An mbeidh beirt chomharbaí ar Arlene Foster?

Poots nó Donaldson a bheidh mar cheannaire an DUP, ach cé a bheidh mar chéad-aire?

An mbeidh beirt chomharbaí ar Arlene Foster?

An mbeidh beirt chomharbaí ar Arlene Foster?

Beidh sé stairiúil. Cuma cé a thoghfar mar cheannaire ar an DUP, Edwin Poots nó Jeffrey Donaldson, is cor nua ar fad a bheidh ann mar ní raibh toghchán don phost ann ariamh cheana. Roghnaíodh Peter Robinson mar chomharba ar bhunaitheoir an pháirtí, an tUrramach Ian Paisley agus roghnaíodh Arlene Foster i gcomharbacht ar Robinson cúig bliana go leith ó shin.

Neach difriúil ar fad a bheidh sa cheathrú ceannaire, an chéad cheannaire tofa, cé go bhfuil líon na dtoghthóirí an-bheag. Ach an dtiocfaidh an fear sin ina chomharba ar Arlene Foster mar Chéad-Aire? Gan dabht is post mór le rá i saol an Tuaiscirt é ceannaireacht an phríomhpháirtí aontachtaigh, bíonn tionchar mór ag an gceannaire ar chúrsaí lasmuigh den DUP. Tá an cur chuige i leith roinnt na cumhachta cinniúnach. 

Ach sí an chéad-aireacht an post is tábhachtaí ó thaobh an phobail fré chéile, ról nach mbeidh tóir ag ceachtar den bheirt iarrthóirí ar cheannaireacht an DUP air is cosúil.

Chuir Edwin Poots, Teachta Tionóil ó Ghleann an Lagáin tús lena fheachtas taobh istigh de cheithre huaire fichead tar éis fhógra Arlene Foster go n-éireodh sí as ceannaireacht an DUP ag deireadh na míosa seo agus as an gCéad-Aireacht ag deireadh na míosa seo chugainn. Ceist eile ar fad í an bhfaighidh sí cead fanacht i gceachtar oifig an fhad sin. Ba chosúil go raibh buntáiste ag Poots mar go raibh a fheachtas réamhphleanáilte agus eagraithe sa chaoi go bhféadfadh sé gníomhú ar an toirt. Bhí a lucht tacaíochta ag cur fístéipeanna amach ar na meáin shóisialta ar feadh cúpla lá ag tabhairt le fios go raibh tacaíocht an mhóraimh aige cheana féin.

Ar an Domhnach thug foinse as campa Poots le fios don nuachtán Sunday Life go dteastódh óna n-iarrthóir díriú ar athchóiriú an pháirtí agus nach mbeadh sé ina Chéad-Aire. 

Bíodh sé fíor nó bréagach baineadh croitheadh as daoine nuair a tuairiscíodh gurb é Paul Givan, an fear a chuir an lasair sa bharrach faoin nGaeilge aimsir na Nollag 2016 nuair a chuir sé bac ar phingineacha Líofa, a rogha don phost. 

Seans gur bhotún ab ea é a bheith ag rá go raibh na postanna sa bhFeidhmeannas socraithe ag Poots cheana féin. D’fhág sin nach raibh féiríní ar bith le tairiscint d’ionadaithe a bheadh ag athrú a n-intinn, ag bogadh i dtreo Donaldson. 

Faoi mhaidin Dé Luain, nuair a d’fhógair Sir Jeffrey Donaldson go mbeadh sé ina iarrthóir don gceannaireacht ba chosúil go raibh cuid den ghal imithe as feachtas Poots. Bhí dhá léamh air sin. Dúirt lucht tacaíochta Poots gurb amhlaidh go raibh móramh de 36 vótóir aige cheana féin agus dúirt campa Donaldson nárbh fhíor sin agus go mbeadh dianchomórtas ann. 

Cothrom an lae céad bliain ó shin nuair a bunaíodh Tuaisceart Éireann ba ar ghéarchéim aontachtach a bhí aird na bpolaiteoirí seachas an ceiliúradh caithréimeach a bhí á éileamh acu roimh ré. Rinne Jeffrey Donaldson a dhícheall chun comóradh an chéid a fhí isteach ina iarrthóireacht. Theastaigh uaidh go mbeadh an dara céad sa Ríocht Aontaithe níos rathúla. Dhéanfaí dul chun cinn, ar sé, bunaithe ar pholaitíocht áititheach a chuirfeadh ina luí ar dhaoine gurb é a leas é a bheith san Ríocht Aontaithe. 

Má bhíonn an lá le Sir Jeffrey, feisire Parlaiminte in Westminster, ní bheidh sé in ann a bheith ina Chéad-Aire in Stormont. Nó ar a laghad ní bheadh sé in ann an dualgas a chomhlíonadh mura n-éireodh sé as a shuíochán Parlaiminte agus go gcomhthoghfaí é mar Theachta Tionóil. Chuige sin chaithfeadh duine éigin imeacht as an Tionól chun spás a dhéanamh dó agus bheadh ar an bpáirtí aghaidh a thabhairt ar fhothoghchán parlaiminte i nGleann an Lagáin áit a raibh laghdú mór ar a dtacaíocht in 2019. Ní nach ionadh níl aon duine ainmnithe mar rogha Donaldson don chéad-aireacht.

Táthar ag breathnú ar an gcomórtas idir an bheirt ionadaithe ó Ghleann an Lagáin – a bhfuil oifig roinnte acu i Lios na gCearrbhach – mar iomaíocht idir campa bunchreidmheach na heite deise Poots agus grúpa nua-aoiseach measartha Donaldson. Tá daoine a mholann Poots ag rá nach mór sainiúlacht an pháirtí a tharrtháil ó riarthóirí agus lucht athchóirithe. Sin iad an dream, dar leo, a bhí i réim faoi cheannas Peter Robinson agus Arlene Foster. 

Tá lucht tacaíochta Poots ag meabhrú do dhaoine gur ón UUP in éineacht le Arlene Foster a tháinig Jeffrey agus iad ag glaoch iarrthóir an leanúnachais air. Níl sé soiléir go mbeadh Donaldson níos measartha ná Poots cé go gceaptar go mbeadh sé níos deisbhéalaí. Tá béim á leagan ag Donaldson ar a dhiongbháilteacht maidir le cealú an Prótacail iar-Bhreatimeachta, ach ní thig leis féin an milleán a sheachaint faoi na botúin a rinne an páirtí in Westminster i dtaca leis an mBreatimeacht. Tá a lucht tacaíochta ag tabhairt dúshlán Poots mar gurb é, mar Aire Talmhaíochta, a bhí freagrach as feidhmiú an Phrótacail agus an t-infreastruchtúr lena aghaidh a bhunú.

Tá an dá dhream meáite gur gá dá bpolasaithe a bheith soiléir. Ba léir go ndearna laige Arlene Foster mar cheannaire, agus í á tarraingt ó thor go tom ag daoine glóracha sa pháirtí, dochar dóibh. Ach an gcloisfidh an pobal aon chuid den bplé? Níl sé sin soiléir agus is dual don DUP a ghnóthaí a rith faoi rún, (fiú i gcás sceanairt Arlene, ní fhacthas an litir ghearáin ina coinne). 

Caolseans go bhfaighimid amach go ceann seachtaine nó deich lá cad atá i ndán don DUP agus don phobal ar fad. 

Fág freagra ar 'An mbeidh beirt chomharbaí ar Arlene Foster?'