An mbeidh an teacht aniar sna hÚcránaigh teacht as na hionsaithe diúracáin?

Níl comhartha ar bith ann go mbeidh na Rúisigh sásta deireadh a chur leis na hionsaithe

An mbeidh an teacht aniar sna hÚcránaigh teacht as na hionsaithe diúracáin?

Tosaíochtaí

Dar le Joseph Stalin go bhfuil cáilíocht dá chuid féin ag an méid nó mar a deir an seanfhocal ‘is móide bhur neart bhur líon’. Is maith an seans go bhfuil na Rúisigh ag cur na teoirice sin i ngníomh san Úcráin faoi láthair. Measadh go raibh thart ar 100,000 saighdiúir slógtha san Úcráin ag tús mhí na Samhna. Ciallaíonn sé sin nach bhfuair siad mórán traenála ach ag an am céanna bhí tionchar ag na saighdiúirí breise sna láithreacha cogaidh éagsúla.

Tar éis an tslógaidh chuir na Rúisigh trúpaí slógtha chuig Luhansk chun na cosaintí ar an líne idir Svatove agus Kreminna a dhaingniú. Dúradh i dtuairisc Rúiseach amháin ón gceantar nach raibh ach 41 saighdiúir as aonad de 500 saighdiúir slógtha fágtha tar éis catha. Seans gurbh áibhéil é sin ach bhí siad in ann an líne a dhaingniú mar gheall ar na trúpaí breise. Cé go bhfuil frithionsaithe ar scála beag á ndéanamh ag na hÚcránaigh níl mórán dul chun cinn déanta acu le déanaí.

Gan mórán dul chun cinn déanta ar chathair Bakhmut i gcúige Donetsk le ceithre mhí anuas, tá na Rúisigh ag déanamh iarrachtaí anois í a thimpeallú toisc go bhfuil trúpaí slógtha breise acu. Ach tá cosaint fhíochmhar á déanamh ag na hÚcránaigh agus níl ach dul chun cinn fíorbheagán ar fhíorbheagán déanta ag na Rúisigh.

Meastar go bhfuil thart ar 50% de bhonneagar giniúna leictreachais agus teasa na hÚcráine scriosta agus go bhfuil an-damáiste déanta freisin do na córais soláthair uisce, go háirithe sna cathracha. Má leanann na hionsaithe ar aghaidh chomh minic céanna tá seans ann go dtitfidh na córais bhonneagair éagsúla go hiomlán as a chéile.

Dá bhrí sin, seachas an cogadh ar an talamh, tá na hÚcránaigh ag tabhairt tús áite d’iarrachtaí chun córas frithdhiúracáin níos éifeachtaí a bhunú agus beidh na Rúisigh ag tabhairt tús áite d’iarrachtaí chun leanúint ar aghaidh leis na hionsaithe. Sa chúlra tá an dá thaobh ag déanamh na socruithe chun a bheith réidh le dul i mbun ionsaithe ar an talamh ar scála mór arís chomh luath agus is féidir.

Cosaint san aer

Is léir gur ábhar práinne do na hÚcránaigh cosaint níos fearr i gcoinne diúracán agus drón a chur i bhfeidhm. Úsáideann siad córas frith-aerárthaí S-300 mar an phríomhchosaint i gcoinne na ndiúracán treoraithe. Úsáideann siad gunnaí frith-aerárthaí agus diúracáin a scaoileann saighdiúirí aonair ar a dtugtar MANPADS, i gcoinne drón, go príomha.

Measadh go raibh níos mó ná 200 córas S-300 ag na hÚcránaigh ag tús an chogaidh, ach meastar nach bhfuil ach thart ar 100 fágtha. Cé go bhfuair siad córais fhrith-aerárthaí ó thíortha an iarthair le cur in áit na gcóras a chaill siad, ní bhfuair siad ach líon beag. Mar shampla fuair siad córas IRIS-T amháin ón nGearmáin, dhá chóras NASAMS ó Mheiriceá agus dhá chóras CROTALE ón bhFrainc. Tá córais bhreise geallta ach ní thiocfaidh siad go hiomlán in áit na gcinn a cailleadh.

Mar gheall ar chailleadh na S-300 ní féidir leo an chosaint chéanna a chur i bhfeidhm san aer os cionn na láithreacha cogaidh agus ciallaíonn sé sin gur féidir leis na Rúisigh a n-aerfhórsa a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí, rud atá ag tarlú le dhá mhí anuas.

De réir anailíse a rinne na hÚcránaigh, bhí thart ar 3,900 diúracán treoraithe ar fáil do na Rúisigh le linn an chogaidh go dtí seo agus tá thart ar 2,400 acu fágtha. Tá dóthain diúracán treoraithe ag na Rúisigh, gan trácht ar na dróin agus na diúracáin a mhonarófar, chun leanúint leis na hionsaithe ar bhonneagar na hÚcráine nár scriosadh go dtí seo, sa mheántéarma ar a laghad. Anuas air seo tá na mílte diúracán S-300 ar fáil dóibh. Léiríonn sé seo cé chomh práinneach agus atá sé go gcuirfidh na hÚcránaigh córas frithdhiúracáin den chaighdeán is éifeachtaí i bhfeidhm chomh luath agus is féidir. Tá comharthaí ann faoi láthair go bhfuil feabhas tagtha ar a gcuid iarrachtaí, mar dhá mhí ó shin ní raibh siad in ann ach idir 50% – 60% de na diúracáin a scriosadh, ach meastar gur scrios siad thart ar 80% sna hionsaithe is déanaí. Ach mar a luaitear go minic, ní bheidh siad in ann gach áis agus gach cathair a chosaint.

Ullmhúcháin do na chéad ionsaithe eile ar scála mór

Beidh na hÚcránaigh ag chur oiliúint ar aonaid nuabhunaithe ionas go mbeidh sé ar a gcumas ionsaithe comhardaithe a sheoladh chomh luath agus is féidir, díreach mar a rinne siad i gcúige Kharkiv san fhómhar. Anuas air sin caithfidh siad a bheith réidh leis an deis a thapú má éiríonn leo dul céim chun tosaigh in aon láthair chogaidh idir seo agus an t-earrach.

Beidh siad ag lorg trealamh míleata breise, go háirithe feithiclí armúrtha troda, le cur ar fáil do na haonaid nuabhunaithe. Tá scairdtrodairí á n-iarraidh acu freisin, ach tugadh an chluas bhodhar dá n-iarratais go dtí seo agus níl aon chomharthaí ann go gcuirfear ar fáil dóibh iad.

Tá thart ar 11 cineál córas airtléire ag na hÚcránaigh ó thíortha éagsúla agus cruthaíonn sé seo deacrachtaí soláthair agus cothabhála. Mar shampla as na 14 córas airtléire Pzh 2000 a fuair siad ón nGearmáin tuairiscítear nach bhfuil ceann ar bith acu ag feidhmiú faoi láthair mar gheall ar dheacrachtaí cothabhála. Nuair a bhíonn deacrachtaí cothabhála ag na hÚcránaigh bíonn orthu trealamh a chur ar ais chuig ionaid chothabhála i dtíortha eile. Beidh siad ag déanamh a ndíchill na socruithe seo a chuíchóiriú.

Dar leis na blagálaithe míleata Rúiseacha tá deacrachtaí soláthair, traenála agus meanman ag na Rúisigh mar gheall ar an slógadh. De réir tuairisce amháin gortaíodh nó maraíodh thart ar 300 saighdiúir in ionsaí amháin toisc go raibh na saighdiúirí slógtha chomh mí-eagraithe sin. Beidh siad ag déanamh a ndíchill na fadhbanna a bhaineann leis an slógadh a réiteach oiread agus is féidir. Fiú anois, measann an hÚcránaigh go bhfuil caighdeán na dtrúpaí slógtha atá curtha ar aghaidh chuig na láithreacha cogaidh le déanaí níos fearr ná mar a bhí siad roimhe seo.

Níl na Rúisigh ag brath ar fhoinsí éagsúla den chuid is mó chun armlón a fháil ach tá siad ag fáil drón ón Iaráin agus dar le John Kirby, urlabhraí de chuid an Choiste Slándála Náisiúnta, tá siad ag fáil armlón airtléire ón gCóiré Thuaidh. Beidh siad ag déanamh an n-ullmhúchán chun cuid de na soláthairtí seo a choimeád i dtaisce go dtí go bhfuil siad réidh le dul i mbun ionsaithe ar scála mór arís. Is comhartha iad na soláthairtí seo, freisin go bhfuil siad ag ullmhú le bheith réidh le haghaidh feachtas fada.

Iarrachtaí taidhleoireachta

Tá comharthaí ann go mb’fhéidir go bhfuil cúrsaí taidhleoireachta ag bogadh sa chúlra. Dúirt Ceann Foirne fhórsaí míleata na Stát Aontaithe le déanaí gur beag seans go mbeidh na hÚcránaigh in ann na críocha gafa a athghabháil go hiomlán agus go mb’fhéidir gurb é seo an t-am le dul i mbun cainteanna. Thart ar an am céanna thug Comhairleoir Slándála Náisiúnta na Stát Aontaithe cuairt ar Kyiv den chéad uair riamh. Ina theannta sin, thug Uachtarán na Fraince cuairt ar Washington seachtain ó shin agus de réir an ráitis a eisíodh moladh gur chóir na línte teagmhála le Putin a choimeád ar oscailt. D’fhéadfadh sé gur comhtharlúintí iad seo ach tá seans ann go bhfuil iarrachtaí taidhleoireachta ag tarlú.

Leanfaidh na Rúisigh ar aghaidh leis na hionsaithe diúracán agus drón chun brú a chur ar bhonneagar poiblí agus míleata na hÚcráine agus b’fhéidir chun fadhbanna imirce breise a chruthú do thíortha san Eoraip ionas go gcuirfidh siadsan brú ar an Úcráin. Tá roinnt ceisteanna móra anois ann. An mbeidh an teacht aniar sna hÚcránaigh chun teacht slán as na hionsaithe diúracáin? an mbeidh siad in ann brú cáiréiseach faoi réiteach taidhleoireachta a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint? An mbeidh siad réidh le dul i mbun frithionsaithe ar scála mór san athbhliain? Níl comharthaí ar bith ann nach mbeidh.

Anuas air sin níl comhartha ar bith ann go mbeidh na Rúisigh sásta deireadh a chur leis na hionsaithe. Go deimhin is a mhalairt atá i gceist.

Fág freagra ar 'An mbeidh an teacht aniar sna hÚcránaigh teacht as na hionsaithe diúracáin?'