An mbeadh spéis agat a bheith ar Bhord na Taibhdheirce? Folúntais fógartha go poiblí den chéad uair…

Tá Amharclann Náisiúnta na Gaeilge ag tabhairt cuireadh don phobal den chéad uair iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht a boird

An mbeadh spéis agat a bheith ar Bhord na Taibhdheirce? Folúntais fógartha go poiblí den chéad uair…

Den chéad uair riamh, tá An Taibhdhearc ag glacadh le hiarratais ó dhaoine ar suim leo a bheith ar Bhord na hamharclainne.

Ceathrar ball nua a bheidh á n-earcú ar bhord na hamharclainne, agus a leithéid d’fholúntais á bhfógairt go poiblí den chéad uair. 

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Aodh Ó Coileáin, a ceapadh ina Chathaoirleach ar an bhord le déanaí, go bhfuil sé sásta cuireadh a thabhairt do dhaoine ar mhaith leo a bheith páirteach i bhforbairt na Taibhdheirce a n-ainm a chur chun cinn.

“Níor tharla sé seo cheana. An rud a bhíodh sna hamharclanna agus sna heagraíochtaí ealaíon ar fud na hÉireann ná go roghnóidís daoine le teacht ar an mbord, ní bhídís ag fógairt na ról sin go poiblí. Tá mé sásta go bhfuil an Taibhdhearc chun cinn sa ghné seo.

“Tá go leor eagraíochtaí in Éirinn go bhfuil daoine sáinnithe ar an mbord le fada an lá, go mórmhór i saol na Gaeilge. Tá a saol caite acu san áit chéanna agus níl sé sin sláintiúil d’aon eagraíocht,” ar sé.

Dúirt an cathaoirleach nua go rachadh ‘fuil úr’ chun leas na Taibhdheirce agus gurbh iontach an deis é do dhaoine ar mhaith leo tionchar a imirt ar chlár ealaíona nua na hamharclainne, agus ar imeachtaí na hamharclainne trí chéile.

Tá daoine á lorg a bhfuil taithí acu i réimse na n-ealaíon, na margaíochta, an ghnó agus an dlí agus cé go bhfuil fáilte á cur roimh iarrthóirí de gach aois, bheadh fáilte ar leith roimh dhaoine faoi 30 bliain d’aois.

Agus clár ealaíona nua “á bhrú chun cinn” aige, dúirt Ó Coileáin go bhfuil sé ag iarraidh “i bhfad níos mó” drámaí Gaeilge a chur ar stáitse, ina measc Dearúd na Fola, an dráma deireanach a scríobh Aodh Ó Domhnaill, a bheas á léiriú ag Aisteoirí Bulfin tar éis an tsamhraidh agus ‘BAOITE’ le Darach Mac Con Iomaire, léiriú gairmiúil a bheas ar siúl sa Taibhdhearc i mí Iúil mar chuid d’Fhéile Ealaíne Idirnáisiúnta na Gaillimhe.

Mar chuid de na spriocanna nua atá leagtha síos aige don Taibhdhearc, tá Ó Coileáin ag iarraidh cumann drámaíochta na n-óg a athbhunú. Chuige sin, tá sraith ceardlanna drámaíochta do dhaoine óga idir 7-11 agus 12-16 beartaithe sa samhradh.

Chomh maith leis sin, tá scríbhneoir á lorg ag an Taibhdhearc le script geamaireachta Nollag a chur ar fáil agus glacfar le hiarratais ina thaobh sin go dtí an 13 Aibreán. 

Faoi láthair tá seachtar ar bhord na Taibhdheirce; Aodh Ó Coileáin, Mícheál Ó Meallaigh, Joe Maude, Máire Ní Chonláin, Deirbhile Ní Bhrolcháin, Noeleen Boylan agus John Ford.

Beidh naonúr ar an bhord nuair a cheapfar an ceathrar ball nua, agus é fógartha go mbeidh Noeleen Boylan agus John Ford ag éirí as.

An 13 Aibreán an lá deireanach ar féidir iarratas a dhéanamh ar áit ar an bhord.

Fág freagra ar 'An mbeadh spéis agat a bheith ar Bhord na Taibhdheirce? Folúntais fógartha go poiblí den chéad uair…'