An mbeidh na Connachtaigh ag imirt i gcoinne Chúige Mumhan nó Chúige Laighean sna cluichí ceathrú ceannais?

Cinnteoidh na Muimhnigh cluiche ceathrú ceannais baile dóibh féin ar an Satharn ach tá go leor eile le réiteach i mbabhta 6 de Chorn na gCuradh

An mbeidh na Connachtaigh ag imirt i gcoinne Chúige Mumhan nó Chúige Laighean sna cluichí ceathrú ceannais?

INPHO/Dan Sheridan

Tá na Muimhnigh agus na Laighnigh cinnte cheana féin go mbeidh siad ag imirt sna babhtaí ceathrú ceannais fiú sula n-imrítear aon cheann de na cluichí sna babhtaí deiridh de na cluichí cáilithe i gCorn na gCuradh. 

I gcás an dá chúige sin, níl le réiteach anois ach an mbeidh buntáiste imirt sa mbaile acu sna cluichí ceathrú ceannais, rud a bheadh an-tábhachtach ar fad d’aon fhoireann.

Is fiú a mheabhrú go mbeidh spás sna cluichí ceathrú ceannais ag na chúig fhoireann a bheas ar bharr na chúig ghrúpa agus ag na trí fhoireann eile a mbeidh na pointí is airde acu.

Tá na Laighnigh ar bharr Ghrúpa 4 ar 21 pointe agus má bhíonn an bua acu ar Castres sa bhFrainc an Aoine seo is cinnte go mbeidh siad ag imirt sa mbaile sa gcéad bhabhta eile. Níl seans cáilithe ag Castres, foireann atá ar 10 bpointe, rud a thugann buntáiste do na Laighnigh, go háirithe má imríonn siad fiú leath chomh maith agus a d’imir siad i gcoinne Montpellier san RDS ar an Aoine seo caite.

Is ionann cás na Muimhneach, dream atá ar bharr Ghrúpa 1 le 20 pointe, agus beidh buntáiste an bhaile acu i gcoinne Racing 92, curaidh an Top 14, foireann atá ar chúig phointe agus foireann nár bhuaigh ach cluiche amháin sa gcomórtas seo. Níl seans na ngrást ag Racing cáiliú do na cluichí ceathrú ceannais sa gcomórtas agus cuimhnigh gur imir siad sa gcluiche ceannais anuraidh.

Cinnteoidh na Muimhnigh cluiche ceathrú ceannais baile dóibh féin ar an Satharn.

Faraor ach ní hionann an scéal ag na hUltaigh ná ag na Connachtaigh.

I gcás Chúige Uladh, ba iadsan an t-aon fhoireann ón tír seo a chaill an deireadh seachtaine seo caite. 

Theip orthu, as baile, i gcoinne Exeter rud a fhágann go bhfuil siad fós ar 9 bpointe agus fiú má bhíonn an bua le pointe bónais acu i mBéal Feirste i gcoinne Bordeaux, ní leor 14 pointe le cáiliú don chéad bhabhta eile. 

Ní maith liom é a rá ach tá rás na nUltach rite.

Tá ar na Connachtaigh taisteal go croílár na Fraince le tabhairt faoi Toulouse, foireann a bhuaigh an comórtas seo ceithre bhabhta roimhe seo. Is iad na Connachtaigh atá ar bharr Ghrúpa 2 ar 18 pointe faoi láthair. Tá 14 pointe ag Toulouse. Is fiú a mheabhrú go bhfuil 17 pointe ag Wasps atá sa dara háit sa ngrúpa céanna ach beidh siadsan ag imirt i gcoinne Zebre an Domhnach seo, cluiche a chinnteoidh cúig phointe dóibh rud a fhágfas ar 22 pointe iad. 

Má bhíonn an lámh in uachtar ag Cúige Chonnacht ar Toulouse beidh siadsan ar 22 nó 23 pointe, má éiríonn leo ceithre úd a aimsiú. Ach le bheith fírinneach, beidh sé an-deacair ag na Connachtaigh bua a aimsiú, cé go ndearna siad an t-éacht sin in 2013. 

B’fhearr liomsa a bheith ag caint ar phointe bónais cáiliúil a aimsiú, rud a thabharfadh 19 pointe dóibh ach caithfidh siad pointe bónais ceithre úd a cheilt ar Toulouse. I gcás mar sin beidh an-seans go deo ag na Connachtaigh cáiliú mar cheann de na trí fhoireann leis na pointí is airde nach raibh ar bharr a ngrúpa féin. 

Má tharlaíonn sin beidh an-seans ann freisin go mbeidh na Connachtaigh ag imirt i gcoinne Chúige Mumhan nó Chúige Laighean sna cluichí ceathrú ceannais.

Nach ait an mac an saol!

Fág freagra ar 'An mbeidh na Connachtaigh ag imirt i gcoinne Chúige Mumhan nó Chúige Laighean sna cluichí ceathrú ceannais?'