An mbeidh airgeadra nua ann le dul i gcomórtas leis an dollar?

Cé gurb é an dollar Meiriceánach an rí i gcónaí tá tíortha go leor buartha faoin leas polaitiúil atá á bhaint ag Meiriceá as ról an dollair agus tá rogha eile á beartú

An mbeidh airgeadra nua ann le dul i gcomórtas leis an dollar?

Aithnítear an baol atá ann don gheilleagar domhanda de bharr Covid-19, agus an cúlú eacnamaíochta atá ag eascairt as. Ach níl mórán cainte faoin ngéarchéim atá ag bagairt ar an gcóras idirnáisiúnta airgeadra.

Is é an dollar Meiriceánach an rí i gcónaí agus den chuid is mó, socraítear íocaíochtaí idir tíortha le dollair.

Ach, tá luach an dollair ag dul i laghad go mór i gcomparáid, mar shampla, leis an ór. Comhartha é sin den dochar atá i ndán do gheilleagar Mheiriceá de bharr an chogaidh trádála, ach comhartha é freisin den chaoi a bhfuil Meiriceá ag baint leas as an dollar le brú a chur ar thíortha eile – iadsan atá faoi smachtbhannaí, cosúil leis an Iaráin, an Veiniséala agus Cúba; agus iadsan atá i gcomórtas le Meiriceá ó thaobh na heacnamaíochta is na polaitíochta de, mar atá an tSín agus an Rúis.

Bheadh na tíortha sin i bhfad níos fearr as dá mbeadh córas airgeadra idirnáisiúnta eile ann, ach an féidir a leithéid a chruthú a bheadh ábalta dul i gcomórtas leis an dollar? Táthar ag caint faoina leithéid le roinnt mhaith blianta, go háirithe na tíortha sin a dtugtar BRICS orthu, is iad sin an Bhrasaíl, an Rúis, an India, an tSín agus an Afraic Theas.

Tháinig siad sin le chéile ar dtús in 2009 ar imeall chruinniú an G20. Tíortha ab ea iad nach raibh i bpóca na Stát Aontaithe, agus nach raibh róshásta le ceannas Mheiriceá ar chúrsaí eacnamaíochta domhanda. Tá siad fós ag obair le chéile, in ainneoin go ndeachaigh an Bhrasaíl ar an eite dheis nuair a tháinig Jair Bolsonaro i gceannas mar uachtarán agus go bhfuil coimhlint idir an India agus an tSín.

Bunaíodh Banc Forbartha Nua lena chinntiú go mbeadh neamhspleáchas airgeadra ag an ngrúpa, agus Cúlchiste Teagmhais a chuirfeadh cabhair ar fáil, amhail an Eagraíocht Dhomhanda Airgeadais (IMO) cúig bliana ó shin.

Ag an am sin ní raibh an tSín ag iarraidh dul ar aghaidh róghasta mar níor theastaigh uathu cur isteach ar a gcuid trádála le Meiriceá, ach i bhfianaise a bhfuil ar siúl ag Trump faoi láthair agus ó tharla nach bhfuil aon mhuinín acu go mbeadh Biden pioc difriúil, tá na Sínigh agus na Rúisigh ag cur dlús le scéal an airgeadra.

Mar léiriú air sin, sa chéad ráithe den bhliain seo, níor baineadh leas as an dollar le híocaíochtaí a shocrú idir an dá thír ach i 46% de na cásanna, i gcomparáid le 90% cúig bliana ó shin. Rinne siad 30% de na híocaíochtaí leis an euro agus 24% lena gcuid airgeadraí náisiúnta féin.

Deir Alexey Maslov, ón Institiúid Rúiseach um Chúrsaí na hÁise, go bhfuil an dá thír ag an bpointe anois go mbeidís in ann airgeadra nua idirnáisiúnta a bhunú.

Gan dabht chuirfeadh gach stát atá faoi smachtbhannaí ag na Stáit Aontaithe fáilte mhór roimh airgeadra nua, ach bheadh sé tarraingteach freisin do thíortha eile san Afraic agus san Áise atá ag éirí buartha faoin leas polaitiúil atá á bhaint ag Meiriceá as ról an dollair.

Bhíodh súil ag na hEorpaigh tráth go bhféadfadh an ról sin a bheith ag an euro, ach óna thús ba ar riachtanais pholaitiúla seachas ar riachtanais eacnamaíochta a bhí an euro bunaithe. Is léir ag an tráth seo go bhfuil an oiread sin deacrachtaí ag baint le bainistiú an airgeadra sin gur ar éigean a d’fhéadfadh muinín a bheith ag duine go seasfaidh sé, ní áirím é a bheith in ann an fód a sheasamh ar an stáitse idirnáisiúnta.

Ar ndóigh bheadh an córas nua bunaithe ar renminbi na Síne, ós ag an tSín atá an geilleagar is láidre de na BRICS ar fad. I ndáiríre níl na cúrsaí seo ach ina dtús, ach má éiríonn leis, is dócha go mbeidh dhá chóras dhomhanda ann i gcás réimsí éagsúla: airgead infheistíochta, ola, amhábhar mianraí agus eile.

Tá an chosúlacht ann freisin go mbeidh na Sínigh ag cur dlús lena scéim ‘Crios is Bóthar’ a chuireann infheistíocht ar fáil do thíortha eile. Tá sé róluath a rá go fóill cé aige a bheidh an bua, ach má leanann na Stáit Aontaithe orthu ag brath ar bhulaíocht seachas trádáil fhiúntach leis na BRICS, is deacair a fheiceáil cén chaoi a mbuafaidh Meiriceá an cath seo.

Ní mór filleadh ar na bunchéimeanna, is é sin go gcaithfidh Meiriceá (agus an Eoraip a bhíonn i gcónaí faoina thionchar) iarracht a dhéanamh ceannas a fháil arís ar an nuálaíocht. Ach níl Trump nó Biden ag caint faoina leithéid d’iarracht.  Tá a muinín ar fad á cur ag an dá champa sa mbulaíocht.

Céard fúinne sa tír seo agus an saol nua seo atá á nochtadh féin os comhair ár gcuid súl?

Bhuel, níl a fhios againn mar níor inis an tAontas Eorpach dúinn go fóill cén dearcadh ba chóir dúinn a bheith againn!

Fág freagra ar 'An mbeidh airgeadra nua ann le dul i gcomórtas leis an dollar?'