Is beag aird a bhíonn ag lucht na Gaeilge ar an Eabhrais, an teanga sin a d’éirigh ó mhairbh, teanga ársa óg Iosrael, teanga atá ag Dia féin de réir an Bhíobla: ‘Thiteamar go léir chun talaimh agus chuala mé an guth á rá liom san Eabhrais: “A Shóil, a Shóil, cad uime a bhfuil tú do mo ghéarleanúint?’ Tá leabhar breá scríofa ag Muiris Ó Laoire ar an teanga, is fíor, Athbheochan na hEabhraise: ceacht don Ghaeilge? (An Clóchomhar). Diomaite de sin, ámh, is beag ár n-aird ar an litríocht chomhaimseartha a scríobhtar sa teanga sin.
De bharr cúrsaí polaitíochta atá an scéal amhlaidh, déarfainn. Baineann an Eabhrais le Stát Iosrael agus ní dócha gur bréag a rá go bhfuil mórán daoine in Éirinn, le Gaeilge agus le Béarla, níos báúla le cúis na bPalaistíneach ná le cúis Iosrael – rud nach ionann agus a rá go mbeadh mórán Éireannach ar son foréigin in éadan phobal Iosrael. Pléascadh cuid mhór buamaí i gcathracha na hÉireann agus tuigeann muid go rómhaith an costas daonna a bhíonn ar a leithéid. Nach trom an breithiúnas a thugann muid ar an Eabhrais, mar sin féin, neamhiontas a dhéanamh di? An mbeifeá sásta dá dtógfaí na coireanna a rinneadh in ainm na hÉireann ortsa de thairbhe gur scríobh tú i nGaeilge?
Úrscéal aistrithe ón Eabhrais atá in A Horse Walks into a Bar le David Grossman, úrscéalaí agus duine ar maraíodh a mhac féin, Uri, agus é ar dualgas in arm Iosrael. Agallamh beirte de shórt éigin atá ann, agallamh mire beirte i ndáiríre. Istigh i dteach tábhairne i mbaile beag suarach in Iosrael atá an scéal suite. An chosmhuintir ina suí, ag ól, ag fanacht leis an fhear grinn, Dovaleh G, fear atá i mbun coiméide le fada fada an lá ach fear atá ag cailleadh a ghreim ar an rud is greann ann.
Tagann sé chun stáitse agus is é atá greannmhar gránna. Jócanna? Ní hea, i ndáiríre ach greann chomh dubh dorcha géar go dtiocfadh leat bheith i mBéal Feirste agus tú ag éisteacht leis. Spochann sé as an lucht féachana, as cúrsaí polaitíochta agus as rud ar bith eile a spreagann é; is é atá searbh.
Ní dhéanann sé faillí i gcúis na bPalaistíneach agus ábhar grinn aige a tharraingeodh an dlí air abhus: ‘There’s an Arab walking down the street next to two settlers in Hebron. We’ll call him Little Ahmed … All of a sudden they hear an army loudspeaker announcing curfew for Arabs starting in five minutes. The settler takes his rifle off his shoulder and puts a bullet through Little Ahmed’s head. The other one is a wee bit surprised: “Holy crap, my holy brother, why’d you do that?” Holy Brother looks at him and goes: ‘I know where he lives, there’s no way he was going to make it home in time.’
Anois, bhuel! Samhlaigh na tvuíteanna faoi sin in Éirinn. ‘A wee bit’ an ea? Cá gcluinfeá caint den tsórt sin?
Aithníonn tú meon an phobail agus aithníonn tú an teach tábhairne. Bhí mé ag léamh an úrscéil agus mé ag smaointeamh ar theach tábhairne ar Bhóthar na bhFál inár léigh mé féin roinnt dánta agus mé i m’fhile caol óg. (Ní mholfainn do dhuine ar bith filíocht a léamh i nGaeilge i dteach tábhairne ar Bhóthar na bhFál tráthnóna Dé hAoine, dála an scéil.) Is é rud atá ann gurb ionann an lucht féachana a bhí ag Dovaleh agus na daoine céanna de chuid lucht oibre na bhFál agus na Seanchille a chruinnigh le chéile le linn bhlianta na dTrioblóidí, daoine a bhí ar lorg dí, comhluadair, craicinn agus faoisimh ar an ghunna agus ar an bhuama.
Tá iarchomrádaí scoile de chuid Dovaleh sa teach tábhairne, iarbhreitheamh. Ní thiocfadh leat cara a thabhairt air; níl cairde ag Dovaleh. Bhí an t-iarbhreitheamh ar scoil leis; bhí aithne aige air nuair a bhí sé óg agus d’fhulaing sé leis agus iad ar champa míleata na n-óg. Ní pobal buach buan seasmhach a chuireann Grossman roimh an léitheoir, pobal a chloíonn a naimhde gan stró gan choinsias ach pobal briste eaglach imníoch, pobal a mhaireann faoi scáil an Uileloiscthe, faoi scáil an chéad ionsaí eile, faoi scáil ionsaithe brúidiúla an phobail féin.
De réir a chéile a thógann Grossman scéal Dovaleh G agus is ar an stáitse a insíonn Dovaleh an scéal sin, faoin spotsolas míthrócaireach, agus é ag iarraidh ciall a bhaint as an chaill, é ag iarraidh caidreamh buan amháin a dhéanamh le hiarchomrádaí, é ag cogaint ar a stair phearsanta agus stair a chine. Síceolaíocht ar stáitse atá ann; anam duine á nochtadh os comhair strainséirí.
Fág freagra ar 'An mbeifeá sásta dá dtógfaí na coireanna a rinneadh in ainm na hÉireann ortsa toisc gur scríobh tú i nGaeilge?'