An mbeidh cúlaithe Chorcaí ábalta don dúil sna cúil atá ag na Déise?

Tabharfaidh an dara foireann is fearr sa tír aghaidh ar thánaistí chraobh na bliana seo caite i gcluiche ceannais na sraithe anocht

An mbeidh cúlaithe Chorcaí ábalta don dúil sna cúil atá ag na Déise?

Darragh Lyons. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Beimid ar ais i Staid Semple anocht agus an chéad mhórdhuais den séasúr iomána le buachan. 

Tá léirithe ag an dá chontae a bheidh san iomaíocht, Corcaigh agus Port Láirge, ó thosach na sraithe go bhfuil siad lándáiríre faoin gcomórtas.

Sa chéad chluiche leathcheannais seachtain ó shin thosnaigh Corcaigh mall go leor i gcoinne Chill Chainnigh ach chloíodar leis an gcóras agus d’fhanadar sa chluiche cé go raibh na Cait pas beag níos fearr ná iad i gcéad leath a bhí leamh go leor. 

A mhalairt ar fad a tharla sa dara leath nuair a bhí caighdeán na himeartha i bhfad níos airde agus cuma na craoibhe uirthi.

Bhí seacht nóiméad fágtha nuair a chuaigh Corcaigh chun tosaigh den chéad uair agus léirigh siad an mianach atá iontu chun an cluiche a bhuachan. Is minic thar na blianta go raibh an bua ag an deireadh ag Cill Chainnigh i gcluichí idir dhá chontae a bhí cothrom ag dul isteach sa ceathrú dheireanach. 

Ach anuraidh i gcluiche leathcheannais na hÉireann bhuaigh Corcaigh freisin.

Déanfaidh na buanna sin an-mhaitheas do mhuinín na foirne anocht agus don séasúr craoibhe atá ar leac an dorais.

Sa chluiche leathcheannais eile tráthnóna Dé Domhnaigh bhí an-bhua ag Port Láirge ar Loch Garman agus thug na Déise taispeántas thar a bheith slachtmhar uathu. Bhí sé an-soiléir ón tús go raibh siad ar thóir cúl agus cé gur chríochnaíodar le cúig cinn d’fhéadfadh ocht gcinn a bheith faighte acu murach ardtaispeántas chúl báire na gCarmannach, Mark Fanning. (Sea, tá a fhios agam gur lig sé isteach cúig cinn). An t-aon chor a bhí sa cluiche agus sa bhua iontach dos na Déise is dócha ná easpa smachta Austin Gleeson ag an deireadh. Ní hé seo an chéad uair ag Gleeson a thaispeáint go bhfuil sé teasaí ach bhí an eachtra seo amaideach agus iad chomh fada sin chun cinn ar chlár na scór agus gan ach cúpla nóiméad fágtha .

Ach tá painéal láidir á thógaint ag Liam Cahill agus é ina thríú bliain sa phost.

Cinnte braithfidh siad uathu Austin Gleeson ach tá a ndóthain imreoirí maithe acu chun an cluiche seo a bhuachaint anocht.

Ach an mbuafaidh siad é? Bhuel, agus leantóirí Chorcaí ag fágaint Pháirc an Chrócaigh mí Lúnasa seo caite (cuid acu i bhfad roimh an fhead deiridh) agus greadadh faighte acu ó Luimneach, is beag duine díobh a cheap go mbeidís ar ais i gcluiche ceannais eile chomh luath san. 

Maidir le Port Láirge is féidir a rá gurb iad an dara foireann is fearr sa tír ó thosnaigh Cahill sa phost. 

Mar sin is dócha gur féidir a rá go bhfuil an dara foireann is fearr sa tír i gcoinne na n-éilitheoirí ar an gcoróin agus an fhoireann is fearr sa tír ag fanacht do thosach na craoibhe chun tús a chur lena n-iarracht an choróin a fháil don tríú bliain as a chéile. 

Tá an dá fhoireann ag imirt go maith agus beidh siad meáite ar an mbua a fháil. 

An mbeidh cúlaithe Chorcaí, go háirithe an líne lánchúil ábalta do luas Phort Láirge agus an dúil sna cúil atá acu? Chuir Martin Keoghan tástáil mhaith ar Dhaire O’Leary an Satharn seo caite  go dtí gur imigh sé den bpáirc gortaithe ag leath ama. Níor imir Seán O’Donoghue aon chluiche le cúpla seachtain agus fiú má bhíonn sé ag imirt ní fhéadfadh sé a bheith i mbarr a mhaitheasa.

Tá cúpla imreoir fós gortaithe ar na Déise agus d’uireasa Austin Gleeson agus na himreoirí sin is laige iad. Imríonn an dá fhoireann an stíl chéanna agus tá beirt ag uimhir a sé a d’fhéadfadh an imirt a stiúradh. Bheinn ag súil le cúpla cúl ón dá thaobh.

Is deacair buaiteoir a phiocadh. Cuireadh tástáil níos déine ar Chorcaigh seachtain ó shin agus seasfaidh sé sin leo.

B’fhéidir go mbeadh Corcaigh pas beag níos láidre agus na Déise d’uireasa roinnt imreoirí tábhachtacha.

Tá an cluiche seo anocht tábhachtach ach tá na cinn chraoibhe coicís ó amárach níos tábhachtaí. Beidh dea-thaispeántais níos tábhachtaí ná an bua do na bainisteoirí, rud éigin a thabharfaidh muinín agus spreagadh breise do na foirne don chraobh.

Fág freagra ar 'An mbeidh cúlaithe Chorcaí ábalta don dúil sna cúil atá ag na Déise?'