An mbeidh na Cait chomh maith céanna arís?

Tá sé fíordheacair tuar a dhéanamh faoi chluiche ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh

An mbeidh na Cait chomh maith céanna arís?

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá sé deich lá anois ó fógraíodh go mbeadh James Owens ina réiteoir ar chluiche ceannais na hiomána arís i mbliana. Seo an dara bliain i ndiaidh a chéile aige a bheith mar réiteoir ar an lá mór agus an tríú babhta ar fad. Taispeánann sé sin an meas atá air ag daoine i gceanncheathrú CLG, agus, b’fhéidir, an easpa réiteoirí atá maith a ndóthain don spórt seo a bhíonn ag gluaiseacht ar luas lasrach agus atá ag fáil níos tapúla bliain i ndiaidh bliana. Tá súil againn nach mbeidh an réiteoir ina ábhar cainte nó conspóide i ndiaidh an chluiche amárach.

I dtús na bliana níor tugadh mórán seans do Chill Chainnigh a bheith ag imirt i gcraobh 2019 ach mar atá feicthe againn go rímhinic i ré Bhrian Cody níor cheart beag is fiú a dhéanamh díobh riamh. Ní dóigh liom go ndearna Luimneach é sin sa chluiche leathcheannais trí seachtaine ó shin ach ní dóigh liom ach oiread go raibh Luimneach ag súil leis an ionsaí fíochmhar nár ligeadh thar fóir.

Dar ndóigh tá seantaithí ag Cody, a chomhbhádóir Michael Dempsey agus scata d’imreoirí Chill Chainnigh ar a bheith ag ullmhú don ócáid is mó i séasúr na hiomána, mar atá ag Liam Sheedy agus cuid de leaideanna Thiobraid Árann agus is cinnte go mbeidh siad ullamh chun troda nuair a chaithfidh James Owens an sliotar isteach amárach.

Tá na geallghlacadóirí ag tuar go mbeidh an bua ag na Tiobraid Árannaigh más ar éigean féin é. Ní chuirfidh sé sin mórán imní ar Cody agus a chomhghleacaithe, déarfainn.

Tá sé thar a bheith deacair léamh ceart a dhéanamh ar an gcluiche nó tuar a bhféadfaí brath air a dhéanamh. Más fúinn cás maith a dhéanamh do Thiobraid Árann, d’fhéadfaimis a rá gur fearr an seans a bheidh acu ná na Cait má éiríonn leo a chinntiú gur cluiche ‘oscailte ‘ a bheidh ann. Ach má imríonn na Cait mar a rinneadar in aghaidh Luimnigh, bhuel is beag seans go mbeidh aon imirt ró-oscailte ann. An cheist mhór do Chill Chainnigh ná an féidir leo an caighdeán an-ard imeartha sin a bhaint amach arís.

Maidir le Tiobraid Árann agus a gcluiche leathcheannais siúd, bhuel caithfidh go ndearna an taispeántas an-chuid maitheasa dá sícé mar bhí orthu teacht aniar a dhéanamh cúpla uair agus sheas siad an fód sa bhearna bhaoil nuair ba ghá. Bhí sé suntasach freisin gur scóráil ceathrar de na hionadaithe a tháinig isteach.  Bhí an sórt sin taispeántais ag teastáil i ndiaidh do Luimneach greadadh a thabhairt dóibh i gcluiche ceannais na Mumhan agus i ndiaidh dóibh taispeántas leamh a thabhairt i gcoinne Laoise sna babhtaí ceathrú ceannais. Ní dóigh go raibh ardmhuinín i measc na n-imreoirí ná a lucht leanta ag dul isteach sa chluiche leathcheannais.

Dar ndóigh tá mórán ag brath ar thaispeántais TJ Reid agus Colin Fennelly agus pé imreoirí a bheidh á marcáil. I gcás na dTiobraid Árannach, beidh mórán ag brath freisin ar an tionchar a bheidh ag na Mahers ar chúrsaí. Má bhíonn an triúr acu i mbarr a réime, seans maith go bhfaighidh tosaithe Thiobraid Árann soláthar maith. Dar ndóigh tá aonad tosaithe dainséaracha, tapa, ealaíonta cruinn acu agus má fhaigheann siad a ndóthain seilbhe gach seans gurb é Seamus Callanan a bheidh ag ardú an choirn.

Ar a shon sin is uile, nuair is iad Cill Chainnigh a bhíonn mar fhreasúra agat, is minic a théann na dea-phleananna go léir agat chun siobarnaí.

Ar ndóigh ar an bpáirc féin agus ní i gcolúin nuachtáin ná ar chláir chainte a shocrófar cé aige a bheidh an bua amárach, ná an chéad lá eile más gá athimirt.

Tá leisce orm tuar a dhéanamh agus a bheith ag cur gothaí na cinnteachta orm féin ach bheinn ag ceapadh gur Sliabh na mBan a bheidh le cloisteáil i bPáirc an Chrócaigh nuair a bheidh deireadh déanta.

Fág freagra ar 'An mbeidh na Cait chomh maith céanna arís?'