‘An mbeidh muid ceart go leor, Mamaí?’ – bhí an diabhal toradh ar an PCR dearfach

Chuala mé an bíp ar an bhfón agus léigh an téacs a tháinig leis an scéala – bhí an Covid tagtha chun an tí

‘An mbeidh muid ceart go leor, Mamaí?’ – bhí an diabhal toradh ar an PCR dearfach

Bhí an chuid is mó de cheithre lá caite sa teach againn nuair a tháinig an deimhniú ar an tástáil PCR. Toradh dearfach. Is dóigh go bhfuil a fhios agat, i gcás na tástála PCR is drochscéala é an toradh dearfach, ní hionann agus torthaí dearfacha eile a d’fhéadfá a fháil i do shaol.

Toradh dearfach ar an ardteist, bí ag ceiliúradh. Toradh dearfach ar an scrúdú tiomána agus is gearr go mbeidh do cheadúnas agat agus bóithre oscailte amach romhat. Ach toradh dearfach ar an tástáil PCR is ná leag do chos taobh amuigh den doras go ceann seachtaine nó os a cionn.

Chuala mé an bíp ar an bhfón agus léigh an téacs a tháinig leis an scéala. ‘Tá an diabhal rud dearfach!’ a dúirt mé gan cuimhneamh orm féin.

‘An mbeidh muid ceart go leor, Mamaí?’ a d’fhiafraigh an Babaí díom agus é ag déanamh orm ag iarraidh barróige. ‘Beidh a leainín,’ a dúirt mé, ‘níl an ceann seo róláidir, ná bíodh aon imní ort.’

Is furasta dearmad a dhéanamh go bhfuil an phaindéim ag dul ar aghaidh leis an gceathrú cuid dá shaol anois agus ní haon údar iontais é go mbeadh beagáinín faitís ar pháistí óga nuair a chloisfidís go raibh an víreas tagtha chomh fada linn sa deireadh thiar. Chonaic mé a shúile ag líonadh le deora agus é ag iarraidh cuma an mhisnigh a chur ar a éadan.

‘Dáiríre atá mé,’ a dúirt mé leis, ‘níl aon chall imní duit. An t-aon rud é ná go mbeidh orainn seachtain nó mar sin a chaitheamh sa mbaile agus fanacht glan ar dhaoine eile ar feadh píosa.’

‘Céard?’ a deir an Bheainín, ‘An bhfuil tú ag rá nach bhfuil aon chead againn tada a dhéanamh?’

‘Níl,’ a dúirt mé ag iarraidh an ghoimh a bhaint as, ‘tá muid in ann go leor rudaí a dhéanamh ach caithfidh muid cuimhneamh ar rudaí le déanamh agus muid sa mbaile.’

Is ansin a chonaic mé na deora ag líonadh ina súile féin.

Tá sé deacair éalú uaidh i mbliana. Caithfear a bheith buíoch beannachtach nach bhfuil aon duine róthinn agus cuimhneamh ar na daoine atá go dona tinn agus biseach a ghuí orthu.

De réir mar a d’imigh na laethanta chuir muid eolas ar na treoirlínte atá leagtha amach ar shuíomh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

D’ól muid go leor tae. D’oscail muid bosca eile Cadbury’s Heroes ó stór na Nollag. Léigh muid  treoracha do na cásanna éagsúla ag iarraidh a fheiceáil cén uair a mbeadh cead amach arís againn.

Bhreathnaigh muid ar an teilí. Rinne muid an crosfhocal i Woman’s Way. Chríochnaigh muid an cáca Nollag.

Léigh muid tuilleadh de na treoirlínte ag iarraidh a fháil amach cén cás lenar bhain muid. Céard a bhí le déanamh agat sa gcás is go mbeadh an vacsaín faighte agat, nó dá mbeadh an vacsaín faighte agat is nach bhfuil an teanndáileog faighte, nó tá an teanndáileog faighte ach tá sé níos lú ná seacht lá ó fuair tú í, má tá siomptóim agat is níl an teanndáileog faighte, má tá tú os cionn dhá scór, faoi dhá scór…

D’ól muid tuilleadh tae. D’oscail muid an dara bosca Heroes. 

Fág freagra ar '‘An mbeidh muid ceart go leor, Mamaí?’ – bhí an diabhal toradh ar an PCR dearfach'