil meánaoiseach na cathrach.

Tá droichead eile siar ó Ponte VecchioPonte Santa Trinita. Is fiú stopadh ar feadh cúpla nóiméad chun féachaint air. Measadh i gcónaí go raibh sé ar an droichead ab áille agus ba shlachtmhaire de na droichid ar fad. Tá dearadh an-speisialta ar na cuartha éilipseacha thugann tacaíocht don droichead. Meastar go raibh baint éigin ag Michelangelo leis an dearadh.

Ach mar sin féin, phléasc na Gearmánaigh é agus fágadh slám bollán agus clocha briste i lár na habhann. B’amhlaidh an scéal ar fud na hEorpa agus i ngach tír a bhí páirteach sa gcogadh. 

Scrios agus smionagar gach áit.

Ba chuid lárnach den iarracht atógála san Eoraip tar éis an chogaidh, Plean Marshall, a ainmníodh in ómós do Rúnaí Stáit Mheiriceá, George C. Marshall. Scaipeadh an t-airgead – idir dheontais agus iasachtaí, ag brath ar mhéid an daonra. 

Fuair an Iodáil $12 billiún – sin thart ar $115 billiún in airgead an lae inniu. Ar ndóigh bhí níos mó ná carthanacht i gceist leis an gcabhair – bhí Meiriceá ag iarraidh margaí dá cuid earraí féin agus bhíodar ag iarraidh an cumannachas san Eoraip a chur faoi chois. 

Ach d’oibrigh an scéim thar cionn – fiú amháin sa nGearmáin, bhíodar ar ais ar a gcosa ó thaobh na tionsclaíocha tar éis cúpla bliain. Wirtschaftswunder a tugadh ar an mhíorúilt eacnamaíochta sa nGearmáin. Mhair Plean Marshall ó 1948 go dtí 1952.

Thug na Meiriceánaigh cúnamh ar bhealaí spéisiúla freisin – chonaic mé sa cheardlann cháiliúil leathair i Santa Croce, gur cheannaigh arm Mheiriceá a chuid earraí leathair uathu agus go raibh deasc ag an Uachtarán Eisenhower sa Teach Bán a rinneadh go hiomlán de láimh as leathar, i gCeardlann Santa Croce. Tá an cheardaíocht sin beo i gcónaí agus daoine ag obair de láimh faoi scáth obair ealaíne ón mheánaois.

Tugadh an aird chéanna ar an obair lámhcheardaíochta agus na droichid ar an Arno á n-atógáil sna blianta tar éis scrios na nGearmánach. 

I gcás Droichead Santa Spirita, bhí cion agus meas speisialta ag an bpobal air. Bhí droichid ann ón 13ú haois ach sciob na tuilte gach ceann acu go dtí gur tógadh an ceann cloiche faoi stiúir Amannati agus b’fhéidir, Michelangelo i 1567.

Ní hé amháin go ndearnadh atógáil ar an droichead díreach mar a bhí, ach chinntigh an dream a bhí ina bhun nach n-úsáidfí ach na clocha agus na píosaí den droichead a bhí caite san abhainn. Níor úsáid siad don atógáil ach macasamhail na n-uirlisí a bhí in úsáid sa 16ú céad.

Ponte Santa Trinita

Shábháil siad gach cloch agus gach píosa dealbhóireachta a bhí mar chuid den bhundroichead.

Ceithre dhealbh a bhí curtha in airde ag chaon cheann an droichid san 16ú haois– dealbh in onóir gach séasúir. Thóg sé go dtí 1958 ar na ceardaithe an obair ar fad a dhéanamh. Ach mo léan, nach raibh cloigeann deilbhe amháin ar iarraidh (an t-earrach). Dhreideáil siad agus chuartaigh siad ach níor éirigh leo an cloigeann a aimsiú.

Cuireadh i leith shaighdiúirí na Comhghuaillíochta gur sciob siad an cloigeann agus gur thug abhaile é.

Cuireadh fógraí sna páipéir idirnáisiúnta ag iarraidh ar pé ar bith duine a sciob é, an cloigeann a thabhairt ar ais chun go bhféadfaidís bailchríoch a chur ar an droichead.

Ní raibh aon mhaith ann.

Trí bliana ina dhiaidh sin, agus tumadóirí ón údarás áitiúil i mbun obair eile ar fad faoin uisce, nár thángadar ar an gcloigeann, é beagáinín brúite, ach é fós ina aon phíosa amháin. Cuireadh ar ais ar a guaillí cloiche é agus bhí an droichead álainn tarraingteach ar ais mar a bhí, nuair a bhí Michelangelo agus Leonardo, Brunelleschi agus na buachaillí ag dul an bealach.

B’fhéidir gur tuar dóchais éigin é sin do Mariupol.

Fág freagra ar 'An mbeifear in ann Mariupol agus an Úcráin a thógáil arís?'