An mbeidh tuiscint go deo ann ar cá luíonn an bhróg ar an íospartach ‘eile’?

Seans maith go bhfuil an ceart acu sin a deir nach bhfuil fuascailt sna cúirteanna i ndán d’íospartaigh. Más fíor sin, ba cheart é sin a fhógairt chomh luath agus is féidir

An mbeidh tuiscint go deo ann ar cá luíonn an bhróg ar an íospartach ‘eile’?

D’fháiltigh an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn roimh an gcomhairliúchán faoi oidhreacht na dTrioblóidí a sheol rialtas na Breataine trí seachtaine ó shin. Bhí an tUachtarán ag caint in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste áit ar thug sé léacht bhliantúil Harri Holkeri, an státaire ón bhFionlainn a raibh ról lárnach aige i bpróiseas na síochána abhus.

Tá grúpaí leasmhara iomadúla i mbun oibre ag cur freagraí ar fáil don chomhairliúchán a gealladh ceithre bliana ó shin. I measc na n-aighneachtaí tá éileamh á ndéanamh ar an bhfírinne, ar ionchoisní, ar chúisimh, ar ‘chothromaíocht’ maidir le fiosrúcháin agus ar chabhair is tacaíocht cheart do dhaoine a gortaíodh. Glacfar le freagraí go dtí an 10 Meán Fómhair agus deir Státrúnaí Thuaisceart Éireann go bhfoilseofar plean coicís ina dhiaidh sin. Díol suntais ab ea é nach raibh aon mholadh sa gcomhairliúchán go gcuirfí Acht na dTréimhsí i bhfeidhm chun fórsaí na Breataine a chosaint ó fhiosrú nó ó chúiseamh. Bhí an chosaint sin éilithe ag iarshaighdiúirí agus tacaíocht acu ó an-chuid Tóraithe. Chothaigh an Príomh-Aire Theresa May míshuaimhneas nuair a dúirt sí go raibh lucht fiosrúcháin rómhór sa tóir ar shaighdiúirí i gcomparáid le paraimíleataigh – maíomh a dúirt Príomh-Chonstábla an PSNI a bhí gan bhunús.

I measc nithe eile, mhol an comhairliúchán:

  • Aonad Fiosrúcháin a scrúdódh 1,700 marú agus a chríochnódh a chuid oibre i gceann cúig bliana
  • Coimisiún neamhspleách a bhaileodh eolas d’íospartaigh a bheadh á iarraidh
  • Cartlann don bhéaloideas agus don stair bhéil a thabharfadh deis do dhaoine a scéalta a insint
  • Foras Feidhmithe agus Athmhuintearais ar a mbeadh aon chomhalta dhéag ar fad: ionadaithe ón dá rialtas agus ó na cúig pháirtí is mó abhus.

Ina aitheasc léannta ina ndearna sé miondealú ar an athmhuintearas, mhaígh an tUachtarán gurb é féinleas na sochaí, fearacht an duine aonair, maithiúnas a thabhairt. Féinsaoradh ón té a ghortaigh tú is ea maithiúnas, ar sé.

Ní hionann sin agus eachtraí a ligean i ndearmad, áfach, agus mheas sé go raibh sé dodhéanta maithiúnas gan meabhrú ar mhíghníomhartha na staire. Braitheann feabhas an tsaoil atá amach romhainn ar na hoileáin seo agus ar fud na cruinne ar ár gcumas chun machnamh cróga a dhéanamh faoin saol mar atá agus faoin saol atá uainn, dar leis. Chuige sin, ar sé, tá tábhacht leis an gcuimhne, an maithiúnas agus leis an tsamhlaíocht.

Níl an dioscúrsa ‘ar an tsráid’ chomh hintleachtúil ná chomh hoibiachtúil ach tá go leor cainte ar siúl. Mar a d’admhaigh an tUachtarán is furasta caint ar chruacheisteanna ná gníomhú.

Déardaoin bhí an cheist ar bharr a gclár oibre ag an PSNI ag comhdháil bhliantúil a gceardchumainn– Cónaidhm na bPóilíní. Thug siad an t-eiteachas as éadan do phardún nó saoirse ó chúiseamh i dtaca le gníomhaí ar bith sna Trioblóidí. Dhiúltaigh siad freisin d’iarracht ar bith chun póilíní nó iarphóilíní a chiontú as coiriúlacht i dtaca le ‘claonpháirteachas’. Ina theannta sin dúirt Cathaoirleach na Cónaidhme, Mark Lindsay, gur masla millteanach a bheadh ann póilíní a bhí i mbun a ndualgas a chur i gcosúlacht le sceimhlitheoirí.

Bhí an Chónaidhm oibrithe faoi fhaoiseamh ó chúiseamh nó pardún i ngeall ar fheachtas na saighdiúirí agus faoi ráiteas a rinne an t-iarStiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, Barra Mac Ruairí. Dúirt an t-iarStiúrthóir go raibh sé in am éirí as iarrachtaí daoine a chúiseamh mar gheall ar chomh deacair is a bheadh sé éinne a chiontú de bharr imeacht aimsire, díchuimhne agus easpa finnéithe. Mheas Mac Ruairí freisin go dtiocfadh caint ar chúisimh salach ar bhailiú eolais. Cé a d’inseodh faoina ról in ionsaí nó marú dá mbeadh seans ann go gcúiseofaí é? Bhí an bharúil sin ag teacht le moladh a rinne an tArd-Aighne John Larkin in 2013. Níor phardún ginearálta é, a dúirt Larkin ach chaithfí a bheith réalaíoch agus a admháil gur beag seans a bhí ann go n-éireodh le hionchúiseamh.

Bheadh sé sin do-ghlactha, a dúirt Cathaoirleach na Cónaidhme: “Táimid go láidir in aghaidh dlí ar bith a cheadódh pardún do phóilín nó do sceimhlitheoir ná d’éinne eile a bhí ciontach i gcoir”. Dar leis nach mór don tsochaí a dhul i ngleic leis an gceist seo anois, cé acu an socrú polaitiúil nó ceann bunaithe ar an dlí coiriúil atá uathu.

Seans maith go bhfuil an ceart acu sin a deir nach bhfuil fuascailt sna cúirteanna réadúil. Más fíor sin, ba cheart an cinneadh a fhógairt chomh luath géar agus is féidir é seachas acmhainní, fuinneamh agus thar aon ní eile, dóchas na n-íospartach a ídiú go ceann cúig bliana eile ar a laghad. D’fhéadfaí díriú ansin ar na scéalta agus ar thacaíocht a chur ar fáil, agus seirbhísí is cúiteamh a sholáthar. An gcuirfeadh sé sin ar chumas fiú cuid de na daoine a thuiscint cá luíonn an bhróg ar an íospartach ‘eile’? Dá gcuirfeadh, b’fhéidir go gcuideodh sé sin le roinnt daoine sochaí chomhroinnte na haislinge a shamhlú.

Fág freagra ar 'An mbeidh tuiscint go deo ann ar cá luíonn an bhróg ar an íospartach ‘eile’?'